Mars (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mars le caidhpeanna polacha

Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is gnách "an pláinéad dearg" a thabhairt ar Mhars. Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. WellsEdgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.

Ainm[athraigh | edit source]

Tá an pláinéad ainmnithe as dia Rómhánach an chogaidh. Tugtar Ares ar an dia céanna as Gréigis, agus sin é an fáth go n-úsáidtear an téarma úd areolaíocht uaireanta, nuair atáthar ag trácht ar staidéar geolaíoch an phláinéid seo. Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann - agus é ar ceann de na reanna neimhe is suntasaí amuigh - is iomaí sibhialtacht a bhaist ainm miotaseolaíoch dá cuid féin ar an bpláinéad. Mar shampla, tugann na Sínigh, na Cóiréigh, na Seapánaigh agus na Vítneamaigh Réalt na Tine ar Mhars, agus baint ag an ainm seo le Ciogal na gCúig nDúl (wǔxíng) i miotaseolaíocht na Síne.

Bhí a n-ainmneacha féin ag na scríbhneoirí ficsin eolaíochta ar Mhars. Mar shampla, Barsoom a thugadh áitritheoirí cogúla Mharsa ar a bpláinéad in úrscéalta Edgar Rice Burroughs faoi eachtraí John Carter. Malacandra an t-ainm a bhí ar Mhars in úrscéalta spáis C. S. Lewis.

Réadóireacht stairiúil[athraigh | edit source]

Is fada an lá ó thosaigh na daoine ag caint agus ag scríobh faoi thuras a thabhairt ar Mhars, go háirithe nuair a tháinig an tuiscint acu nach ponc solais amháin a bhí ann, ach corpán damhna. Nuair a húsáideadh teileascóp den chéad uair tugadh gnéithe tíreolaíocha faoi deara a bhí cosúil le gréasán de chanálacha, agus dá bharr sin is iomaí alt agus scéal a cumadh faoi shibhialtachtaí aduaine agus faoi chogaí idir na plainéid, agus rinneadh go leor scannán ficsean eolaíochta bunaithe ar na scéalta sin. De réir a chéile, áfach, agus na teileascóip agus an teicneolaíocht eile bhreathnóireachta ag dul i bhfeabhas, tuigeadh nach raibh i gceist leis na canálacha ach iomrall súl. Ní fheicfeá iad ar aon mhapa comhaimseartha de Mhars. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil tírdhreacha millteanacha ar Mhars nach dtiocfá ar a leithéid ar dhroim an Domhain, ar nós na gcainneon móra ar a dtugtar Valles Marineris. Tá an sliabh is airde sa Ghrianchóras suite ar Mhars freisin, mar atá, Olympus Mons, agus é leathmhíle de chiliméadair ar trastomhas agus seacht gciliméadar fichead ar airde.

Táthar ag súil le fada an lá go dtabharfaidh daoine cuairt ar an bplainéad seo, a bhíonn níos cóngaraí don Domhan de ghnáth ná plainéad ar bith eile i gCóras na Gréine, roimh lár na haoise seo, sula dtéitear ar aghaidh go ceann ar bith eile. Chuir údarás Spáis Mheiriceá, NASA, spáslong (spástaiscéalaí gan daoine) go Mars sa bhliain 1965 (Mariner 4) a rinne an-mhapáil ar Mhars. Ina dhiaidh sin, thuirling dhá spástaiscéalaí de shraith Viking air sa bhliain 1976, rud a chuir go mór leis an eolas a bhí ag na daoine faoin bplainéad, nó b'ansin a chonaic an cine daonna an chéad radharcra ó dhromchla Mharsa. Cuireadh spáslonga gan daoine go Mars ó Mheiriceá agus ón Eoraip sa bhliain 2004 agus is mó an fhianaise atá ann anois go bhfuil roinnt uisce faoin talamh sa phlainéad. Cé go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan tá an oiread céanna talún ann mar nach bhfuil aigéan ar bith ar a dhromchla.

Tréithe fisiceacha[athraigh | edit source]

Tá an t-atmasféar an-tanaí agus bíonn Mars an-fhuar de ghnáth, le meánteocht 55 chéim Celsius faoin nialas, ach is féidir leis an teocht ardú in áiteanna go 27 céim Celsius os cionn an nialais i rith an tsamhraidh. Creidtear go raibh an-chuid uisce ar an dromchla tráth mar gheall ar an síonchaitheamh agus ar an gcreimniú atá le feiceáil go soiléir ar an tírdhreach.

Tá dhá mionghealach ag Mars, atá ainmnithe as na cúnna cogaidh a bhí ag dia an chogaidh; Phobos agus Deimos. Tá na gealacha seo i bhfad níos lú ná ár nGealach féin i gcomparáid leis an bpláinéad atá siad a thimpeallú. Níl iontu ach cnapáin mhírialta charraige agus uisce, agus creidtear gur astaróidigh ab ea iad ar dtús, go dtí gur cheap réimse imtharraingthe Mharsa iad. An ceann acu is cóngaraí do Mhars, mar atá, Phobos, tá sé ag cailleadh airde in imeacht na mílte bliain, de thoradh na bhfórsaí taoide. Creidtear, áfach, go streachlóidh na fórsaí céanna as a chéile é i bhfad sula mbuailfidh sé dromchla Mharsa.

Achoimre[athraigh | edit source]

Tréithe na Fithise[athraigh | edit source]

Ais leathmhór: 227,936,637 gciliméadar, 1.52366231 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise: 1.429 Tm

Éalárnacht na fithise: 0.09341233

Peirihéilean (garphointe don Ghrian): 206,644,545 km, 1.38133346 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian): 249,228,730 km, 1.66599116 aonad réalteolaíoch

Tréimhse fhithiseach (réaltbhliain): 686.9600 lá

Tréimhse shionadach (grianbhliain): 779.96 lá

Meánluas fithiseach: 24.077 km/s

Uasmhéid an luais fhithisigh: 26.499 km/s

Íosmhéid an luais fhithisigh: 21.972 km/s

Claonadh: 1.85061°

Fad an nóid éirithigh: 49.57854°

Argóint an pheirihéilin: 286.46230°

Satailítí nádúrtha: dhá cheann

Tréithe fisiceacha an phláinéid féin[athraigh | edit source]

Trastomhas meánchiorclach: 6,804.9 km

Trastomhas polach: 6,754.8 km

Oblátacht: 0.00736

Achar an dromchla: 1.448×108 km2

Toirt: 1.6318×1011 km3

Mais: 6.4185×1023 kg

Dlús (meán): 3.934 g/cm3

Imtharraingt mheánchiorclach: 3.69 m/s2

Treoluas éalaithe: 5.027 km/s

Tréimhse rothlaithe: 1.025957 lá (24.622962 h)

Luas rothlaithe ag an meánchiorcal: 868.22 km/h

Claonadh na haise: 25.19°

Ceartairde (ceartéirí, dronairde, dronéirí) an Phoil Thuaidh: 317.68143° (21 h 10 min 44 s)

Diallas: 52.88650°

Ailbéideacht: 0.15

Teocht ar an dromchla:

  • íosmhéid: 133 K(-140 C)
  • meán: 210 K (-63 C)
  • uasmhéid: 293 K (20 C)

Tréithe fisiceacha an atmaisféir[athraigh | edit source]

An t-atmaisféar

Brú an atmaisféir: 0.7-0.9 kPa

Dé-ocsaíd charbóin: 95.32 %

Nítrigin: 2.7 %

Argón: 1.6 %

Ocsaigin: 0.13 %

Aonocsaíd charbóin: 0.07 %

Gal uisce: 0.03 %

Aonocsaíd nítrigine: 0.01 %

Neon: 2.5 milliúnú cuid

Crioptón: 300 billiúnú cuid

Xeanón: 80 billiúnú cuid

Ózón: 30 billiúnú cuid

Meatán: 10.5 billiúnú cuid

An tAtmaisféar agus an aeráid[athraigh | edit source]

Tá 10% de thoirt an Domhain i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an Domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. Dé-ocsaíd charbóin go príomha atá ann, nítrigin atá i 3% de, agus argón atá i 1.6%. Fosta, tá meatán agus ocsaigin i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón - is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread.

Is é an phríomhchúis le fuacht Mharsa an t-atmaisféar seo, nó, ós rud é go bhfuil sé chomh scáinte sin, níl sé in ann teas a cheapadh ná a choinneáil.

Cé go bhfuil atmaisféar an phláinéid chomh tanaí sin, tá cuid mhaith dusta ag foluain timpeall. Na sonraí a bhailigh na gléasanna gluaisteacha taiscéalaíochta Spirit agus Opportunity ar dhromchla an phláinéid le déanaí, tugann siad le fios go bhfuil an dusta seo comhdhéanta as gráinníní atá thart ar 1.5 micriméadar (1.5 míliú cuid de mhilliméadar) trasna.

Sa bhliain 2003, d'aithin teileascóip thíos ar an Domhan go raibh meatán le fáil in atmaisféar Mharsa, agus dealraíonn sé gur dheimhnigh an taiscéalaí Mars Express Orbiter an breathnú seo i Mí na Márta 2004. Tugann na torthaí tomhais le fios go bhfuil dlús an mheatáin in atmaisféar Mharsa thart ar aon bhilliúnú cuid déag (11 pbb).

Cúis suntais é an meatán sin, nó tá an meatán chomh héagobhsaí mar ghás is nach mbeadh sé ann murach go bhfuil foinse éigin á sholáthar taobh istigh den phláinéad. Níl sé scaipthe go cothrom tar éis an phláinéid, ach an oiread. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil sé á scaoileadh saor in áiteanna áirithe, agus is í an cheist mhór a chuireann na saineolaithe orthu féin, ar ndóigh, an bhfuil beatha de chineál éigin - cosúil leis na miocrorgánaigh aircéacha ar a dtugtar meatánaiginí - ag táirgiú an mheatáin seo.

Maidir le saintréithre eile an atmaisféir, bíonn siad claochlaitheach go leor. Sa gheimhreadh, nuair atá an chaidhp pholach fágtha i ndorchadas, éiríonn an dromchla chomh fuar is a chuireann sé an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar ag sioc síos. Is féidir d'oiread is 25 % den atmaisféar iompú ina oighear tirim. Le teacht an earraigh agus an tsolais, iompóidh an leac oighir ina gás arís. Tabhair faoi deara nach leánn an t-oighear dí-ocsaíde carbóin - sin é an chúis a dtugtar oighear tirim air - nó is dual di néalú ina gás sula sroichfear an leáphointe. Ní féidir di bheith ina sreabhán (leacht) ach faoi bhrú an-mhór, rud nach bhfuil le fáil faoi atmaisféar tanaí Mharsa. Mar sin, le teacht an tséasúir the, néalaíonn an dí-ocsaíd charbóin go sciobtha de dhromchla na caidhpe polaí, agus cuireann an próiseas seo gaotha móra millteanacha ag séideadh - is féidir do stoirm den chineál seo luas ceithre chéad ciliméadar in aghaidh uair an chloig (400 km/h) a bhaint amach. Ansin, cruthaítear scamaill atá comhdhéanta as criostail bheaga oighir (is é sin, oighear uisce, seachas oighear tirim). Chuirfidís i gcuimhne duit cineálacha áirithe scamaill a d'fheicfeá ar an spéir anseo ar an Domhan.

Níltear róchinnte, an bhfuil aeráid Mharsa ag dul i bhfuacht nó ag téamh. Tá an dara bh'fhéidir ann: sna blianta 2002-2005, tháinig crapadh ar an gcaidhp pholach theas i ngach samhradh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus ní raibh an geimhreadh in ann an crapadh seo a stopadh. Tugann an fhorbairt seo le fios go bhfuil Mars ag téamh. Ina dhiaidh sin féin, tá sé níos fuaire ar Mhars inniu ná mar a bhí thiar sna seachtóidí, nuair a thuirling an dá Viking ansin.

Geolaíocht Mharsa[athraigh | edit source]

Creidtear gur basalt atá sa chuid is mó de dhromchla Mharsa - is é sin, cloch bholcánach, nó laibhe a d'fhuaraigh síos na mílte de bhlianta ó sin. Tá an tuiscint sin bunaithe ar na dreigítí a tháinig ó Mhars go dtí an Domhan agus ar na breathnuithe a rinneadh ar an bpláinéad leis na spástaiscéalaithe. Is dócha go bhfuil níos mó silice sa bhasalt seo ná i mbasalt tipiciúil an Domhain. Mar sin, is féidir go bhfuil basalt Mharsa cosúil leis an aindéisít. Tá an chuid is mó den bhasalt seo clúdaithe, áfach, le dusta fíneáilte.

Na breathnuithe a rinne an spástaiscéalaí úd Mars Global Surveyor, tugann siad le fios go bhfuil baill áirithe de screamh an phláinéid maighnéadaithe, cosúil leis na stialltracha maighnéadaithe a fhaightear ar ghrinnill na n-aigéan ar an Domhan. Sa bhliain 1999, cuireadh an cheist an chéad uair, an teicteonaic phlátaí a d'fhág an maighnéadú seo ina diaidh - is é sin, an raibh screamh Mharsa comhdhéanta as plátaí ilchríochacha, tráth, agus iad ag gluaiseacht is ag imbhualadh faoina chéile, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain. Níltear cinnte faoi seo go fóill, áfach, go raibh gluaiseachtaí teicteonacha ar siúl riamh ar dhroim Mharsa - níl ann ach teoiric, agus í mar ábhar conspóide i gcónaí ag na saineolaithe.

An spástaiscéalaí gluaisteáin Opportunity atá ag taisteal droim an phláinéid, fuair sé amach go bhfuil liathróidíní beaga bídeacha haemaitíte ar fáil ar Meridiani Planum. Níl na liathróidíní seo ach cupla milliméadar ar trastomhas, agus creidtear gur múnlaíodh mar shil-leaganacha carraige iad na billiúin iad ó sin, nuair a bhí an t-uisce ag sní ar dhroim an phláinéid. Fuarthas mianraí eile freisin a bhfuil sulfar, iarann nó bróimín iontu, cosúil leis an tsearóisít. Is é an tátal a bhain caoga saineolaí as an bhfianaise seo, agus iad ag scríobh ar an iris úd Science, ar an naoú lá de Mhí na Nollag, 2004, ná:

Tráth, bhí uisce leachtach ar fáil, go huaineach, ar dhroim Mharsa i dtimpeallacht Meridiani Planum, agus uaireanta, bhí sáithiú de tríd an bhfodhromchla. Ós rud é go bhfuil an bheatha ag brath ar an uisce leachtach, is féidir linn an tátal a bhaint as an scéal go raibh Meridiani ináitrithe, tráth éigin dá stair.

Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig saineolaithe eile ar an gconclúid go raibh an t-uisce ag Meridiani an-aigéadach, toisc an cineál mianraí a fuarthas sa timpeallacht. Ón taobh eile, tháinig an taiscéalaí Spirit ar ghóitít, mianra nach múnlaítear ach san áit a bhfuil uisce le fáil (rud nach dtiocfadh a rá faoin haemaitít), i gCnoic Columbia.

Sa bhliain 1996, tháinig saineolaithe ar mhionstruchtúir ar cheann de na dreigítí ar an Domhan a chreidtear a bheith tagtha ó Mhars - Dreigít ALH84001 - a raibh an chuma orthu, dar leo, gur rian i ndiaidh miocrorgánaigh a bhí ann. Ábhar eile conspóide atá ann i gcónaí.

Topagrafaíocht Mharsa[athraigh | edit source]

Ábhar iontais é chomh difriúil agus atá an dá leath de Mhars le chéile ó thaobh na topagrafaíochta de. Tá na tailte sa tuaisceart mín réidh agus an dóigh ar chlúdaigh na tonnta laibhe iad. An leath dheisceartach den phláinéad, áfach, tá sí criathraithe ag na cráitéir a d'fhág na dreigítí uirthi fadó. Mar a fheictear Mars ar spéir an Domhain, mar sin, tá sé deighilte ina dhá limistéar dhifriúla ó thaobh na hailbéideachta de. Nuair nach raibh tuiscint cheart ag na daoine go fóill ar fhíor-nádúr an tír-raoin ar Mhars, shíltí gur ilchríocha ab ea iad na machairí geala agus iad clúdaithe ag dusta agus ag gaineamh atá saibhir in iarann. Mar sin, baisteadh ainmneacha ar na machairí seo cosúil le hArabia Terra nó le hAmazonis Planitia. San am céanna, ba nós leis na daoine a cheapadh gur farraigí iad na limistéir dhorcha, agus mar sin, fuair na tailte seo ainmneacha cosúil le Mare Erythraeum, le Mare Sirenum nó le Aurorae Sinus. Is é an ball dorcha is mó is féidir a fheiceáil ná Syrtis Major.

Olympus Mons

Tá caidhpeanna polacha oighir ag Mars agus iad ag athrú de réir theacht agus imeacht an earraigh is an fhómhair. Tá idir oighear uisce agus oighear tirim - is é sin, oighear dé-ocsaíde carbóin - iontu, agus an t-oighear tirim taobh amuigh, ar dhóigh is go néalaíonn sé leis nuair a thagann an t-earrach agus an teas, agus an t-uisce is an dusta faoi bhun an oighir thirim ag teacht chun solais.

Is é an sciathbholcán úd Olympus Mons, agus é 26 ciliméadar ar airde, an sliabh is airde ar fud an ghrianchórais ar fad. Tá Olympus Mons suite i ngarbhchríoch Tharsis, agus tuilleadh seanbholcáin le fáil ansin, go háirithe an triúr ar a dtugtar Sliabhta Tharsis, nó Tharsis Montes - is é sin, Pavonis Mons, Arsia Mons agus Ascraeus Mons. Thairis sin, tá na cainneoin is mó sa ghrianchóras le feiceáil i Tharsis, mar atá, Valles Marineris, nó Gleannta an Mhariner. Tá na Gleannta seo ceithre míle ciliméadar ar fad agus seacht gciliméadar ar doimhneacht.

Na dreigítí a d'imbhuail Mars fadó, d'fhág siad roinnt mhaith cráitéir thuinsimh ar an bpláinéad. Is é an ceann is mó acu ná an imchuach thuinsimh úd Hellas, agus í clúdaithe le gaineamh dhearg éadrom.

Tá tír-raon Mharsa i bhfad níos athraithí ó thaobh na hairde de ná an Domhan féin. Tá an difríocht airde idir barr Olympus Mons agus bun Imchuach Hellas beagnachas aon chiliméadar déag is fiche (31 km) ar fad, nó tá bun Imchuach Hellas ceithre éigin ciliméadar faoin bplána tagra. Maidir leis an Domhan, tá Sliabh Everest beagnach naoi gciliméadar os cionn na farraige agus Trinse Marianas beagnach aon chiliméadar déag faoina bun, ach má chuirtear le chéile an dá fhad sin, ní bhfaighfear ach fiche éigin ciliméadar. Nuair a chuimhnítear go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan, is léir go bhfuil na tailte i bhfad níos gairbhe ansin ná anseo.

Ós rud é nach bhfuil farraigí ar Mhars, táthar i muinín modhanna atá bunaithe ar imtharraingt an phláinéid leis an bplána tagra, nó an nialasairde, a shocrú. Is é an sainmhíniú a úsáidtear ná go bhfuil an nialasairde ann san áit inarb ionann brú an atmaisféir agus 610.5 Pa (6.105 mbar, nó 0.6 % de mheánbhrú atmaisféir an Domhain) agus an teocht 273.15 K ann (is é sin, nialas na gcéimeanna Celsius).

Tá meánchiorcal Mharsa socraithe cheana ag an nádúr féin, nó sainmhínítear é de réir rothlú an phláinéid timpeall ar a ais. Scéal eile ar fad é cá bhfuil "Greenwich" an phláinéid. Na réalteolaithe Gearmánacha Wilhelm Beer agus Johann Heinrich Mädler, d'eisigh siad an chéad mhapa córasach faoi thopagrafaíocht Mharsa thiar sna blianta 1830-32, agus iad tar éis ciorcal beag a aithint ar dhroim an phláinéid a shocraigh siad mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Sa bhliain 1877, ghlac Giovanni Schiaparelli leis an bhfadlíne seo agus é ag cromadh ar an obair thábhachtach a rinne sé ag léarscáiliú Mharsa. Nuair a fuarthas an chéad radharc ceart ar dhromchla Mharsa sa bhliain 1972, agus an spástaiscéalaí úd Mariner 9 ag tógáil grianghrafanna den phláinéad, shocraigh Merton Davies an cráitéar beag Airy-2 mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Tá an cráitéar seo suite i Sinus Meridiani, ar phríomh-fhadlíne Beer agus Mädler.

Na Canálacha[athraigh | edit source]

Bhí na daoine riamh faoi dhraíocht ag Mars, go háirithe nuair a tosaíodh ag creidiúint go raibh neacha beo, fiú neacha daonchosúla, ar fáil ar an bpláinéad. Sa bhliain 1877, shíl Giovanni Schiaparelli go raibh sé tar éis línte fíneáilte a thabhairt faoi deara ar dhroim Mharsa, línte ar bhaist sé canali orthu san alt ina ndearna sé an chéad trácht orthu. An focal Iodáilise a d'úsáid Schiaparelli, ciallaíonn sé idir chanáil dhaondéanta agus caolas nó abhainn nádúrtha, ach nuair a tháinig an t-alt i gcló sna teangacha eile, is é an ciallú a ba rogha leis na haistritheoirí gur canálacha saorga a bhí ann. Spreag an smaoineamh seo fantaisíocht na ndaoine, idir shaineolaí agus thuata, thar fóir ar fad. D'oibrigh Percival Lowell amach mapa de Mhars a bhí breac le mionchanálacha. Bhí Schiaparelli féin den bharúil nach raibh sa chuid ba mhó de chanálacha Lowell ach iomrall súl nó fantaisíocht.

Na scríbhneoirí ficsin eolaíochta a scríobhadh scéalta faoi Mhars mar a samhlaíodh dóibh féin é, thug siad an-taithneamh do na canálacha. Is iomaí duine acu a bhain úsáid as móitíf na sibhialtachta seanársa a bhí go díreach ag fáil bháis de cheal uisce, agus í ag roinnt an bheagáin ar bhealach chomh cliste le córas casta de chanálacha. Is féidir an mhóitíf seo a aithint ag scríbhneoirí chomh difriúil le chéile le H.G.Wells agus Edgar Rice Burroughs.

Mar sin féin, ní raibh sna canálacha, nó an chuid ba mhó acu, ach iomrall súl. Cuid de na saineolaithe a rinne a staidéar ar Mhars nuair a bhí na canálacha faisiúnta, shíl siad go raibh an dúrud acu ann; an chuid eile, b'ar éigean a chonaic siad oiread is aon chanáil amháin. Mar sin, bhí sé ina ábhar conspóide thar na blianta fada an raibh siad ann ar aon nós.

Sa bhliain 1972, shocraigh an spástaiscéalaí Mariner 9 an scéal. Ní raibh na canálacha ann, ná aon rian eile i ndiaidh ardsibhialtachtaí teicneolaíocha. Má bhí beatha ar bith ar Mhars riamh, beatha thar a bheith simplí a bhí ann, ar aon leibhéal leis na miocrorgánaigh, na víreasanna nó na baictéirí.

Na Leaca Oighir[athraigh | edit source]

Ar an 29ú lá de Mhí Iúil, 2005, tháinig an tuairisc ón mBBC go rabhthas tar éis "loch leacoighir" infheicthe a shonrú i gcráitéar i réigiún an phoil thuaidh ar Mhars. Na grianghrafanna den chráitéar a tógadh le ceamara steiréascópach ardtaifigh a bhí á iompar ag an spásárthach Mars Express de chuid údarás spás na hEorpa, taispeánann siad go soiléir leac leathan oighir i dtóin cráitéir gan ainm agus é suite ar an machaire timpeall ar an bpol thuaidh, is é sin, Vastitas Borealis. Is é an suíomh cruinn atá ag an gcráitéar ná seachtó céim go leith den leithne thuaisceartach agus céad agus trí chéim den fhad oirthearach. Tá an cráitéar féin tríocha cúig chiliméadar ar trastomhas agus dhá chiliméadar, a bheag nó a mhór, ar doimhneacht.

De réir an chéad aithne, tá droim na leice oighir thart ar dhá chéad méadar níos airde ná bun an chráitéir féin. Deir saineolaithe an ESA gur gaineamh is cúis leis an gcuid is mó den difríocht airde seo, agus cuid mhaith den ghaineamh sin le feiceáil, fiú. Cé gur fearr leis na heolaithe gan an focal sin loch a úsáid agus iad ag tagairt don leac oighir áirithe seo, ábhar suntais is ea é i gcónaí teacht ar a leithéid de phaiste d'oighear uisce, agus é le feiceáil ó thús go deireadh na bliana. Is iomaí áit ar Mhars inar thángthas trasna ar shil-leaganacha uisce agus ar shraitheanna oighir.

Satailítí nádúrtha Mharsa[athraigh | edit source]

Phobos. Stickney an cráitéar mór a fheictear thuas ar chlé.

Tá dhá ghealach ag timpeallú an phláinéid, mar atá, Phobos agus Deimos. B'é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall ba túisce a shonraigh iad, thiar sa bhliain 1877. Bhí bean chéile Hall, Angeline Stickney, ina matamaiticeoir, agus í ag tacú go dílis le hiarrachtaí a fir chéile gealacha Mharsa a fháil amach. D'ainmnigh Hall an cráitéar mór ar thaobh Phobos as a bhean chéile - cráitéar Stickney.

Murab ionann agus ár nGealach féin, níl sa bheirt sin ach astaróidigh bheaga agus iad ceaptha ag imtharraingt Mharsa ar a gcamchuairt. Níl siad sféarúil ná in aon chóngar do bheith sféarúil: is cnapáin mhírialta chloiche agus oighir iad. An breathnóir a bheadh ag amharc ar Deimos ó dhromchla Mharsa, ní aithneodh sé ann ach ponc solais, cosúil leis na réaltaí, ach amháin go mbeadh sé ag gluaiseacht trasna na spéire iontach sciobtha. Tá Phobos níos gaire do dhromchla Mharsa, ach mar sin féin, tá sé ag breathnú níos lú ná an Ghrian. (Coinnímis cuimhne air go bhfuil an Ghealach s'againn féin ag breathnú lán chomh mór leis an nGrian, mar a fheicimid féin í.) Tá an dá ghealach ag fithisiú chomh cóngarach do Mhars agus nach féidir iad a fheiceáil ó gach ball den phláinéad.

Téann Phobos timpeall ar Mhars níos sciobtha ná an tsolasteorainn féin. Mar sin, feictear ag éirí thiar agus ag dul faoi thoir é. Níl Deimos chomh sciobtha céanna, agus mar sin, éiríonn sé ar an spéir thoir agus téann sé faoi ar an spéir thiar.

Na Spásárthaí á scaoileadh go Mars[athraigh | edit source]

Pathfinder

Tá na dosaein de spásárthaí scaoilte ag na Stáit Aontaithe, ag an Aontas Sóivéadach, ag Údarás Spáis na hEorpa agus ag an tSeapáin i dtreo Mharsa, agus is iomaí ceann acu nár tháinig a fhad leis an bpláinéad dearg riamh. Chuir trioblóidí de shórt éigin deireadh le dhá mhisiún as gach triúr sula raibh siad críochnaithe, nó, i gcuid mhór cásanna, oiread is tosaithe. Fadhbanna teicneolaíochta is cúis le go leor trioblóidí den chineál seo, ach, go minic, ní raibh sé indéanta an chúis a fháil amach. Mar sin, bíonn an lucht saineolais féin ag trácht, idir shúgradh agus dháiríre, ar "thriantán Bhermuda" sa spás, agus é comhdhéanta as an Domhan, Mars agus an Ghrian, nó ag tagairt do "gheasa Mharsa" nó d'arrachtach spáis agus é ag ithe spásárthaí. Mar sin féin, tháinig cuid mhaith spásárthaí thart leis an "arrachtach" le taighde fónta fiúntach a dhéanamh ar an bpláinéad, cosúil leis na taiscéalaithe Sóivéadacha Mars, leis na sraitheanna Meiriceánacha Mariner agus Viking, chomh maith le Mars Global Surveyor, Mars Pathfinder, agus 2001 Mars Odyssey. Tá an Surveyor tar éis pictiúirí a tharraingt a thugann le fios gur féidir foinsí uisce a bheith faoi dhromchla an phláinéid - uisce nach bhfuil sioctha síos ina leac oighir. Shocraigh an Mars Odyssey go bhfuil sil-leaganacha substainteacha uisce sa chuid is uachtaraí de reigilít Mharsa faoi 30° de phol thuaidh agus de phol theas an phláinéid.

Sa bhliain 2003, scaoil ESA an taiscéalaí Mars Express chun bealaigh, agus é comhdhéanta as dhá aonad, mar atá, an fithiseoir, an Mars Express Orbiter, agus an gléas tuirlingthe, Beagle a Dó. Cailleadh an gléas tuirlingthe, ach d'éirigh leis an bhfithiseoir go leor pictiúiri a thógáil agus sonruithe a dhéanamh.

Sa bhliain chéanna a leainseáil NASA dhá ghluaisteán cianrialaithe a bhí ceaptha le dromchla Mharsa a shiúl agus taighde a dhéanamh air - an Spirit agus an Opportunity. Thuirling an dá shiúlóir seo go sábháilte, agus chruthaigh siad i bhfad ní b'fhearr ná mar a shíltí. Ní raibh siad ach le trí mhí a chaitheamh i mbun oibre, ó Mhí Eanáir den bhliain 2004 anuas, ach bhí siad in ann leanúint i mbun a misiúin go deireadh na bliana 2005, ar a laghad, siúd is go raibh cuid den ghléasra tar éis dul ar ainghléas idir an dá linn. Thar aon rud eile, tháinig an dá mheaisín seo trasna ar thuilleadh fianaise go raibh uisce ann. Thairis sin, chuir an Spirit sonrú i gcuaifigh deannaigh - "diabhail dusta", mar a thugtar orthu i mbéarlagair Mheiriceá - is é sin, cuaifigh ghaoithe agus iad ag fáil greama ar an deannach. Uaireanta, chuaigh cuaifeach den chineál seo thar cheann de na gluaisteáin seo, agus nuair a chuaigh, ghlan sé an dusta de na painéil ghréine.

Logainmneacha Mharsa[athraigh | edit source]

Tháinig ainm Mharsa féin ó dhia cogaidh na Rómhánach, ó tá an pláinéad chomh dearg le braon fola thuas ar an spéir.

B'iad Johann Heinrich Mädler agus Wilhelm Beer an chéad bheirt a chuaigh ag mapáil saintréithre geografacha (nó "areografacha") Mharsa. Tá níos mó clú orthu inniu, áfach, de bharr na hoibre a rinne siad ag léarscáiliú na Gealaí ón mbliain 1830 anuas. Roimh aon rud eile, shocraigh siad nach raibh an chuid ba mhó de na saintréithre sin ag athrú, agus b'iadsan fosta a shocraigh an t-am a thógann sé ar Mhars rothlú amháin a chríochnú thart ar a ais. Sa bhliain 1840, tharraing Mädler an chéad mhapa de Mhars riamh, agus breathnuithe deich mblian mar bhunús aige leis. Níor bhaist siad ainmneacha ar na háiteanna, áfach, nó ní raibh acu ach litreacha len iad a shainiú. Sheas an litir "a", mar shampla, do Sinus Meridiani.

Thar an chéad fiche bliain eile, nuair a bhí na hionstraimí breathnóireachta ag dul i bhfeabhas agus na breathnóirí féin ag éirí ní ba líonmhaire, bhí gach aon mhac máthara acu ag tabhairt ainmneacha dá dhéantús féin ar na miontréithre a d'aithin sé ar Mhars, rud a d'fhág logainmníocht Mharsa ina praiseach ar fad. Mar shampla, bhí "Oculus" - an tSúil Bheag - á thabhairt ar Solis Lacus, agus Muir an Orláiste nó An Scairp ar Syrtis Major. Sa bhliain 1858, bhaist an tÍosánach Angelo Secchi "Canáil an Atlantaigh" air. B'é tuairim Secchi go raibh an pháirt chéanna á déanamh ag an "gcanáil" áirithe seo i dtíreolaíocht Mharsa agus a bhí ag an Atlantach ar an Domhan - is é sin, an tsean-ilchríoch a dhealú ón oileán úr. B'é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an téarma mí-ádhúil sin "canáil" a rinne an oiread sin dochair d'obair mhapála Mharsa ina dhiaidh.

Sa bhliain 1867, tharraing an réalteolaí Sasanach Richard Anthony Proctor mapa de Mhars agus é bunaithe ar na líníochtaí a rinne William Rutter Davis dhá bhliain roimhe sin. Is é an prionsabal a bhí aige, dar leis féin, agus é ag ainmniú na n-áiteanna ná "ainmneacha na mbreathnóirí a rinne a staidéar ar shaintréithre fisiciúla Mharsa a thabhairt ar na saintréithre sin". Seo samplaí de na hainmneacha ar bhain Proctor úsáid astu:

Ina dhiaidh sin, is iomaí locht a fuarthas ar na hainmneacha a d'úsáid Proctor. Níorbh é an locht ba mhó ná gur thug sé ómós do na réalteolaithe Sasanacha thar aon dream eile: ba mheasa ná sin an ró-úsáid a bhain sé as ainm gach duine ar leith. Mar sin, tá idir Aigéan Dawes, Caolas Dawes, Farraige Dawes, Ilchríoch Dawes, Oileán Dawes, agus Bá Dhúbailte Dawes ar a mhapa-san. Mar sin féin, tús maith a bhí ann, siúd is nár mhair na hainmneacha.

Maireann cuid mhaith de na hainmneacha a tháinig ó Schiaparelli, áfach. B'eisean a bhaist Syrtis Major, mar shampla, ina mhapa, a foilsíodh sa bhliain 1877. Ar ndóigh, ó fuarthas amach nach raibh ina chuid canálacha ach iomrall súl, caitheadh ainmneacha na gcanálacha i dtraipisí leis na canálacha féin. Ón taobh eile de, rinneadh mionathruithe anseo agus ansiúd, má bhí sé tar éis ainm neamhoiriúnach a thabhairt ar áit éigin. Mar shampla, hathbhaisteadh Olympus Mons, nó Sliabh Olympos, ar an mball ar thug sé Nix Olympica, nó an Sneachta Oilimpeach, air.


Is gnách cráitéir mhóra a ainmniú as eolaithe tábhachtacha agus as scríbhneoirí ficsin eolaíochta. Mar shampla, fuair idir Phroctor féin, Schiaparelli agus Percival Lowell a gcráitéir féin ar Mhars. Baistear áitainmneacha de chuid an Domhain ar na cráitéir bheaga, ar nós Porvoo san Fhionlainn nó Kem' sa Rúis.

Breathnóireacht Mharsa[athraigh | edit source]

Uair in aghaidh na seacht gcéad ceithre scór lá (780 lá, nó uair in aghaidh an dá bhliain, na seacht seachtaine agus an t-aon lá amháin), téann Mars thart leis an Domhan faoi chorradh is ceithre scór mílliún ciliméadar (80,000,000 km) de. Ó tá an fhithis ar déanamh an éilips, ní hionann an fad seo gach uair. An té a chaithfidh súil ar Mhars gan aon ghléas cianradhairc a úsáid, aithneoidh sé dath buí, deargbhuí nó dearg air. Thairis sin, tá gile Mharsa an-athraitheach, nó nuair a shroicfidh sé an pointe is faide uainn ar a chamchuairt, beidh sé seacht n-uaire níos faide ná sa phointe is gaire dúinn. Ní féidir Mars a aithint thar bhladhairí na Gréine ar feadh na míonna a chaitheann sé taobh thiar den Ghrian uainn, ar ndóighe. Faoi dhó in aghaidh dhá bhliain déag is fiche, bíonn Mars chomh cóngarach dúinn agus gur féidir cuid mhór miontréithre a aithint le teileascóp. Ansin, bíonn na caidhpeanna polacha oighir le feiceáil fiú trí theileascóp réasúnta lag.

Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa, ag 9:51:13 (de réir an Ama Uilíoch), sa bhliain 2003, tháinig Mars ní ba ghaire don Domhan ná riamh le trí scór míle bliain (60,000 bliain) anuas. Ní raibh ach 55,758,006 chiliméadar dár ndealú ón bpláinéad dearg, ansin. Bhí Mars díreach i ndiaidh a urchomhaireacht agus a chianphointe don Ghrian a fhágáil - dhá rud a d'fhág inár gcóngar é. Leis an teagmháil seo a chur ina coimhthéacs, áfach, ní mór cuimhne a choinneáil air nach raibh an pláinéad ach céad milliúnú cuid níos gaire dúinn ná mar a bhí sa bhliain 1924.

Ar an deichiú lá de Mhí na Samhna, 2084, tiocfaidh an Domhan idir an Ghrian agus Mars. Ar an lá sin, beidh trasdul an Domhain - is é sin, an Domhan ag dul trasna na Gréine - le feiceáil ó Mhars, má bhíonn daoine ansin le súil a choinneáil air. Is féidir, freisin, trasdul Mhearcair agus trasdul Véineas a fheiceáil ó Mhars.

Dreigítí a tháinig ó Mhars[athraigh | edit source]

Tá dornán dreigítí faighte ar an Domhan a bhfuil an chuma orthu gurb as Mars a tháinig siad ar an chéad ásc. Tá aithne baictéirí seanársa ar dhá cheann acu, mar a fheictear do chuid de na saineolaithe. Ar an 6ú lá de Mhí Lúnasa, 1996, d'fhógair údarás spáis na Stát Aontaithe go raibh ion-taisí i ndiaidh orgánaigh aonchillíneacha aitheanta ar an dreigít úd ALH84001. Ábhar conspóide is ea é i gcónaí an ion-taisí a bhí ann dháiríre, agus an leor iad mar chruthúnas go raibh beatha, fiú aonchillíneach, ar dhroim Mharsa riamh.

Ar an gceathrú lá déag de Mhí Aibreáin, 2004, d'fhógair NASA gurbh ionann an chloch úd Bounce, a ndearna an gluaisteán cianstiúrtha úd Opportunity taighde uirthi, - gurbh ionann an chloch seo ó thaobh a comhdhéanta de agus an dreigít úd EETA79001-B ar thángthas uirthi san Antartach thiar sa bhliain 1979. Is dócha gur tháinig siad as an gcráitéar céanna ó thús, nuair a cruthaíodh an cráitéar sin, nó ó dhá chráitéar a bhí suite réasúnta gar dá chéile, ar a laghad.

Beatha ar Mhars?[athraigh | edit source]

Tá fianaise ann a thugann le fios go raibh Mars ní b'fhabhraí don bheatha anallód ná inniu, ach níltear cinnte go fóill, an raibh orgánaigh nó neacha beo ann dháiríre. Creideann cuid de na saineolaithe go bhfuair siad lorg i ndiaidh beatha i gclocha áirithe, mar a chonaic muid thuas, ach is ábhar conspóide é i gcónaí. Maidir leis an gcloch is spéisiúla acu, mar atá, an dreigít úd ALH84001, is é an chiall a baineadh as an taighde geolaíoch atá déanta ar an gcloch sin ná nár tháinig sí riamh in áit ina raibh uisce reatha le fáil, nó ní cheadódh an teocht ina timpeall é.

Nuair a thuirling na taiscéalaithe Viking ar dhromchla Mharsa, bhí gléasra ar iompar acu a chuir ar chumas na saineolaithe trialacha agus turgnaimh a dhéanamh le miocrorgánaigh a chuardach agus a aithint. Bhí rath ar chuid de na turgnaimh, ach ní rabhthas sásta toiliú leis gur leor iad mar fhianaise, ina dhiaidh sin. Is féidir an meatán in atmaisféar an phláinéid a mhíniú mar thoradh ar ghníomhaíocht bhitheolaíoch ar an bpláinéad, ach tá mínithe eile ann freisin.

Má théann na daoine choíche ag míntíriú is ag coilíniú pláinéid eile sa ghrianchóras seo, is é Mars an áit is fearr le sin a dhéanamh. Ní bheadh sé leath chomh furasta stáisiún seasta a bhunú ar Véineas ná ar Mhearcair, mar shampla.

Bratach Mharsa[athraigh | edit source]

Cé nach bhfuiltear ag bunú stáisiúin ná coilíneachtaí ar Mhars go fóill, tá bratach ann cheana féin a d'fhéadfadh muintir Mharsa a chur in airde. Trídhathach dearg, uaine agus gorm atá ann, agus is iad úrscéalta Kim Stanley Robinson faoi choilíniú Mharsa is bunús leis an dearadh seo. B'é Pascal Lee, innealtóir de chuid NASA, a dhear an bhratach. Tá Pascal Lee i gceannas ar an tascfhórsa atá ag pleanáil stáisiún seasta taighde ar an bpláinéad - FMARS, nó Flashline Mars Arctic Research Station. Seasann na datha don fhorbairt ar thug an scríbhneoir Robinson cur síos air ina chuid úrscéalta: ar tús, is pláinéad dearg seasc é Mars, ansin, agus an bheatha ag fréamhú ansin, tiocfaidh an dath glasuaine air, agus sa deireadh, beidh an pláinéad míntírithe go hiomlán, agus uisce reatha ag sní ar a dhromchla - i gcruth is gur féidir pláinéad gorm a thabhairt air. Tá an bhratach seo in úsáid ag Cumann Mharsa - The Mars Society - mar shuaitheantas oifigiúil. Eagraíocht neamhbhrabúis é Cumann Mharsa atá dírithe ar choilíniú Mharsa a chur chun cinn.

Mars sa litríocht fhicseanúil[athraigh | edit source]

Nuair a bhí na saineolaithe féin ag tabhairt le fios go raibh gléas beatha agus, fiú, canálacha ar Mhars, tarraingíodh súil na scríbhneoirí ar an bpláinéad dearg, agus tháinig roinnt mhaith úrscéalta ar pár ag tabhairt cur síos ar shaol mhuintir Mhars mar a samhlaíodh do na húdair iad. Is iomaí scríbhneoir a shíl gur pláinéad sna céadéaga ab ea é Mars, agus a mhuintir ag gearradh canálacha trasna a dhromchla leis an mbeagán uisce a bhailiú agus a roinnt ina measc chomh hiomlán agus ab fhéidir. Mar shampla, is cuid lárnach de radharcra Mharsa, nó Barsoom, ag Edgar Rice Burroughs na farraigí triomaithe atá á siúl ag na fir uaine. D'imir an smaoineamh seo a thionchar ar H. G. Wells, freisin, nuair a scríobh sé Cogadh na Reann. Scéal clasaiceach is ea é faoi arrachtaigh a d'fhéach le teacht slán óna bpláinéad leathmharbh féin agus socrú síos ar an Domhan, agus iad ag cur catha ar na daoine le gás nimhe agus le hairm nua-aoiseacha eile. Sa deireadh, fuair siad bás, ó nach raibh súil acu le baictéirí an Domhain.

Nuair a fuarthas tuiscint níos fearr ar Mhars, d'éirigh na scríbhneoirí as scéalta den chineál seo. Ansin, d'éirigh sé faisiúnta scéalta a insint faoi dhaoine a théann ón Domhan go dtí Mars leis an áit a thabhairt chun míntíreachais agus le stát a bhunú ansin a bheidh beag beann ar an Domhan. Is féidir an téama seo a aithint sa tríológ faoi Mhars a scríobh Kim Stanley Robinson, Red Mars - Green Mars - Blue Mars.

Tagairtí[athraigh | edit source]

athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris