Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gníomhaireacht Spáis na hEorpa
European Space Agency
Agence Spatiale Européenne
Ceanncheathrú i bPáras
Ceanncheathrú i bPáras
Ceanncheathrú: Páras, An Fhrainc
Ballraíocht: 22 mBallstát

Flag of Austria.svg Flag of Belgium.svg Flag of the Czech Republic.svg Flag of Denmark.svg Flag of Estonia.svg Flag of Finland.svg Flag of France.svg Flag of Germany.svg Flag of Greece.svg Flag of Ireland.svg Flag of Italy.svg Flag of Luxembourg.svg Flag of the Netherlands.svg Flag of Norway.svg Flag of Poland.svg Flag of Portugal.svg Flag of Romania.svg Flag of Spain.svg Flag of Sweden.svg Flag of Switzerland.svg Flag of the United Kingdom.svg Flag of Hungary.svg

Ard-Rúnaí: Jean-Jacques Dordain
Foirmiú: 1975
Suíomh gréasáin oifigiúl: www.ESA.int

Gníomhaireacht chomhoibrithe spáis (ESA i mBéarla) ina bhfuil 22 tír Eorpach (an Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, an Eilvéis, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir, Éire, Lucsamburg, Poblacht na Seice) atá dírithe ar thaighde, teicneolaíocht agus feidhmeanna síochánta spáis. Comhoibríonn sí le tíortha eile ó am go chéile, Ceanada mar shampla. Bunaíodh í trí dhá eagraíocht a chumascadh i 1975, Eagraíocht Taighde Spáis na hEorpa (ESRO) is Eagraíocht Forbartha Lainseálaí na hEorpa (ELDO), agus a lárionad i bPáras. Déantar bainistíocht ar gach a bhaineann le spásárthaigh i nDarmstadt na Gearmáine, agus déantar na lainseálacha le roicéid Ariane ó Kourou i nGuáin na Fraince.