Meatán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachMeatán
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach16.031 Da
Fionnachtaí nó aireagóirAlessandro Volta
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1777
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólgás ceaptha teasa agus reducing agent (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCH₄
SMILES canónta
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.717 kg/m³ (a 0 °C, gás)
422.36 kg/m³ (a −161.6 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Luas forleata fuaime1,337 m/s (−161.5 °C, leacht)
450 m/s (27 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0 D
Pointe leáite−182.49 °C
−182.46 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe111.4 K (a 1 atm)
−161 °C (a 101 Pa)
−161.48 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach186.3 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach0 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−74,520 J/mol
Combustion enthalpy (en) Aistrigh−890.3 kJ/mol
Guais
Teocht uathadhainte537.8 °C
Global warming potential (en) Aistrigh28 agus 84
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
éadathachas agus odorlessness (en) Aistrigh

CH4 is ea meatán, an t-alcán (hidreacarbón pairifín) is simplí dá bhfuil ann,[1] agus gás ceaptha teasa atá níos contúirtí ná CO2.[2]

Bunú

Ceimic[cuir in eagar | athraigh foinse]

2017

Cruth teitrihéidreach atá ar an móilín, agus is tábhachtach an cruth sin sa cheimic orgánach. Gás inlasta gan dath gan bholadh, príomhchuid den ghás nádúrtha.

Éiríonn sé trí dhianscaoileadh anaeróbach, as seangáin ar thalamh dhífhoraoisithe, mianaigh guail, dumpaí, portaigh, dóiteáin foraoise, agus bealaí díleáite na mílte milliún ainmhithe ar domhan. Gás portaigh a thugtaí air leis na céadta bliain.[3]

ní mór dúinn astúcháin dhíobhálacha a laghdú

Iarmhairt cheaptha teasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Measann na heolaithe go bhfuil breis is dúbailt ar an tiúchan meatáin san aer le 300 bliain anuas, ó 650 cuid sa bhilliún go dtí 1700 cuid sa bhilliún, agus go bhfuil sé ag méadú 1% gach bliain anois. Cuireann sé go suntasach leis an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar agus le timpeall 25% den fhorthéamh domhanda atá ag tarlú de bharr sceitheadh gáis cheaptha teasa ag an gcine daonna.[3]

lúb  aischothaithe

B'fhusa iarmhairt meatáin sa phróiseas seo a laghdú ná iarmhairt déocsaíd charbóin, de bhrí nach maireann sé ach 10 mbliain san atmaisféar (maireann déocsaíd charbóin timpeall 200 bliain) agus nach gá ach gearradh siar 20% ar a tháirgeadh chun a thiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá an tuairim ag eolaithe ar leith go raibh tionchar tábhachtach ag meatán i dtéamh is fuarú an domhain sna hoighearaoiseanna seo caite.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bíonn foirmle den saghas CnH2n+2 ag gach ball den aicme alcánach.
  2. "Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  3. 3.0 3.1 3.2 Matt Hussey (2011). "Fréamn an Eolais" (Coiscéim).