An Ghrian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Grian)
An Ghrian

Is í an Ghrian an réad is mó sa ghrianchóras. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.

Sroicheann an teocht ar dhromchla na Gréine tuairim is cúig mhíle céim Celsius, ach sa chroílár, áit a bhfuil an t-imoibreoir comhleá ag obair, tá sé i bhfad níos teo fós, mar atá, timpeall ar chúig mhilliún déag de chéimeanna Celsius.

Tá níos mó ná 99 % de mhais an Ghrianchórais comhchruinnithe sa Ghrian, agus is í an Ghrian a choinníonn an saol agus an bheatha ag imeacht ar dhroim an Domhain. Tugann an Ghrian an fuinneamh a chuireann na gaotha ag séideadh agus an aimsir ag athrú. Tríd is tríd, ní bheadh an domhan ann mar is eol dúinn é, ach go bé go bhfuil an Ghrian ann.

Cé go bhfuil an Ghrian i bhfad rógheal le go n-aithneodh súile an duine aon difríochtaí gile uirthi, is féidir le lucht eolaíochta spotaí a fheiceáil ar a dromchla nach bhfuil chomh geal lena dtimpeallacht. Tugtar grianspotaí ar na smáil seo. Tá baint acu le maighnéadas na Gréine, agus iad ag dul i bhflúirse agus i ngainne arís, de réir tréimhse aon bhliain déag.

Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil sé an-dainséarach do na súile breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian, agus go bhfuil modhanna oibre ar leith ag teastáil leis na dainséir a sheachaint.

Léargas achomair[athraigh | edit source]

Tá an Ghrian comhdhéanta as hidrigin (timpeall ar 74 % dá mais), héiliam (timpeall 24 %), agus iarsmaí beaga de dhúile níos troime. Baineann an Ghrian leis an aicme speictreach G2V. Ciallaíonn an litir G go bhfuil teocht a dromchla timpeall 5,500 K (nó timpeall 5,200 céim Celsius). Mar sin, tá dath bán inti go bunúsach, cé go bhfágann réscaipeadh an tsolais san atmaisféar blas buí uirthi. Is féidir a aithint ar línte speictreacha na Gréine go bhfuil miotail ann - idir adaimh neodracha agus iain - ach níl línte na hidrigine róláidir, ós rud é go bhfuil an chuid is mó den hidrigin ina plasma, ionas go dtáirgíonn sí speictream leanúnach solais. Maidir leis an litir V, tugann sí le fios gur réalta de chuid an phríomhsheichimh atá i gceist, cosúil leis an gcuid is mó de na réaltaí. Is é is impleacht dó seo go dtáirgíonn an Ghrian a cuid fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam, agus go bhfuil sí i gcothromaíocht hidreastatach, is é sin, nach bhfuil sí ag fás ná ag crapadh. Tá níos mó ná 100 milliún réalta d'aicme G2 ar fud Bhealach na Bó Finne, ach san am céanna, is féidir a rá go bhfuil an Ghrian níos gile ná 85 % de réaltaí ár réaltra, nó is abhacréaltaí dearga an chuid is mó acu.

Tá an Ghrian ag timpeallú lárphointe Bhealach na Bó Finne, faoi 25,000 - 28,000 solasbhliain de, agus críochnaíonn sí imrothlú amháin in aghaidh 225 - 250 milliún bliain. Ar an bhfithis seo, tá an Ghrian ag cur 217 gciliméadar di in aghaidh uair an chloig, is é sin, aonad réalteolaíoch in aghaidh ocht lá, agus solasbhliain amháin gach míle ceithre chéad bliain.

Is é solas na Gréine an fhoinse fuinnimh is mó in aice le dromchla an Domhain. Is é tairiseach na Gréine an oiread cumhachta a chaitheann an Ghrian ar an achar atá nochta dá solas. Ar dhromchla an Domhain, is ionann tairiseach na Gréine agus thart ar 1,370 vata in aghaidh gach méadar cearnach. Is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go mbaineann atmaisféar an Domhain cuid den chumhacht den tsolas, agus mar sin, tá an luach praiticiúil níos gaire do mhíle vata in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Cibé scéal é, tá go leor próiseas idir nádúrtha agus theicneolaíoch ann le leas a bhaint as an bhflúirse fuinnimh seo. Téann na plandaí i dtuilleamaí na fótaisintéise le cumhacht an tsolais ghréine a cheapadh agus a iompú ina foirm cheimiceach (ocsaigin agus comhdhúile dí-ocsaídithe carbóin). Is féidir leis an duine, arís, cealla gréine agus gléasra grianchumhachta a úsáid le teas nó leictreachas a bhaint as solas na Gréine. Maidir leis an bhfuinneamh a fhaightear as an bpeitreal nó as na breoslaí iontaisithe eile, níl ann go bunúsach ach an chumhacht chéanna a d'iompaigh na plandaí, anallód, ina foirm cheimiceach tríd an bhfótaisintéis.

