An Eala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Eala

an Eala

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Cygnus
Ginideach Laidine Cygni
Nod Cyg
Siombalaíocht an Eala
Dronairde 20.62 h
Diallas +42.03°
Achar 804 céim cearnach
Rangú: 16ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gile Deneb (α Cyg)
(méid 1.25)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair

Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Eala. Is é Cygnus, a chiallaíonn "eala", an t-ainm Laidine a thugtar uirthi. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. De bharr chuma a príomhréaltaí, gairtear Cros an Tuaiscirt di uaireanta (i gcontrárthacht le Cros an Deiscirt).

I rith an tsamhraidh, spréann an t-éan seo a sciatháin thar Bhealach na Bó Finne, faoi mar atá sé ag eitilt ó dheas.

Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Is iomaí réalta gheal atá ar an Eala.

  • β Cyg: tá Albireo suite ar ghob na heala. Is ceann de na réaltaí dhúbailte is áille sa spéir í, réalt órga atá indealaithe gan dua trí theileascóp béag óna compánach gorm.

Ina dteannta siúd, is iomaí réalta athraitheach atá ar réaltbhuíon na hEala, ina measc 31 Cyg, 32 Cyg, P Cyg, Y Cyg, SS Cyg, XX Cyg agus V508 Cyg.


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]

Tá a lán réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil ar an Eala, mar gheall ar a suíomh ar phlána Bhealach na Bó Finne.

  • NGC 7000: faightear an réada seo, dá ngairtear Réaltnéal Mheiriceá Thuaidh, beagán taobh thoir de Deneb. Trí ghrianghrafanna is fearr a mheastar cé chomh cosúil leis an mór-roinn sin agus atá an réaltnéal seo.


Stair agus miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

Tá scothchosúlacht éin ar an réaltbhuíon seo, éín leathansciathánaigh fadmhuineálaigh agus é ar eitilt go grástúil[1]. De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, ionannaítear an réaltbhuíon le scata ealaí éagsúla scéalaíochta. Chuaigh Séas i riocht eala chun Leda a fhuadach, agus rugadh ceathrar clainne di: an Cúpla, Héilin na Traoi, agus Clítimnéastra.

Rinneadh eala d'Oirféas arna dhúnmharú, agus dúradh gur aistríodh ar an spéir é ionas go mbeadh sé in aice a lire.

Faoi dheireadh, deirtear go raibh ógánach ann fadó darbh ainm Cygnus (nó Cycnus) agus é ina bhuachaill bán do Phaethon. Tar éis do Phaethon bás a fháil agus é ag iarraidh carbad na gréine a thiomáint, chuardaigh Cygnus a chorp go héadóchasach san Abhainn Eridanus ar thit sé. Thum sé isteach san abhainn an oiread sin uaireanta gur ghlac Séas trua dó agus rinne sé an t-éan uisce sin de a dtugtar a ainm air ón am sin.

Is cosúil go bhfuil baint ag an Eala, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (go sonrach an Lir, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

De réir mhiotaseolaíocht na Síne, is i réaltbhuíon na hEala a mbíonn droichead bliantúil an snaga bhric, a thugann an bheirt leannán Niu Lang agus Zhi Nu le chéile arís (féach Qi Xi).

Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir