Atmaisféar agus aeráid Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá go leor eolais againn ar atmaisféar agus aeráid Mharsa. Tá 10% de thoirt an Domhain i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an Domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. Dé-ocsaíd charbóin go príomha atá ann, Nítrigin atá i 3% de, agus argón atá i 1.6%. Fosta, tá meatán agus ocsaigin i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón - is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread.

Is é an phríomhchúis le fuacht Mharsa an t-atmaisféar seo, nó, ós rud é go bhfuil sé chomh scáinte sin, níl sé in ann teas a cheapadh ná a choinneáil.

Cé go bhfuil atmaisféar an phláinéid chomh tanaí sin, tá cuid mhaith dusta ag foluain timpeall. Na sonraí a bhailigh na gléasanna gluaisteacha taiscéalaíochta Spirit agus Opportunity ar dhromchla an phláinéid le déanaí, tugann siad le fios go bhfuil an dusta seo comhdhéanta as gráinníní atá thart ar 1.5 micriméadar (1.5 míliú cuid de mhilliméadar) trasna.

Sa bhliain 2003, d'aithin teileascóip thíos ar an Domhan go raibh meatán le fáil in atmaisféar Mharsa, agus dealraíonn sé gur dheimhnigh an taiscéalaí Mars Express Orbiter an breathnú seo i Mí na Márta 2004. Tugann na torthaí tomhais le fios go bhfuil dlús an mheatáin in atmaisféar Mharsa thart ar aon bhilliúnú cuid déag (11 pbb).

Cúis suntais é an meatán sin, nó tá an meatán chomh héagobhsaí mar ghás is nach mbeadh sé ann murach go bhfuil foinse éigin á sholáthar taobh istigh den phláinéad. Níl sé scaipthe go cothrom tar éis an phláinéid, ach an oiread. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil sé á scaoileadh saor in áiteanna áirithe, agus is í an cheist mhór a chuireann na saineolaithe orthu féin, ar ndóigh, an bhfuil beatha de chineál éigin - cosúil leis na miocrorgánaigh aircéacha ar a dtugtar meatánaiginí - ag táirgiú an mheatáin seo.

Maidir le saintréithre eile an atmaisféir, bíonn siad claochlaitheach go leor. Sa gheimhreadh, nuair atá an chaidhp pholach fágtha i ndorchadas, éiríonn an dromchla chomh fuar is a chuireann sé an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar ag sioc síos. Is féidir d'oiread is 25 % den atmaisféar iompú ina oighear tirim. Le teacht an earraigh agus an tsolais, iompóidh an leac oighir ina gás arís. Tabhair faoi deara nach leánn an t-oighear dí-ocsaíde carbóin - sin é an chúis a dtugtar oighear tirim air - nó is dual di néalú ina gás sula sroichfear an leáphointe. Ní féidir di bheith ina sreabhán (leacht) ach faoi bhrú an-mhór, rud nach bhfuil le fáil faoi atmaisféar tanaí Mharsa. Mar sin, le teacht an tséasúir the, néalaíonn an dí-ocsaíd charbóin go sciobtha de dhromchla na caidhpe polaí, agus cuireann an próiseas seo gaotha móra millteanacha ag séideadh - is féidir do stoirm den chineál seo luas ceithre chéad ciliméadar in aghaidh uair an chloig (400 km/h) a bhaint amach. Ansin, cruthaítear scamaill atá comhdhéanta as criostail bheaga oighir (is é sin, oighear uisce, seachas oighear tirim). Chuirfidís i gcuimhne duit cineálacha áirithe scamaill a d'fheicfeá ar an spéir anseo ar an Domhan.

Níltear róchinnte, an bhfuil aeráid Mharsa ag dul i bhfuacht nó ag téamh. Tá an dara bh'fhéidir ann: sna blianta 2002-2005, tháinig crapadh ar an gcaidhp pholach theas i ngach samhradh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus ní raibh an geimhreadh in ann an crapadh seo a stopadh. Tugann an fhorbairt seo le fios go bhfuil Mars ag téamh. Ina dhiaidh sin féin, tá sé níos fuaire ar Mhars inniu ná mar a bhí thiar sna seachtóidí, nuair a thuirling an dá Viking ansin.