Grianchóras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Grianchóras)
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochGrianchóras
Cineálcóras pláinéadach
Réad tuismitheoraSagittarius A*
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Trastomhas79 AU[1]
0.00124861704 ly[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Mais1.0014 M☉ Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid denéal idir-réaltach logánta agus Bealach na Bó Finne Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Is éard atá sa ghrianchórasan Ghrian agus gach rud a théann timpeall uirthi, sé sin na réadanna réalteolaíocha atá faoi thionchar a himtharraingthe, idir phláinéid, a gcuid gealach, abhacphláinéid, agus réadanna eile, ar nós scuabréaltaí, astaróidigh, dreigeoidigh, agus an deannach idirphláinéadach.

Ní thugtar grianchóras ach ar an gcóras timpeall na Gréine. Nuair atáthar ag trácht ar chórais den chineál chéanna atá ag timpeallú na réaltaí eile, is é an córas pláinéadach an téarma ceart.

Is í an Ghrian croílár an ghrianchórais. Ansin atá 99.86 % de mhais an chórais, agus, ní nach ionadh, tá an chuid eile den chóras á stiúradh ag imtharraingt na Gréine. Réalta de chuid an phríomhsheichimh atá ann, agus í ag baint leis an aicme speictreach G2 - is é sin, cineál abhacréalta bhuí atá ann. Faoi bhrú na maise móire, tá dlús an damhna i gcroílár na Gréine chomh mór is go gcoinníonn sé an chomhleá núicléach ag imeacht. An fuinneamh a fhuasclaítear san imoibriú núicléach seo, imíonn an chuid is mó de leis an radaíocht leictreamaighnéadach, an solas infheicthe san áireamh. An chuid de mhais an Ghrianchórais nach bhfuil comhchruinnithe sa Ghrian féin, tá níos mó ná 90 % de sa dá phláinéad is mó sa chóras, mar atá, Iúpatar, agus Satarn. Creideann a lán saineolaithe inniu go bhfuil scamall sféarúil d'astaróidigh ag timpeallú na Gréine i bhfad amach ó na pláinéid, is é sin, Scamall Oort, agus caithfidh sé go bhfuil céatadán ard de mhais an Ghrianchórais ansin freisin, más ann don scamall sin ar aon nós.

Reanna sa ghrianchóras[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir na reanna sa ghrianchóras a chatagóiriú, ach níl na catagóirí seo róshimplí. Úsáidtear na catagóirí seo a leanas sa chiclipéid seo:



Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris