An tAonbheannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tAonbheannach
an tAonbheannach
an tAonbheannach
Ainm Laidine (IAU)Monoceros
NodMon
Ginideach LaidineMonocerotis
Siombalaíochtan t-aonbheannach
Dronairde7.15 h
Diallas−5.74°
Achar482 céim cearnach
Céim 35ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Monocerotis
(méid 3.93)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +75° agus −85°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon dhoiléir é ar spéir na hoíche geimhridh an tAonbheannach. Tá réaltbhuíon an Bhodaigh ar an taobh thiar de, an Cúpla ar an taobh ó thuaidh, an Madra Mór ar an taobh ó dheas, agus an Phéist Uisce ar an taobh thoir. Ina measc réaltbhuíonta eile atá teorainn ar theorainn leis faightear an Madra Beag, an Giorria agus Deireadh na Loinge. Is é Monoceros, a chiallaíonn aonbheannach, an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé go dtagann an focal seo ó bhunús ón nGréigis.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réaltbhuíon an Aonbheannaigh beagnach dofheicthe, gan ach cúpla réalta dá cuid ar an gceathrú méid. Tá α Mon ar amharcmhéid 3.93, beagáinín níos gile ná γ Mon, atá ar méid 3.98. Ach tá cúpla réad spéisiúil le feiceáil ar an réaltbhuíon seo le cuidiú teileascóip bhig.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • NGC 2244: réaltbhraisle oscailte infheicthe i measc Réaltnéal an Róiséid
  • NGC 2264: réaltnéal agus réaltbhraisle dá ngairtear freisin an Crann Nollag

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh. Síltear go coitianta gurbh é an réalteolaí agus an diagaire Freaslannach Petrus Plancius a ainmniú sa bhliain 1613 í agus gur chuir an réalteolaí Gearmánach Jakob Bartsch ar léarscáil neamhaí í mar "Unicornus" sa bhliain 1624; ach dar le Heinrich Wilhelm Olbers agus Ludwig Ideler tá an réaltbhuión seo i bhfad níos sine ná sin agus luaitear i saothair éagsúla í chomh luath agus an bhliain 1564; ta sé ina scéala fosta gur aimsigh Joseph Scaliger ar sheanchruinneog neamhaí Pheirseach í sa séu aois déag.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í réaltbhuíon an Aonbheannaigh, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht chlasaiceach léi. De réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, áfach, b'ainmhí miotasach é an t-aonbheannach ab ionann leis an gcapall murach go raibh adharc bhíseach amháin ar a éadan. Bhí sé ina scéala go raibh adharc an aonbheannaigh ina nimhíoc ar gach nimh. D'fheictí an t-ainmhí go minic mar shiombail na geanmnaíochta is na híonachta.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
1/V474 Mon 6.15; 2 Mon 5.04; 3 Mon 4.92; 5/γ Mon 3.99; 6 Mon 6.76; 7 Mon 5.27; 8/ε Mondúbailte 4.39, 6.72; 9 Mon 6.50; 10 Mon 5.06; 11/β Mon – tríréalta 4.70, 5.40, 5.60; 12 Mon 5.88; 13 Mon 4.47; 14 Mon  6.44; 15/S Mon 4.62; 16 Mon 5.92; 17 Mon 4.77; 18 Mon 4.48; 19/V637 Mon 4.99; 20 Mon 4.91; 21/V571 Mon 5.44; 22/δ Mon 4.15; 24 Mon 6.42; 25 Mon 5.14; 26/α Mon 6.15; 27 Mon 4.93; 28/V645 Mon 4.69; 29/ζ Mon 4.36
Réaltaí suntasacha eile:


Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.



Réaltbhuíonta a chruthaigh Petrus Plancius agus a thug isteach Jakob Bartsch sa téacs Usus Astronomicus Planisphaerii Stellati sa bhliain 1624

an Colm | an Sioráf | an tAonbheannach


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir