Barsoom

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Barsoom an t-ainm a bhaist an scríbhneoir Meiriceánach Edgar Rice Burroughs ar Mhars ina shraith d'úrscéalta éadroma faoi eachtraí an laoich John Carter ar an bpláinéad dearg. Cé go raibh ráchairt mhór ar na húrscéalta seo lena lá, agus tionchar acu ar fhorbairt an fhicsin eolaíochta, go háirithe ar an gcineál scéalaíochta ar a dtugtar ceoldráma spáis, is beag iarracht a rinneadh leis na húrscéalta seo a stáitsiú mar scannáin nó ar an teilifís. Baineadh i bhfad ní ba mhó úsáid as Tarzan, laoch eile a tháinig ó pheann Bhurroughs, ná as John Carter, sa scannánaíocht, ar an teilifís agus sna greannáin. Is dócha nár lig rialúcháin Hollywood do na stiúrthóirí scannáin an oiread sin lomnochtachta a thaispeáint ar an scáileán, nó cuireann Burroughs béim air uair i ndiaidh a chéile nach gcaitheann na mná féin ar Bharsoom ach seodra - gan oiread is scriosán éadaigh orthu.

Ciníocha Bharsoom[athraigh | edit source]

Is iad na ciníocha is tábhachtaí ar Bharsoom ná an cine dearg, an cine uaine, na Therns Naofa agus na foghlaithe dubha. Thairis sin, tá roinnt ciníocha eile ann. Síleann formhór na ndaoine eile ar Bharsoom go bhfuil máistirchine na laethanta a bhí, na hOrovars gheala, in éag leis na cianta cairbreacha, ach, i gcupla ceann de na húrscéalta, tagann na laochra trasna ar iarsmaí beaga de na hOrovars in áiteanna iargúlta.

Ní shaolaítear páistí do mhná na gciníocha daonna ar Bharsoom. Is gnách leo ubha a chur. Úsáidtear gléasra éagsúil leis na hubha a ghoradh. Na páistí a thagann as na hubha, tá siad an-chosúil le duine fásta, ach caithfear an teanga dhaonna a mhúineadh dóibh chomh maith le nósanna daonna, le go mbeidís in ann maireachtáil i measc na ndaoine eile.

Tá ciníocha Bharsoom ar fad an-tugtha don chogaíocht. Ós rud é go bhfuil na hacmhainní gann ar an bpláinéad atá ag saothrú an bháis cheana féin, caithfidh na náisiúin agus na daoine troid a chur ar a chéile le saol an chéad lae eile a bhaint amach dóibh féin. Na daoine nach bhfaigheann bás sa chogadh, áfach, tá fad saoil i ndán dóibh, nó is dual don duine de mhuintir Bharsoom saol míle bliain a bheith aige. I ndeireadh an tsaoil, is nós leis an gcuid is mó de mhuintir Bharsoom oilithreacht a dhéanamh go dtí Gleann Dor in aice le pol theas an phláinéid.

An Cine Uaine[athraigh | edit source]

Fathaigh is ea iad na daoine uaine, agus ceithre lámh acu. Ní gnách leo tithe a thógáil, nó caitheann siad an chuid is mó dá saol ar muin an chapaill, nó thoat, mar a thugtar ar an ainmhí a mbaintear an úsáid chéanna as. Nuair atá áit champála de dhíth orthu, áfach, is gnách leo fanacht i gceann de na cathracha bánaithe a d'fhág na hOrovars ina ndiaidh. Tá na daoine uaine roinnte ina dtreibheanna éagsúla, agus iad ag cur síorchogaidh ar a chéile. Is iad an dá threibh is tábhachtaí ná na Warhoons agus na Tharks. Nuair a tháinig John Carter go dtí Barsoom an chéad uair, d'éirigh leis mórtachas a dhéanamh le taoiseach na Tharks, Tars Tarkas, agus mar sin, bhain sé amach stádas áirithe mar mhiontaoiseach dó féin i measc na treibhe seo.

Cine uafásach iad na daoine uaine, áfach, nó ní bhacann siad leis an ngrá ná leis an gcairdeas féin. Is é an Sádachas an sult is mó atá sa saol acu. Is maith leo a gcuid cimí a chéasadh chun báis ag féilte cruálacha atá cosúil le sorcas na sean-Rómhánach.

jeddak, is é sin, Impire nó Ard-Rí, i gceannas ar gach treibh, ar nós na Tharks nó na Warhoons. Jed a thugtar ar an mionrí atá i gceannas ar an gcraobh áitiúil den treibh. An chraobh de Tharks a chimigh John Carter ar dtús, bhí jed arbh ainm dó Lorquas Ptomel á rialú.

Caithfidh gach cogaí uaine fear amháin a mharú le go nglacfaí dáiríre é. An cogaí nach bhfuil aon fhear maraithe aige, níl ach ainm amháin air, agus é faoi dhímheas mar o mad - is é mad an focal i dteanga Bharsoom a chiallaíonn "fear". Nuair a mharóidh an fear seo fear éigin eile an chéad uair, gheobhaidh sé an dara hainm ón bhfear seo, chomh maith le maoin shaolta an fhir mhairbh. Más taoiseach de chineál éigin é an fear eile sin, gheobhaidh fear a mharaithe a chéimíocht mar thaoiseach. I dtús a chaithréime i measc na bhfear uaine, mharaigh John Carter beirt mhiontaoiseach dá gcuid, agus thugadh na fir uaine Dotar Sojat air, ó b'iad Dotar agus Sojat ainmneacha an bheirt fhear sin.

An Cine Dearg[athraigh | edit source]

Is é an cine dearg an cine is tábhachtaí ar Bharsoom. Tá na daoine dearga cosúil le cine daonna an Domhain, ach amháin go bhfuil siad i bhfad níos áille agus i bhfad níos fadsaolaí. Cine measctha is ea iad, agus iad fáiscthe as na hOrovars, na Therns agus na daoine dubha araon. Tá ardsibhialtacht teicneolaíoch acu, agus cónaí orthu i gcathracha móra cuidsúlacha. Is gnách nach bhfuil ach cathair nó cupla ceann acu i ngach stát, rud a chuirfeadh an tsean-Ghréig i gcuimhne duit. An tír a roghnaigh John Carter mar dhúchas nua, mar atá, Helium, níl ann go bunúsach ach an phríomhchathair dhúbailte, Helium Mór agus Helium Beag, maille le cathair amháin eile, mar atá, Hastor. Thairis sin, nuair a bhí Dejah Thoris cimithe ag rí na cathrach úd Zodanga, agus sluaite Helium ag teacht á saoradh, cuireadh an chathair sin le tailte Helium nuair a bhí muintir Zodanga buailte i gcath mór millteanach.

Úsáidtear na focail jed agus jeddak i measc an chine dheirg freisin. Is é an jeddak an tArd-Rí atá ag rialú náisiún iomlán, agus má tá níos mó ná aon chathair amháin aige, tugtar jed ar an mionrí atá i gceannas na cathrach eile. Is féidir don jed a bheith ina ghinearál airm freisin. De ghnáth, tá gaol dlúth ag an jed leis an jeddak: is duine den rítheaghlach é, agus is féidir dó bheith ina chomharba don jeddak. Cineál prionsa atá ann.

Na Therns Naofa[athraigh | edit source]

Is iad na Therns naofa atá i mbun na dteampall agus iad ina sagairt agus ina gcosantóirí creidimh. Áitíonn siad ar na daoine go bhfuil Parthas ag fanacht leo i ndeireadh a saoil i nGleann Dor. Nuair a thagann John Carter féin go Gleann Dor, áfach, rud a tharlaíonn de thaisme, faigheann sé amach nach bhfuil i gceist leis an reiligiún ar fad ach feall a d'imir na Therns ar na daoine dearga le hiad a chimiú agus a chur faoi chois. Le fírinne, is cine míthrócaireach ar fad ar fad iad na Therns, agus níl meas an mhadra acu ar an gcine dearg.

Tá craiceann geal ag na Therns, agus iad blagaideach, na mná chomh maith leis na fir. Caitheann siad peiriúic gheala órga ar an mblagaid mar chuimhneachán ar a sinsir, na hOrovars, a raibh folt órga acu. Níl na Therns cosúil ar aon nós leis na hOrovars, ar cine lách sibhialta iad gan aon bhlas den fhealltóireacht agus den mhíthrócaire is dual do na Therns.


Na Daoine Dubha[athraigh | edit source]

Foghlaithe aeir is ea iad an cine dubh, agus báid sciobtha aeir acu. Bíonn siad go mion minic ag ionsaí báid aeir an chine dheirg le hearraí a chreachadh agus le daoine a chimiú agus a chur i ndaoirse. Cine baoth, brúidiúil, míthrócaireach is ea iad go hiomlán, cosúil lena ndeargnaimhde, na Therns naofa. An feall a d'imir na Therns ar an gcine daonna lena reiligiún, d'imir na daoine dubha an feall ceannann céanna ar na Therns, nó nuair a fhaigheann na Therns iad féin os comhair Issus, dia mhuintir Mharsa, feiceann siad nach bhfuil ann, mar Issus, ach seanbhean ghránna de chine na ndaoine dubha. Mar sin féin, nuair a bhagraíonn John Carter an fhírinne faoi reiligiún na Therns a nochtadh don tsaol mhór, éiríonn leis na Therns agus na daoine dubha comhghuaillíocht a shocrú, ó tá siad araon i dtuilleamaí an reiligiúin le daoir agus maoin shaolta a fháil.

Teicneolaíocht Bharsoom[athraigh | edit source]

Tá teicneolaíocht Bharsoom níos forbartha ná teicneolaíocht na linne ar an Domhan. Tá báid aeir ag an gcine dearg agus ag an gcine dubh, agus iad á gcoinneáil ag eitilt ag an "ochtú dath", cineál solais nach bhfuil ar fáil ar an Domhan. Agus an dóigh a gcuireann Burroughs an t-aireagán ardteicneolaíoch seo in aithne don léitheoir, is léir d'aon duine a bhfuil uraiceacht na fisice aige nár thuig an scríbhneoir go rómhaith an difríocht idir fuinneamh agus damhna. Nó is follasach gur shíl sé go bhféadfá ga solais a choinneáil i gcoimeádán mar a bheadh gás ann.

Úsáideann muintir Bharsoom airm thine freisin, agus iad ag scaoileadh urchair a bhfuil ábhar pléasctha iontu. Tugann Burroughs "raidiam" ar an ábhar pléasctha seo, ós rud é go dtugann an taighde is úire ar an Domhan le fios gur ábhar radaighníomhach atá i gceist. An lámhscríbhinn a fuair mé ó John Carter, taispeánann sí ainm an ábhair i litreacha de chuid mhuintir Helium nach ndéanfadh an léitheoir bun ná barr díobh agus nach bhféadfadh sé na fuaimeanna cearta a bhaint astu. Nuair a scríobh Burroughs an chéad leabhar, bhí an radaighníomhaíocht go mór mór i mbéal an phobail, go háirithe i ndiaidh an taighde a rinne Pierre agus Marie Curie, agus theastaigh ó Bhurroughs a chuid idéanna féin a cheangal den aireagán seo, le blas na heolaíochtúlachta a chur leo.

Cultúr Bharsoom[athraigh | edit source]

Ós rud é go maireann daoine deargchraicneacha Bharsoom óg aerach an chuid is faide dá saol mílaoiseach, is gnách leo a gcuid ama a chaitheamh i mbun scoraíochtaí éadromchroíocha ar nós na ndamhsaí agus na hamhránaíochta. San am céanna, bíonn siad ag cur cogaidh ar mhuintir na gcathrach eile, agus urraim acu don chogadh mar stíl bheatha: Caithfidh muid go léir bás a fháil. Níl sásamh ar bith ag baint leis an mbás a thiocfaidh ort agus tú ag éileamh le galar éigin sa leaba. Cén fáth nach rachfá i bpáirc an áir le bás a fháil i gcluiche atá lán sceitimíní?, mar a dúirt duine de mhuintir Bharsoom i gceann de na leabhair. Ní hionann cogadh agus cogadh, ar ndóigh. Tá saol mhuintir Bharsoom srianta go dian ag na nósanna, an chogaíocht san áireamh. Mar sin, is rogha leis na cogaithe dul i gcath aonair na gclaímhte le chéile, ós rud é nach bhfuil mórán onórach ag baint leis an bpiostal mar arm.

Is léir go bhfuil an cogadh agus an grá fite fuaite le chéile i saol Bharsoom. Níl cead ag an bhfear ceiliúr pósta a chur ar an mbean óg sula bhfuil sé tar éis onóir an chailín sin a chosaint lena chlaíomh. Nuair atá an ghirseach sásta leis an bhfear mar ghrá geal, is nós léi "a thaoisigh" a thabhairt air, agus is é an ceiliúr a chuireann an fear uirthise ná "a bhanphrionsa".

Daoine onóracha iad muintir Bharsoom de ghnáth, agus iad sárannamh ag déanamh coireanna áirithe a bhfuil easonóir ag baint leo, ar nós na gadaíochta. San am céanna, is ceird phroifisiúnta í an fheallmharfóireacht, agus a gcuid cuallachtaí is gildeanna ag na feallmharfóirí, chomh maith le riailbhéas na honóra dá gcuid féin.

Siúd is go bhfuil a n-arm dúchasach féin ag gach stát, tá amhais nó saighdiúirí pá ann freisin, agus iad ag dul timpeall ar lorg fostú ó fhórsaí armtha an phláinéid ar fad. Panthan a thugtar ar shaighdiúir pá den chineál sin i dteanga Bharsoom. Ruagaire reatha is ea é an panthan tipiciúil, agus is iomaí panthan a chuaigh ag fánaíocht mar sin i ndiaidh dó coir éigin a dhéanamh a thabhaigh easonóir dó. Is minic, freisin, a thugann laochra Bhurroughs le fios gur panthans iad, nuair is fearr leo gan aon duine a bheith rófhiosrúil faoina gcúlra.

Ar ndóigh, bíonn tíortha agus cultúir éagsúla ann ar fud Bharsoom, agus difríochtaí suntasacha eatarthu. Mar shampla, tá an dá thír úd Phundahl agus Toonol in achrann a chéile ar chúiseanna saoldearcaidh. Adhraíonn muintir Phundahl dia bréige arb ainm dó Tur. Is gnách leo an eacstaise reiligiúnda a shroicheadh agus an mantra Is é Tur Tur, is é Tur Tur, is é Tur Tur á rá is á athrá acu uair i ndiaidh a chéile. Ní thuigeann a gcuid comharsan, muintir Toonol, cad é an leas atá ag baint leis na nósanna seo, nó is réasúnaithe agus ábharaithe iad nach dtugann urraim d'aon dia, ach amháin don eolaíocht agus don intleacht dhaonna.

Teanga Bharsoom[athraigh | edit source]

Is í an teanga chéanna a labhraíonn na ciníocha éagsúla ar fad ar Bharsoom. San am céanna, úsáidtear aibítreacha éagsúla i ngach tír leis an teanga sin a bhreacadh síos. Mar sin, an té a fhaigheann é féin ar an gcoigríoch, tuigeann sé gach focal dá gcloiseann sé á rá ina thimpeall, ach san am céanna, tá sé dall ar fad ar na fógráin scríofa. Bíonn focail áitiúla á n-úsáid anseo agus ansiúd, áfach. Mar shampla, tá téarmaí dá gcuid féin ag an gcine dubh, an focal dator ach go háirithe, a chiallaíonn prionsa nó fear uasal de phór an chine chéanna.

Bhí Burroughs ina cheannródaí ag ceapadh teangacha saorga do na ciníocha coimhthíocha ina chuid leabhar, cé nár bhac sé riamh ach le focail a chumadh: ní bhíodh rialacha casta gramadaí i gceist aige. De réir mar a dhealraíonn sé, ní raibh aon teanga iasachta aige, agus ba mhinic nár éirigh leis ainmneacha inchreidte a bhaisteadh ar na Rúisigh nó ar na Gearmánaigh ina chuid leabhar faoi Tarzan. Shuigh sé rogha a chuid scéalta i dtimpeallachtaí nach raibh baint acu leis an réaltacht ná le fíor-gheograife an Domhain, agus is dócha nár thaitin srianta na réaltachta - ar nós tíortha agus teangacha a bhí ann dháiríre - nár thaitin na srianta seo leis, ó bhí sé níos tugtha do shaor-eitilt na fantaisíochta le linn na scríbhneoireachta féin ná d'aon chineál réamhthaighde nó obair ullmhúcháin roimh an gcumadóireacht.

Gluais[athraigh | edit source]

  • apt cineál mamat; tá na hainmhithe seo le fáil thart ar phol thuaidh Mharsa
  • banth ainmhí mór creiche, cosúil leis an leon
  • Barsoom Mars
  • calot ainmhí a mbaintear úsáid an mhadra as, agus é dílis dá mháistir. Tá sé níos mó agus níos dainséaraí ná madraí an Domhain, áfach.
  • Cosoom Véineas
  • darseen cineál reiptíl a athraíonn a dath de réir na timpeallachta, cosúil le caimileon an Domhain
  • dator prionsa de chuid na nDubh
  • dwar oifigeach san arm, captaen
  • hekkador sagart nó easpag de chuid na Therns
  • Jasoom an Domhan
  • jed mionrí nó prionsa, agus aon chathair amháin á rialú aige
  • jeddak rí nó impire, agus ríocht iomlán á rialú aige
  • jedwar marascal machaire, an chéimíocht is airde san arm
  • jetan cluiche atá cosúil le ficheall, agus é á imirt ag muintir Mharsa
  • kaldane sórt ceann gan cholainn, nach bhfuil ach cosa an damháin alla faoi. Cine ardintleachtúil iad na kaldanes nach mbíonn mothúcháin mhaoithneacha acu.
  • kaor! Dia duit!
  • malagor éan mór millteanach. Tá na malagors le fáil i bportaigh mhóra Toonol.
  • odwar oifigeach sách ard san arm, cosúil le coirnéal nó fiú ginearál
  • padwar leifteanant san arm
  • panthan saighdiúir ar tuarastal, siúlóir saighdiúra a bhíonn ag taisteal an phláinéid agus é sásta liostáil in aon arm a ghlacfaidh leis
  • Rasoom Mearcair
  • rykor colainn gan cheann, agus í beo. Bíonn na kaldanes ag dul i muinín na rykors le haghaidh marcaíochta agus á gcothú is á mbeathú mar bheostoc.
  • silian sórt iasc nó sliogiasc mara
  • sorak ainmhí beag a choinnítear mar pheata
  • sorapus cineál adhmad
  • teedwar cineál oifigeach san arm é seo freisin, ach níor thug Burroughs riamh aon mhíniú ar an téarma. Níl sé le fáil ach in aon cheann amháin dá chuid leabhar faoi Barsoom.
  • than gnáthshaighdiúir
  • thoat ainmhí marcaíochta, cosúil leis an gcapall
  • ulsio francach Bharsoom, ainmhí salach dainséarach agus cónaí air sna dorchlaí faoi thalamh
  • zitidar ainmhí mór a úsáidtear le hualaí troma a iompar, cosúil leis an damh.

Reiligiún Bharsoom[athraigh | edit source]

Amach ón gcupla cultas áitiúil, cosúil le cultas Tur in Phundahl, b'é reiligiún Issus comhreiligiún na ndaoine dearg is na bhfathach uaine féin ar fud Bharsoom ar fad, go dtí gur nocht John Carter do mhuintir an phláinéid go léir nach raibh ann ach cur i gcéill. Roimhe sin féin, áfach, bhí daoine aonair ag diúltú don chreideamh faoi cheilt. Nuair a bhí John Carter ag déanamh ar chathair Kaol, casadh oifigeach de chuid na cathrach sin air, Torkar Bar, a bhí ag coinneáil súile ar an muintir isteach. Ós rud é go raibh jeddak chathair Kaol, Kulan Tith, an-urramach do reiligiún na Therns naofa, bhí sé tar éis orduithe a thabhairt do Torkar Bar gan John Carter a fhágáil ina bheo, dá gcasfaí air é. Mar sin féin, ní dhearna Torkar Bar aon iarracht Carter a stopadh, ó bhí sé féin tar éis droim láimhe a thabhairt le reiligiún na Therns as a stuaim féin:

Is é mo dhualgas tú a mharú, a John Carter, agus ba chóir dom an dualgas sin a chomhlíonadh go ríméadach. I mo chroí istigh, áfach, bhí ardmheas agam riamh ar do ghaisce mar chogaí, agus shíl mé riamh gur fear ionraic a bhí ionat. San am céanna, tháinig amhras orm i leith na Therns naofa, go dtí gur chaill mé gach urraim dá reiligiún.

Na Leabhair[athraigh | edit source]

* The Princess of Mars[athraigh | edit source]

Sa leabhar seo, tháinig John Carter ar Bharsoom an chéad uair. Chaith sé seal ag troid i measc na bhfear uaine de threibh Thark, agus fuair sé aithne ar Tars Tarkas. Thit sé i ngrá le Dejah Thoris, banphrionsa álainn Helium, agus shábháil sé í ó phrionsa Zodanga, a d'fhuadaigh í le hí a phósadh. An t-arm mór comhghuaillíochta a d'fhruiligh sé, rinne sé ródach agus léirscrios ar Zodanga.

* The Gods of Mars[athraigh | edit source]

San úrscéal seo, d'fhill John Carter ar Bharsoom i ndiaidh dó seal a chaitheamh ar an Domhan in aghaidh a thola. Fuair sé é féin i nGleann Dor, ach, ar ámharaí an tsaoil, bhí Tars Tarkas ar an chéad duine a casadh air ansin. Agus iad le chéile arís, chuir an bheirt seo cath i ndiaidh catha ar na Therns agus ar na fir dhubha le Dejah Thoris a shaoradh agus leis an éitheach a nochtadh ar a raibh reiligiún Issus bunaithe. Tháinig Carter chun tarrthála ar chailín eile seachas Dejah Thoris freisin, mar atá, Thuvia, banphrionsa Ptarth. Nuair a chuala jeddak Ptarth, Thuvan Dihn, go raibh John Carter ag cuidiú lena iníon, thug sé droim láimhe le reiligiún na Therns, agus é ar duine de na comhghuaillithe ab fhearr a bhí ag John Carter feasta.


* The Warlord of Mars[athraigh | edit source]

Clabhsúr ab ea é seo ar an scéal a thosaigh san úrscéal roimhe seo. I ndiaidh dó an cine dubh a chloí, thairg na dubha céim an jeddak dó. Bhí fuath ag Carter ar an gcine ar fad, i ndiaidh an chruatain a ndeachaigh a chairde tríd agus iad cimithe ag na dubha, agus dhiúltaigh sé don tairiscint. Bhí sé sásta, áfach, fear dá gcuid féin a chur ag rialú na ndubh, a raibh meas aige air mar chogaí cróga. Ina dhiaidh sin, chuaigh Carter ag cuardach Dejah Thoris arís, agus sula raibh sise tarrthaithe aige, chuaigh sé trína lán eachtraí agus fuair sé aithne ar chiníocha nua, cosúil le cine buí an Tuaiscirt. Sa deireadh, bhí an lá leis, agus i bhfianaise a ghail is a ghaisce, bhronn a chairde céimíocht an Tiarna Cogaidh ar John Carter.

* Thuvia, Maid of Mars[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Thuvia socraithe soiprithe i bpálás a hathara arís, tháinig fir as cathair choimhthíoch á fuadach. San áit ar sciobadh ar shiúl í, d'fhág siad siombailí de chuid Carthoris, prionsa Helium agus mac John Carter, ina ndiaidh, le súil is go gcuirfeadh an cleas sin Ptarth agus Helium ag troid a chéile. Le clú an bhaile agus a dhea-cháil féin a chosaint, chuaigh Carthoris ag cuardach Thuvia, agus b'é éirim an scéil gur thit an bheirt i ngrá le chéile, cad eile.

* The Chessmen of Mars[athraigh | edit source]

An iarracht seo, tháinig cantal ar iníon John Carter, Tara, agus chuaigh sí ag eitilt ina haonar. Fuair gaotha Bharsoom greim ar an long aeir, agus níor éirigh léi filleadh abhaile. Sa deireadh, rinne an bád aeir longbhriseadh in áit choimhthíoch a raibh cine aisteach na gKaldans ina gcónaí. Cine intleachtúil gan mhothúcháin ab ea iad na Kaldans. Cloigne gan cholainn ab ea iad, ach bhí siad in ann dul ar muin a gcuid rykors, is é sin, colainneacha gan chloigeann. Ní raibh mórán measa acu ar Tara, áfach, agus iad meáite ar í a ithe mar bhia. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig Tara slán uathu, ach b'í an chéad chathair de chuid an chine dheirg a casadh ina bealach ná Manator, áit bharbartha taobh amuigh den domhan sibhialta. Ba nós le muintir Manator cogaithe a chur ag imirt jetan - ficheall Bharsoom - i bpáirc an áir os comhair an lucht féachana, agus rinneadh duais de Tara do chogaithe an chluiche seo. Ar ámharaí an tsaoil, bhí Gahan, prionsa Gathol, i measc na gcogaithe. Bhí seisean i ngrá le Tara ó chonaic sé an chéad uair í ar an gcóisir i bpálás a hathara, agus é diandírithe ar í a tharrtháil agus a phósadh.

* The Master Mind of Mars[athraigh | edit source]

Sa leabhar seo, níorbh é John Carter a bhí i gcroílár na n-imeachtaí, ach Meiriceánach eile, mar atá, Ulysses Paxton. Fuair Paxton bás, mar dhea, sa chéad chogadh domhanda. Nó fuair sé é féin gonta go héag i bpáirc an áir, ach nuair a d'ardaigh sé a shúile i dtreo Mharsa, thréig sé an Domhan, cosúil le John Carter roimhesean, agus chuaigh sé trasna an spáis gur tháinig sé ar dhroim Bharsoom. Ansin dó, d'fhoghlaim sé an teanga, agus chuaigh sé ag obair mar chúntóir do Ras Thavas, an t-eolaí is mó i mBarsoom. Bhí Ras Thavas in ann inchinn agus intinn aon duine amháin a thrasphlandú nó a athrú isteach i gcloigeann an duine eile. Uair amháin, d'aistrigh sé ar an dóigh seo inchinn seanchaillí saibhre i gcloigeann cailín óig, i gcruth is go mbeadh óige úr ag an gcailleach. Thit Paxton - nó Vad Varo, mar a bhaist muintir Bharsoom air - i ngrá leis an gcailín, agus chinn sé ar a hinchinn a chur ar ais ina seanáit agus an cailín a phósadh ina dhiaidh sin.


* A Fighting Man of Mars[athraigh | edit source]

Thug an cogaí óg Tan Hadron as Hastor taithneamh agus teasghrá do chailín darbh ainm Sanoma Tora. Cé nach bhfuair sé ach cur ó dhoras uaithi, chuaigh sé á tarrtháil, nuair a fuadaíodh í. Chuaigh sé trína lán eachtraí sceitimíniúla agus uafásacha, shábháil sé Sanoma Tora fosta, agus phós sé grá a chroí fosta. Níorbh í sin Sanoma Tora, áfach.

* Swords of Mars[athraigh | edit source]

* Synthetic Men of Mars[athraigh | edit source]

San úrscéal seo, casadh an fear ba mhó éirime ar Mhars, Ras Thavas, orainn in athuair. D'éirigh timpiste thromchúiseach do Dejah Thoris, agus ní raibh saineolaithe Helium in ann ach í a choinneáil beo, gan í a leigheas. Mar sin, chuaigh John Carter agus a chuid cairde ar lorg Ras Thavas, le súil is go bheadh seisean ábalta banphrionsa Helium a chur ar bhealach a bisithe arís. Bhí Morbus, oileán a raibh saotharlann Ras Thavas suite air, ina thranglam, áfach, ag na hormadi. Fir shaorga ab ea iad na hormadi, agus iad cruthaithe ag Ras Thavas, ach, cosúil le harrachtach Frankenstein, ní raibh Ras Thavas in ann iad a choinneáil faoi smacht. Mar sin, bhí cuidiú John Carter agus na laochra eile de dhíth le ceannairc na hormadi a chloí.

* Llana of Gathol[athraigh | edit source]

San úrscéal fada eipeasódach seo, chuaigh John Carter ag eitilt ina aonar, agus tháinig sé trasna ar choilíneacht dheireanach na n-Orovars. D'iompaigh sé amach gur dream an-sibhialta ab ea iad, ach mar sin féin, theilg a jeddak siúd Carter chun báis leis an gcoilíneacht a choinneáil faoi cheilt ar an domhan taobh amuigh. Mar sin féin, d'éirigh le Carter éalú ó na hOrovars in éineacht le duine acu siúd, an cogaí óg Pan Dan Chee. Casadh Llana, iníon Gahan agus Tara, ar an mbeirt acu sa bhealach, agus thosaigh siad an turas fada go Helium. Is iomaí eachtra a d'éirigh dóibh, áfach, sular tháinig siad a fhad sin, agus iad ag cur catha ar na foghlaithe dubha, ar shaighdiúirí Hin Abtol, impire Pankor, agus ar fhir dhofheicthe Invak. Agus, ar ndóigh, d'éirigh Llana agus Pan Dan Chee mór le chéile.

* John Carter of Mars[athraigh | edit source]

Dhá scéal atá sa leabhar seo, The Giant of Mars agus Skeleton Men of Jupiter. Níor tháinig an leabhar i gcló ach breis is deich mbliana i ndiaidh bhás an scríbhneora, agus bhí cuid de na saineolaithe den tuairim nárbh é Burroughs a scríobh ceachtar den dá scéal. Tá an chéad cheann acu ródhifriúil le stíl Burroughs. Maidir le Skeleton Men of Jupiter, níl sé críochnaithe, ach mar sin féin, tá blas Burroughs air. Is é is ábhar leis ná iarracht na morgors ó Iúpatar Barsoom a shealbhú. Fir chruálacha iad na morgors agus iad ag breathnú díreach cosúil le cnámharlaigh bheo.