Réalta tríú glúine is ea í an Ghrian, agus creidtear gur tonn turrainge ó ollnóva éigin a chuir an chéad tús léi mar réalta. Tá an grianchóras ar fad cuíosach saibhir i ndúile troma, mar ór agus úráiniam. Creideann na saineolaithe go gcruthaítear núicléis na ndúl trom i gcroílár na réaltaí móra a bhfuil i ndán dóibh pléascadh ina n-ollnóvaí, agus gurb iad na hollnóvaí a scaipeann na dúile seo ar fud an spáis.

Díol suime é an tionchar a imríonn solas na Gréine ar na neacha beo. An solas ultraivialaite, mar shampla, maraíonn sé miocrorgánaigh mar a bheadh frithsheipteán ann, agus mar sin, is féidir úsáid a bhaint as leis na baictéir a bhaint de na huirlisí saotharlainne. Tá an solas ultraivialaite in ann, fosta, griandó a fhágáil ar an duine agus, fiú, luas a chur le forbairt na hailse craicinn. Ón taobh eile de, cuidíonn sé le táirgíocht an vitimín D san orgánach daonna. Baineann atmaisféar an Domhain go mór mór den tsolas ultravialaite, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo radaíochta i bhfad níos láidre in aice an mheánchiorcail, agus na daoine níos duibhe ina gcraiceann, mar chosaint ar sholas na gréine.

Tá an Ghrian an-ghníomhach ó thaobh an mhaighnéadais de. Tá réimse maighnéadach na Gréine an-láidir, an-athraitheach, agus é ag déanamh iomlaoide ar an dá phol uair amháin in aghaidh gach aon bhliain déag. Torthaí do ghníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine is ea iad na grianspotaí, an ghrianghaoth, na bladhmanna, agus na saighneáin - is é sin, na soilse ar a dtugtar aurora borealis nó an chaor aduaidh. Cuireann stoirmeacha maighnéadacha na Gréine isteach ar an gcumarsáid raidió freisin. Creidtear go raibh an-pháirt ag gníomhaíocht na Gréine i gcruthú agus i bhforbairt an Ghrianchórais, agus inniu féin, imríonn an Ghrian an-tionchar ar an gcuid is faide amuigh d'atmaisféar an Domhain.

Cé gurb í an Ghrian an réalta is cóngaraí don Domhan, agus dianstaidéar déanta ag na saineolaithe uirthi leis na céadta bliain anuas, is iomaí ceist ina taobh nár freagraíodh go fóill. Mar shampla, cén fáth a bhfuil atmaisféar eachtrach na Gréine i bhfad níos teo ná a dromchla infheicthe (an fótaisféar)? Ar na cúrsaí is mó a gcuireann na saineolaithe spéis iontu inniu, tá tréimhse thráthrialta na ngrianspotaí, cruthú agus tréithe fisiceacha na mbladhmanna gréine agus na starraiceachtaí, an t-idirghníomhú maighnéadach idir an crómaisféar agus coróin na Gréine, agus bunús is cruthú na grianghaoithe.


Tréithe fisiceacha[athraigh | edit source]

Meánfhad ón Domhan: 149.6 x 106 ciliméadar (aon Aonad Réalteolaíoch amháin, de réir an tsainmhínithe)

Méid dhealraitheach: -26.8m

Dearbhmhéid: 4.8m

Aicme speictreach: G2V

Meánfhad ó lárphointe Bhealach na Bó Finne: timpeall ar 2.5×1017 ciliméadar, nó 26,000-28,000 solasbhliain

Tréimhse imrothlaithe timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne: 2.25-2.50×108 bliain

Treoluas: 217 ciliméadar in aghaidh na soicinde ar an bhfithis timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne, 20 ciliméadar in aghaidh na soicinde i gcomparáid leis na réaltaí eile sa chomharsanacht is cóngaraí

Meán-trastomhas: 1.392×106 ciliméadar, nó trastomhas an Domhain méadaithe faoi 109

Meán-imlíne: 4.373×106 ciliméadar, nó imlíne an Domhain méadaithe faoi 342

Oblátacht: 9×10−6

Achar an dromchla: 6.09×1012 ciliméadar cearnach, nó achar an Domhain méadaithe faoi 11,900

Toirt: 1.41×1018 ciliméadar ciúbach, nó toirt an Domhain méadaithe faoi 1,300,000

Mais: 1.988 435×1030 cileagram, nó mais an Domhain méadaithe faoi 332,946

Dlús: 1.408 g/cm³

Imtharraingt ar dhroim na Gréine: 273.95 m/s2, nó 27.9 g (tabhair faoi deara gur mar luasghéarú a thugtar an imtharraingt in iúl)

Treoluas éalaithe ar dhroim na Gréine: 617.54 km/s (treoluas éalaithe an Domhain méadaithe faoi 55

Teocht ar an dromchla: 5785 ceilvin (K), nó 5512 céim Celsius

Teocht sa choróin: 5 milliún ceilvin (5 MK)

Teocht sa chroílár: timpeall ar 13.6 míle ceilvin (13.6 MK)

Beatha agus Bás na Gréine[athraigh | edit source]

De réir na múnlaí ríomhairithe a úsáidtear inniu le haithris a dhéanamh ar fhás agus ar fhorbairt na réaltaí, tá an Ghrian timpeall 4.57 billiún bliain d'aois. Mar sin, tá sí leath bhealaigh ina héabhlóid mar réalta phríomhsheichimh. A fhad is a fhanfaidh sí ina réalta phríomhsheichimh, beidh sí ag táirgiú fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam. In aghaidh na soicinde, iompaíonn an Ghrian breis is ceithre mhilliún tonna de dhamhna go fuinneamh i gcroílár na Gréine, le neoidríonónna agus radaíocht a dhéanamh. Beidh an Ghrian timpeall deich mbilliún bliain ina réalta phríomhsheichimh.

Níl an oiread sin maise sa Ghrian is go bpléascfadh sí ina hollnóva. Ina áit sin, iompóidh sí ina fathachréalta dhearg, agus na sraitheanna is faide amuigh á síneadh amach, de réir mar atá an hidrigin ag rith gann agus croílár na réalta ag crapadh isteach chuige féin. Tosóidh núicléis an héiliam á gcomhleá le chéile nuair a shroichfidh an teocht sa chroílár 3 x 108 K. Creidtear go bhfairsingeofar dromchla na Gréine chomh fada amach is go dtiocfaidh sé a fhad is atá fithis an Domhain inniu. San am céanna, is dócha go mbeidh an oiread sin maise (agus imtharraingthe) caillte ag an nGrian faoi seo is go mbeidh an Domhan á fithisiú níos faide amuigh. Mar sin, is féidir nach slogfaidh an Ghrian an Domhan, i ndiaidh an iomláin, ach is follasach nach mbeidh an Domhan ináitrithe, nó imeoidh uisce na bhfarraigí agus an t-atmaisféar féin ina ngal soip.

Nuair a bheidh tréimhse na fathachréalta deirge thart, fágfar na sraitheanna is faide amuigh den Ghrian ag foluain thart mar néal pláinéadach, is é sin, gásnéal atá ag timpeallú na Gréine cosúil leis na pláinéid. An chuid sa chroílár, áfach, mairfidh sí ag soilsiú thar na mílte milliún bliain ina habhacréalta bhán, agus í ag fuarú de réir a chéile.

Sin é an cineál forbairt atá i ndán don Ghrian, chomh maith leis na réaltaí beaga agus na réaltaí meánmhéide go léir.

Struchtúr na Gréine[athraigh | edit source]

Tá trastomhas na gréine tuairim is 110 n-uaire níos mó ná trastomhas an Domhain.

Réalta mheánmhéide is ea í an Ghrian, ach tá thart ar 99 % de mhais iomlán an Ghrianchórais comhchruinnithe inti. Tá an Ghrian an-chóngarach don sféar foirfe ina cosúlacht agus ina déanamh, nó níl sí ach timpeall ar naoi milliúnú cuid ar oblátacht. Is é is ciall dó sin nach bhfuil ach difríocht deich gciliméadar idir a trastomhas polach agus a trastomhas meánchiorclach. Tá an Ghrian ag casadh thart ar a hais, ach níl gach cuid den réalta ag casadh ar aon luas le chéile, nó críochnaíonn na réigiúin pholacha aon rothlú amháin in aghaidh an chúig lá déag is fiche, nuair nach bhfuil tréimhse rothlaithe an mheánchiorcail ach cúig lá fichead. Cruthaíonn an rothlú seo fórsa áirithe lártheifeach, ach tá imtharraingt na Gréine i bhfad níos mó. Níl mórán tábhachta leis na fórsaí taoidmheara sa Ghrian ach an oiread, cé go bhfuil an Ghrian féin ag imrothlú mheáchanlár an Ghrianchórais. Tá an meáchanlár sin suite taobh istigh den Ghrian, ach tá sé an-chóngarach dá dromchla. Is í mais Iúpatair is mó a tharraingíonn an lárphointe sin i leataobh ó lárphointe na Gréine féin.

Ní féidir a rá go neamhdhébhríoch cá bhfuil dromchla na Gréine. Tá dlús an gháis ag dul i laghad go heaspónantúil de réir mar atáthar ag dul amach as croílár na Gréine. Mar sin féin, is féidir a lán a rá faoi struchtúr inmheánach na Gréine. Is gnách a cheapadh gurb é ga na Gréine an fad óna lárphointe go himeall an fhótaisféir. Is é an fótaisféar an dromchla mar a fheictear dúinn féin é. Taobh istigh den fhótaisféar, níl an gás trédhearcach, agus taobh amuigh de, tá. Tá an chuid is mó de mhais na Gréine taobh istigh de seacht ndeichiú cuid dá ga.

Ní féidir staidéar a dhéanamh ar chroílár na Gréine go díreach, nó ní ligeann an Ghrian aon chineál radaíocht leictreamhaighnéadach tríthi. Tá na saineolaithe ábalta, áfach, a gcuid conclúidí a bhaint as an dóigh a mbíonn brúthonnta ón taobh istigh ag croitheadh an taobh amuigh den Ghrian. Tugtar heiliseismeolaíocht ar an gcineál seo taighde, ó tá sé cosúil leis an dóigh a mbaineann na seismeolaithe tátal agus tuiscint as na fuaimthonnta a bhíonn ag dul tríd an Domhan le linn na dtalamhchreathanna.

Croílár na Gréine[athraigh | edit source]

Creidtear go síneann an croíleacan aon chúigiú cuid de gha na Gréine amach ón lárphointe. Tá an damhna istigh ansin 150 oiread níos dlúithe ná an t-uisce, agus é 13,600,000 céim Celsius ar teocht. Mar sin, tá sé i bhfad Éireann níos teo ná dromchla infheicthe na Gréine, nach bhfuil ach timpeall ar cúig mhíle go leith céim Celsius ar teocht. Istigh ansin, tá an fuinneamh á tháirgiú ag an gcineál comhleá núicléach ar a dtugtar "slabhra prótón-prótón". Is é an rud a thiteann amach ansin, go bunúsach, ná go gcomhleáitear dhá phrótón go deoitéarón amháin, is é sin, núicléas hidrigine troime, ina bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin. Mar sin, iompaítear ceann de na prótóin ina neodrón, agus sa teagmháil seo, cruthaítear posatrón amháin (le fáil réidh le lucht leictreach deimhneach an phrótóin a iompaítear ina neodrón) agus neoidríonó amháin mar sheachthorthaí. Na deoitéaróin a dhéantar ar an dóigh seo, déanann siad comhleá le prótón amháin, agus ansin, cruthaítear núicléas héiliam. Ní gnáth-héiliam atá ann go fóill, áfach, ach núicléas de chuid an iseatóip is éadroime den héiliam, ós rud é nach bhfuil ach aon neodrón amháin ann agus é greamaithe de dhá phrótón. Is é an chéim dheireanach den imoibriú seo go gcomhleáitear dhá núicléas den héiliam éadrom seo, ionas go bhfaightear núicléas de chuid an ghnáth-héiliam - dhá neodrón agus dhá phrótón - agus an dá phrótón eile á scaoileadh saor arís.

Sa chroílár amháin atá an comhleá ag dul ar aghaidh. Ní tháirgíonn an chuid eile den Ghrian fuinneamh ar bith, níl sí ach ag aistriú an fhuinnimh agus an teasa as an gcroílár. An fuinneamh a tháirgítear sa chroílár, caithfidh sé dul trí chiseal i ndiaidh cisil leis an bhfótaisféar a bhaint amach agus éalú ón nGrian i bhfoirm solais nó radaíochta eile, nó i bhfoirm an fhuinnimh chinéitigh atá ag tiomáint cáithnín éigin.

In aghaidh na soicinde, iompaítear an oiread de dhamhna ina fhuinneamh sa Ghrian, ar meán, agus gurb ionann é agus seacht míle billiún buama adamhach den chineál a phléasc i Hiroshima i ndeireadh an dara cogadh domhanda. Tá luas an chomhleáite ag brath go mór mór ar dhlús an damhna, agus mar sin, cothromaíocht atá ann a cheartaíonn í féin: má ghéaraíonn an comhleá a luas, rachaidh an croílár i bhfairsinge, ionas go n-éireoidh an damhna níos tanaí, agus an t-imoibriú ag éirí níos maille dá réir. Má mhoillíonn an t-imoibriú an iomarca, áfach, crapfaidh an croílár isteach chuige, agus é ag éirí níos dlúithe. Ansin, rachaidh an teocht in airde, agus luas nua ag teacht ar an imoibriú dá réir. Cinntíonn an cineál seo rialú aisfhotha nach baol dúinn ardú ná ísliú tobann a theacht ar ráta an fhuinnimh ghréine a shroicheann sinn.

Na fótóin ardfhuinnimh, is é sin, na X-ghathanna agus na gáma-ghathanna, bíonn siad an-mhall ag teacht as croílár na Gréine go dtí an fótaisféar, agus an oiread corthaí a chuirtear ina mbealach. Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal cé chomh sciobtha a thagann na fótóin seo a fhad leis an dromchla, ach bíonn na meastacháin ag guagaíl idir 50 milliún bliain agus 17 míle bliain. Nuair a thiocfaidh na fótóin tríd an gciseal comhiompair, is féidir leo an réalta a thréigean i bhfoirm an tsolais infheicthe. Na gáma-ghathanna a chruthaítear i gcroílár na Gréine, meiltear go solaschandaim iad le linn iad a bheith ag déanamh a mbealaigh tríd an réalta. Na neoidríonónna a chruthaítear, áfach, ní bhíonn mórán idirghníomhaíochta ar siúl idir iad agus an damhna, agus mar sin, éalaíonn siad as an nGrian sciobtha go leor.

Crios na Radaíochta[athraigh | edit source]

Sa chiseal atá suite idir dhá dheichiú cuid agus seacht ndeichiú cuid de gha na Gréine, tá an damhna chomh te agus chomh dlúth is gurb í an radaíocht theirmeach a iompraíonn an fuinneamh ón gcroílár i dtreo an dromchla.

Crios an Chomhiompair[athraigh | edit source]

Idir crios na radaíochta agus an fótaisféar, tá crios an chomhiompair. Anseo, níl an damhna chomh dlúth, nó chomh te, is go bhféadfadh an radaíocht theirmeach an fuinneamh a iompar. Is é an rud atá ar siúl anseo ná an comhiompar. Is é sin, tá an damhna ag éirí ina cholúin theirmeacha ó chrios na radaíochta go dtí an fótaisféar. Sna grianghrafanna, aithnítear an comhiompar seo ar chosúlacht ghránaithe an fhótaisféir. An damhna a fhuaraíonn san fhótaisféar, titeann sé isteach arís i dtreo chrios na radaíochta, le tuilleadh fuinnimh a ghlacadh ansin. Nuair a théifidh sé suas, éireoidh sé go dtí an fótaisféar arís.

An Fótaisféar[athraigh | edit source]

Is é an fótaisféar dromchla infheicthe na Gréine, agus an chuid den Ghrian faoina bhun, tá sí teimhneach a fhad agus atá an gnáthsholas i gceist. Taobh thuas den fhótaisféar, is féidir don tsolas an Ghrian a fhágáil agus scaipeadh amach sa spás, ionas go gcailleann an Ghrian an fuinneamh atá sé a iompar. Tá an fótaisféar na scórtha ciliméadar, nó fiú na céadta ciliméadar ar tiús, agus an damhna ag éirí níos trédhearcaí de réir is mar atá sé ag éirí níos scaipthe. Go bunúsach, tá an fótaisféar beagáinín níos teimhní ná atmaisféar an Domhain.

Tá speictream an dúchoirp ag an nGrian, a bheag nó a mhór - is é sin, speictream leanúnach, agus í ag astú solais ag gach tonnfhad, ionas go bhfuil gach dath le fáil i solas na Gréine. Air seo a aithnítear go bhfuil an fótaisféar timpeall sé mhíle ceilvin ar teocht. Tá línte dorcha ionsúcháin fágtha ar an speictream ag na dúile in atmaisféar na Gréine - "línte Fraunhofer", mar a thugtar orthu, as an eolaí ba túisce a chuir sonrú iontu.

Is é is cúis leis na línte seo ná gur dual do gach dúil cheimiceach gan solas a astú ná a ionsú ach ag minicíochtaí nó tonnfhaid áirithe. Mar sin, is féidir na dúile atá ar fáil in atmaisféar na Gréine a aithint ar na línte seo. Sa bhliain 1868, thug Norman Lockyer faoi deara go raibh línte ansin nach raibh ag freagairt d'aon dúil aithnidiúil. Is é an tátal a bhain sé as an mbreathnú seo ná go raibh dúil nua i gceist, agus bhaist sé "héiliam" ar an dúil seo, ós é helios an focal Gréigise a chiallaíonn "grian". Cúig bliana fichead ina dhiaidh sin, d'aonraigh na saineolaithe an héiliam ar an Domhan.

Atmaisféar na Gréine[athraigh | edit source]

Le linn urú iomlán na Gréine, is féidir an t-atmaisféar a aithint

Na codanna den Ghrian atá suite os cionn an fhótaisféir, is gnách a rá gurb iad atmaisféar na Gréine iad. Is féidir taighde a dhéanamh orthu le teileascóip nó le gléasanna cianradhairc atá ag obair i raon ar bith den speictream leictreamaighnéadach, ó na radathonnta go dtí an solas infheicthe agus ón solas infheicthe go dtí na gáma-ghathanna. Is féidir cúig limistéar éagsúla a aithint in atmaisféar na Gréine, mar atá, íosmhéid na teochta, an crómaisféar, an réigiún trasdultach, an choróin, agus an héilisféar. Síneann an héilisféar amach thar fhithis Phlútóin a fhad leis an héileastad, áit a bhfuil an meán idir-réaltach agus an héilisféar ag bualadh faoina chéile. Tá an crómaisféar, an réigiún trasdultach, agus an choróin i bhfad níos teo ná an fótaisféar, agus níl a fhios ag na réalteolaithe féin cén fáth.

Is é an ciseal is fuaire ná réigiún íosmhéide na teochta, thart ar leathmhíle ciliméadar os cionn an fhótaisféir. Titeann an teocht anseo go 4,000 ceilvin, a bheag nó a mhór. Tá sé chomh fuar is gur féidir do mhóilíní simplí ceimiceacha, ar nós an uisce agus aonocsaíd an charbóin, maireachtáil anseo, rud atá le haithint ar an speictream ionsúcháin.

Taobh thuas de chiseal íosmhéid na teochta, tá ciseal nach bhfuil ach dhá mhíle ciliméadar ar tiús, agus tugtar crómaisféar, nó liathróid na datha, ar an réigiún seo. Feictear an crómaisféar mar chineál bladhm dhaite díreach i dtús nó i ndeireadh urú iomlán na Gréine. Is é uachtar an chrómaisféir an chuid is teo de, nó sroichtear teocht céad míle ceilvin sa chuid is airde thuas de.

Os cionn an chrómaisféir atá an réigiún trasdultach, ina bhfuil an teocht ag éirí go sciobtha ón gcéad míle ceilvin go dtí an milliún ceilvin sa choróin. Is ar éigin is féidir a rá go mbeadh an réigiún trasdultach suite in airde áirithe ón gcrómaisféar; is fearr a rá gur cineál luan é lastuas de na spícíní agus na filiméid a aithnítear sa chrómaisféar. Le taighde a dhéanamh ar an réigiún trasdultach, ní mór gléasra a chur sa spás atá in ann an chuid is lú tonnfhad den radaíocht ultravialaite a aithint.

Is í coróin na Gréine an chuid is faide amuigh d'atmaisféar na Gréine, agus í i bhfad níos toirtiúla ná an Ghrian féin. Ní féidir teorainn shoiléir a shocrú idir an choróin agus an ghrianghaoth a shroicheann gach cearn den ghrianchóras féin. Tá teocht na corónach an-ard, roinnt milliún ceilvin. Cé nach bhfuil an teocht ard seo mínithe go sásúil go fóill, dealraíonn sé gur cuid den mhíniú í an idirghníomhaíocht idir réimsí maighnéadacha éagsúla - an t-athnascadh maighnéadach, mar a thugtar air.

Taobh amuigh den choróin atá an héilisféar. Sroicheann an héilisféar teorainneacha an Ghrianchórais féin, agus is é an héileastad, timpeall ar 50 aonad réalteolaíoch ón nGrian, deireadh an héilisféir. Iompaíonn an héilisféar an ghrianghaoth go dtí an héileastad, áit a mbuaileann sí faoin meán idir-réaltach, is é sin, an cineál damhna atá amuigh sa spás idir na grianchórais éagsúla. An spástaiscéalaí úd Voyager 1 a scaoileadh chun bealaigh sa bhliain 2004, chuaigh sé thart le fronta turrainge i ndeireadh na bliana 2004 a bhfuiltear ag dearcadh air mar chuid den héileastad. Is é sin, is é an fronta turrainge seo an áit a bhfuil an ghrianghaoth ag sroicheadh an mheáin idir-réaltaigh, mar a chreidtear. D'aithin an dá Voyager leibhéal fuinnimh na gcáithníní ina dtimpeall ag dul in airde agus iad ag teacht i gcóngar don fhronta.

Gníomhaíocht na Gréine[athraigh | edit source]

Na Grianspotaí[athraigh | edit source]

Má chuirimid scagaire den chineál cheart idir sinn agus an Ghrian, ar dhóigh is go bhfuilimid in ann breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian gan radharc ár súl a chailleadh, is é an chéad chineál mionsonraí a aithneoidh muid ná na grianspotaí. Tá na spotaí seo níos fuaire ná a dtimpeallacht, rud a fhágann go bhfuil cuma níos dorcha orthu. Sna grianspotaí, tá an maighnéadas ag dul i méadaíocht agus an comhiompar ag dul i laige dá réir. Cuireann an maighnéadas le teocht na corónach, ionas go gcruthaítear réigiúin ghníomhacha. Sna réigiúin seo a bhíonn na bladhmanna ar bharr lasrach agus an damhna ag éalú ón gcoróin. Is féidir do na grianspotaí bheith ar aon mhéid leis an Domhan féin.

Bíonn na grianspotaí ag flúirsiú agus ag tréigean de réir thréimhse aon bhliana déag, a bheag nó a mhór, ar a dtugtar grianchiogal. Nuair a shroicheann an grianchiogal pointe a laige, ní bhíonn ach an corrspota le feiceáil, agus iad féin in aice leis na poil. Agus an grianchiogal ag teacht ar aghaidh, feictear na spotaí ag dul i bhfairsinge agus á leathadh a fhad le meánchiorcal na Gréine. Bíonn na grianspotaí ag teacht ina ndíseanna, agus leathspotaí gach díse ina bpoil mhaighnéadacha chontrártha dá chéile.

Tá tionchar ag na grianspotaí ar "aimsir" an spáis, cosúil leis na stoirmeacha maighnéadacha agus an radaíocht, agus creidtear go bhfuil baint nach beag acu le haimsir ár nDomhain féin. Bíonn sé níos fuaire ná is gnách ar an Domhan le linn laige na ngrianspotaí, agus má bhíonn an grianchiogal ag teacht i gcrann go mall, beidh sé níos teo thall anseo. Sa seachtú haois déag, d'imigh na grianspotaí go hiomlán, beagnach, ar feadh i bhfad ("Íosmhéid Maunder"), agus buaileadh an Eoraip le fuacht fada ar a dtugtar "an Oighearaois Bheag".

athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris