Haumea (abhacphlainéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Haumea agus an dá shatailít atá aici, mar a samhlaíodh d'ealaíontóir iad.

Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea, de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na Gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin, agus ba iad Mike Brown agus a fhoireann i Réadlann Palomar, Institiúid Teicneolaíochta California (Caltech), ba túisce a d'aithin í, thiar sa bhliain 2004. Sa bhliain 2005, tháinig an scéala ó fhoireann réalteolaithe eile - foireann a bhí ag obair i réadlann Sierra Nevada sa Spáinn faoi cheannas José Luis Ortiz Moreno - go raibh siad tar éis sonrú a chur i Haumea freisin, ach níor tugadh aitheantas coitianta don fhionnachtain sin. Ar an 17 Meán Fómhair 2008, d'aicmigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta Haumea mar abhacphláinéad. Fuair an t-abhacphláinéad a ainm ó bhandia na breithe i seanreiligiún mhuintir Haváí.

Tá déanamh fadaithe ar Haumea, agus an chuma ar an scéal gurb é an rothlú luath a chuir as riocht na liathróide í. Tá dhá shatailít aici, mar atá, Hi'iaka agus Namaka. Fuarthas ainmneacha na ngealach ó mhiotaseolaíocht mhuintir Haváí freisin.