An Saighdeoir (réaltbhuíon)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Saighdeoir)
An Saighdeoir (réaltbhuíon)
Sagittarius
Sagittarius
NodSgr
Ginideach LaidineSagittarii
Siombalaíochtan Boghdóir
Dronairde19 h
Diallas−25°
Achar867 céim cearnach
Céim 15ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
5
Réalta is gileKaus Australis (ε Sgr)
(méid 1.9)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +55° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon an stoidiaca é An SaighdeoirSagittarius, a léirítear go coitianta mar cheinteár agus bogha á rí aige. Sagittarius an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn boghdóir. Tá Sagittarius suite idir an Scairp, atá ar an taobh thiar de, agus an Gabhar, atá ar an taobh thoir de. Déanann na réaltaí is gile dá chuid pictiúr so-aitheanta de thaephota.

Tugadh ainm an tSaighdeora fosta ar réaltra a aimsíodh le gairid, Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora, atá lonnaithe díreach taobh amuigh de Chóras Bhealach na Bó Finne.

Is so-aitheanta an réaltbhuíon seo mar gheall ar an astaireacht dá ngairtear an Taephota. Déanann na réaltaí Kaus Media (δ), Kaus Australis (ε), Ascella (ζ) agus φ Sgr an phríomhchuid den phota; is í Kaus Borealis (λ) an pointe ar bharr an chlaibín; is í Alnasl (γ) rinn an ghob; agus is iad Nunki (σ) agus τ Sgr an chluas.

Ní hí α Sgr, nó Rukbat, an réalta is gile ar an réaltbhuíon seo ar chor ar bith, gan bheith di ach ar méid 4.0.

Is dlúithe Bealach na Bó Finne ar dhul dó tríd an Saighdeoir, óir is anseo atá lár an Réaltra lonnaithe. Dá bhrí sin, is iomaí réaltbhraisle agus réaltnéal atá le fáil ar an Saighdeoir.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

córas pláinéadach i Sagittarius

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • M8: sa réaltbhuíon seo tá réaltnéalta le fáil go hiomadúil; tá Réaltnéal an Mhurlaigh (M8) in aice le λ Sgr agus go hálainn le feiceáil tríd an teileascóp
  • M17: tá Réaltnéal Omega (dá ngairtear freisin Réaltnéal na hEala agus Réaltnéal an Chrú Chapaill) in aice na teorann leis an Sciath
  • M20: réaltnéal mór a bhfuil a lán réaltaí ann atá an-óg agus an-te
  • M22: réaltbhraisle chruinneogach
  • M23: réaltbhraisle oscailte
  • M55: réaltbhraisle oscailte; tá M55 ar na réaltbhraislí is gile dá bhfuil infheicthe ar realtbhuíon an tSaighdeora; tá sí amuigh is istigh ar 7.5° siar ó δ Sgr.
  • Sagittarius A: tá an radafhoinse aimhréiteach dá ngairtear Sagittarius A a bhfuil baint aici le lár an Réaltra lonnaithe fosta ar an réaltbhuíon seo. Dar leis an lucht réalteolaíochta go bhfuil dúpholl for-ollmhór istigh inti.
Sagittarius agus Corona Australis, Microscopium, agus Telescopium

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá scothchosúlacht cipínigh ar an Saighdeoir a bhfuil bogha á rí aige; agus má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire, is cosúil go bhfuil corp capallach ag an mboghdóir seo. D'aithin na Sean-Ghréagaí a leithéid d'íomhá mar cheinteár, cé gur ionannaigh sibhialtachtaí níos luaithe (na Bablónaigh, mar shampla) leis an dia Pabilsag (a raibh sciatháin agus ceann leoin aige fosta) é.

De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí an Saighdeoir uaireanta le Céarón, agus é ag díriú a bhogha ar an Scairp, cé go n-ionannaítí Céarón níos minice le réaltbhuíon an Cheinteáir. Uaireanta d'ionannaítí réaltbhuíon na Saighde leis an saighead a scaoil an Saighdeoir.

I measc ionannaithe luatha eile faightear an crothal, a bhfuil scothchosúlacht ag na réaltaí is gile leis má chuirtear go léir san áireamh iad. Mar sin, is cosúil go bhfuil baint éigin ag an Saighdeoir, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (go sonrach an Eala, an Lir agus an tIolar)) le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hionann comhartha astralaíoch an tSaighdeora a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (22 Samhain 22 - 21 Nollaig) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (18 Nollaig - 18 Eanáir).

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Saighdeoir le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Leon). Tá an Saighdeoir freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, na Maighdine agus na nIasc). Is é Iúpatar is pláinéad ceannasach leis, agus is é an Cúpla is frithchomhartha polach leis. Is é an Saighdeoir áitreabh Iúpatair.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Saighdeoir na corróga agus na ceathrúna.

Is é an ceinteár nó an boghdóir a úsáidtear mar shiombail an tSaighdeora is.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria

an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt


Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois

an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir