NASA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
National Aeronautics and Space Administration
(Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta)
NASA logo.svg
Ceanncheathrú: Washington, D.C., SAM
Foirmiú: 29 Iúil, 1958
Suíomh gréasáin oifigiúl: www.NASA.gov

Seasann na ceithre litir úd NASA do na focail Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ("National Aeronautics and Space Administration"), is é sin, údarás spáis na Stát Aontaithe. Bunaíodh an t-údarás seo thiar sa bhliain 1958 agus é freagrach as cúrsaí spásaireachta an stáit i Meiriceá. Thairis sin de, déanann an t-údarás taighde fadtéarmach aerloingseoireachta, idir shibhialta agus mhíleata.

Is í aisling an údaráis "feabhas a chur ar an mbeatha abhus, tús a chur leis an mbeatha thall, agus teacht ar bheatha ar an taobh amuigh", is é sin, obair fhónta a dhéanamh ar mhaithe le muintir an Domhain, na pláinéid eile a thabhairt chun míntíreachais agus beatha na bpláinéad eile a aimsiú, más ann dá leithéid. Is é cuspóir an údaráis ná "ár bpláinéad dúchais a thuiscint is a chosaint, taighde agus taiscéalaíocht a dhéanamh ar an Ollchruinne ar lorg beatha eachtardhomhanda agus inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile."

An Spásrás[athraigh | edit source]

Baineadh geit as na Meiriceánaigh nuair a d'éirigh leis na Sóivéidigh an chéad satailít shaorga, Sputnik a hAon, a chur ag timpeallú an Domhain, thiar sa bhliain 1957. Bhí an-eagla ar Sheanadóirí na Stát Aontaithe go rachadh na Rúisigh chun tosaigh ar Mheiriceá ag cumadh teicneolaíocht spáis agus roicéadtiomána. Bhí rás na n-arm faoi lánseoil ag an am agus dlúthbhaint aige le teicneolaíocht na roicéad, ar ndóigh, ó bhí diúracáin de dhíth leis na buamaí adamhacha a iompar. Mar sin, chinn an tUachtarán Dwight D. Eisenhower agus a chuid comhairleoirí go raibh údarás nua rialtais ag teastáil chun bua a bhreith ar na Sóivéadaigh.

Ar an 20ú lá de Mhí Iúil, 1958, shínigh an tUachtarán Eisenhower an tAcht um Aerloingseoireacht agus Spásaireacht Náisiúnta, agus mar sin bunaíodh an t-údarás nua. Thar aon rud eile ceapadh é mar údarás neamh-mhíleata. Fuair sé foireann ocht míle duine agus ceithre shaotharlann ó Choiste Comhairleach Náisiúnta na hAerloingseoireachta (National Advisory Committee for Aeronautics, NACA), a cuireadh ar bun sé bliana is dhá scór roimhe sin le taighde a dhéanamh ar an aerloingseoireacht. Ba í an oidhreacht ba thábhachtaí a thit air ná Wernher von Braun agus a chuid oibre. Saineolaí agus innealtóir roicéad ón nGearmáin a bhí ann a chuidigh leis na roicéid V1 agus V2 a chumadh go gairid roimh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Chuaigh sé ag obair do na Stáit Aontaithe i ndiaidh an chogaidh, agus is é an meas atá air inniu ná gurbh eisean athair na spásaireachta sna Stáit Aontaithe. Bhí von Braun ag obair d'Áisínteacht Diúracán Balaistíoch an Airm (Army Ballistic Missile Agency) roimh bhunú an údaráis spáis, agus cuireadh codanna den áisínteacht seo leis an údarás nua spáis, chomh maith le codanna de Shaotharlann Taighde an Chabhlaigh (Naval Research Laboratory).

Alan Shepard - An chéad spásaire Meiriceánach.

Ar dtús ba í an aidhm ba mhó a bhi ag an údarás duine a chur ag timpeallú an Domhain chomh tapa agus ab fhéidir, agus an tAontas Sóivéadach meáite ar an tosach a bhaint de na Meiriceánaigh. Thosaigh Clár Mercury sa bhliain chéanna agus a bunaíodh an t-údarás. Ní raibh i gceist ag clár Mercury go fóill ach a fháil amach an bhféadfadh duine maireachtáil sa spás ar aon nós. Fuair an t-údarás spáis an-chuidiú ó Arm na Stát Aontaithe, leithéid cead úsáid a bhaint as áiseanna taighde an Aerfhórsa. Thairis sin de, ba phíolótaí tástála de chuid an Aerfhórsa iad formhór na spásairí. De ghnáth b'atheitleoirí troda de chuid Chogadh na Cóiré iad. Bhí Aerfhórsa na Stát Aontaithe i ndiaidh an-taighde a dhéanamh ar eitleáin thrialacha sna caogaidí agus iad déanta d'aon ghnó don strataisféar. Is cinnte gur mhór an áis don údarás a bheith i dtaithí an taighde seo.

Ba é Alan Shepard an chéad spásaire Meiriceánach. Ar an gcúigiú lá de Mhí Bealtaine, 1961, rinne sé eitilt cúig nóiméad déag agus é ag tiomáint spásárthach beag, Freedom 7 - nó Mercury-Redstone 3. Ní dhearna sé fithis an Domhain a chur de, áfach. Ba é John Glenn an chéad spásaire Meiriceánach a chuaigh ag fithisiú an Domhain dháiríre, ina chapsúl spáis Friendship 7 (Mercury-Atlas 6). Chaith seisean cúig uaire an chloig sa spás, ar an bhfichiú lá de Mhí Feabhra, 1962.

Nuair a chruthaigh Clár Mercury gurbh fhéidir teacht slán abhaile i ndiaidh turas spáis, cromadh ar chlár taighde agus tástála níos fódúla a dhéanamh in oirchill turais go dtí an Ghealach. Baisteadh Gemini ar an gclár seo, is é sin, an Cúpla, agus na spásárthaí a rinneadh le haghaidh an chláir seo bhí slí iontu do bheirt seachas d'aon duine amháin. Ba iad Virgil "Gus" Grissom agus John W. Young ba thúisce a chuaigh ar mhisiún de chuid chlár Gemini - Gemini a Trí, nó "Mailí de Brún" (Molly Brown) - ar an 23ú lá de Mhí na Márta, 1965. Roimhe sin baineadh dhá thriail as spásárthach de chineál Gemini gan aon duine ar bord - sin é an fáth ar tugadh Gemini a Trí air. Cuireadh naoi misiún eile den chineál céanna i críoch i ndiaidh Mhailí de Brún, agus chruthaigh siad go raibh daoine ábalta turas fada spáis a dhéanamh go sábháilte, gurbh fhéidir dhá spásárthach a nascadh le chéile sa spás, agus gurbh fhéidir le daoine an dímheáchan a fhulaingt.

Buzz Aldrin ag siúl ar an nGealach i rith an mhisiúin Apollo 11

Clár Apollo[athraigh | edit source]

Suaitheantas Chlár Apollo
Príomhalt: Clár Apollo

Cuireadh clár Apollo ar siúl chomh luath leis an mbliain 1961. Ar dtús níor ceapadh an clár seo ach le taighde a dhéanamh sa spás agus le spásairí a chur ag timpeallú na Gealaí. Rinneadh cuid de ghnó an chláir den tuirlingt ar an nGealach, áfach, nuair a d'fhógair an tUachtarán Ó Cinnéide ina óráid ar an 25ú lá de Mhí Bealtaine 1961 go nglacfadh na Stáit Aontaithe de chúram orthu an chéad duine a chur ag siúl ar an nGealach roimh an mbliain 1970. Thosaigh clár Gemini go gairid ina dhiaidh sin. Mar sin, siúd is gur thosaigh na spásairí ag dul ar mhisiúin de réir chlár Gemini i bhfad roimh an chéad eitilt de chuid chlár Apollo, ceapadh Apollo mar fhiontar roimh Gemini.

Ocht mbliana ina dhiaidh sin, bhain Apollo amach a chuspóir. Bhí deacrachtaí nár bheag ag baint leis, go háirithe an dóiteán a mharaigh triúr spásairí - Gus Grissom, Roger Chaffee, agus Ed White - ar an 27ú lá de Mhí Eanáir, 1967. Mar sin féin, chuaigh an chéad triúr spásairí - Frank Borman, James Lovell, agus William Anders - timpeall na Gealaí i ndeireadh an chéad bhliain eile ar bord Apollo a hOcht. Ar an 20ú lá de Mhí Iúil, 1969, thuirling modúl gealaí an spásárthaigh úd Apollo a hAon Déag i Muir an Chiúnais ar an nGealach, agus na spásairí Neil Armstrong agus Edwin "Buzz" Aldrin ar bord. Bhí an tríú fear d'fhoireann Apollo a hAon Déag, Michael Collins, ag fanacht leo sa mhodúl ceannasaíochta a bhí ag timpeallú na Gealaí. Cuimhneoidh an saol go deo ar na focail a labhair Armstrong agus é ag siúl ar an nGealach den chéad uair: Níl ann ach coiscéim bheag don duine aonair, ach is millteanach an léim ar aghaidh é don chine dhaonna. Thug dáréag fear ar fad cuairt ar an nGealach, ach cuireadh deireadh le clár Apollo sa bhliain 1972. Ó nach raibh Lyndon Johnson ina Uachtarán a thuilleadh, ní raibh cara sa chúirt ag an údarás níos mó. Mar sin, cuireadh Wernher von Braun ag stocaireacht i Washington le hairgead a iarraidh don spásaireacht. Bhíothas ag brath stáisiún seasta spáis a chur in airde, sin nó daoine a chur ag déanamh taighde ar Mhars, ach ó ba rud é nach raibh roicéid den chineál Saturn ná spásárthaí den chineál Apollo á ndéanamh a thuilleadh, níor tugadh na pleananna seo i gcrann riamh.

Ar an tríú turas go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a Trí Déag, phléasc coimeádán ocsaigine an mhodúil soláthair. B'éigean do na spásairí - James Lovell, Jack Swigert, agus Fred Haise - innill an mhodúil thuirlingthe a úsáid le filleadh ar an Domhan. Tháinig siad sách slán abhaile, agus tharraing na himeachtaí seo aird an náisiúin ar an gclár spásaireachta arís.

Mar sin féin, tháinig deireadh leis an gclár i ndiaidh Apollo a Seacht nDéag, agus cuireadh an trí thuras eile ar ceal - is é sin, Apollo a hOcht nDéag, Apollo a Naoi nDéag, agus Apollo a Fiche, a bhí beartaithe cheana. Bhí neart treallaimh ann cheana le haghaidh na dturasanna seo, agus baineadh úsáid as sa bhliain 1975, nuair a cuireadh comhthuras na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha, Apollo-Soyuz, ar siúl.

Luathmhisiúin Eile[athraigh | edit source]

Cé gurbh iad na misiúin faoi lán foirne ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar NASA, is iomaí misiún róbatach a chuir an t-údarás ar siúl sna luathbhlianta féin. Sa bhliain 1962, scaoileadh an spástaiscéalaí róbatach úd Mariner a Dó chun bealaigh, agus ba é an chéad spásárthach a d'eitil thart le pláinéad eile agus a thóg grianghrafanna de - Véineas a bhí i gceist ansin. Roimh an chéad tuirlingt a rinne spásairí ar an nGealach, rinne na taiscéalaithe róbatacha Lunar Orbiter, Ranger, agus Surveyor agus a leithéidí eile an-obair ag bailiú eolais le haghaidh an chéad turas eile faoi lán foirne. I ndiaidh chlár Apollo, thuirling dhá thaiscéalaí róbatacha de shraith Viking ar Mhars agus iad ag tógáil grianghrafanna daite ar dhroim an phláinéid dhearg. Ina dhiaidh sin, áfach, chuala an saol iomrá ar Voyager agus ar Pioneer, agus na pictiúirí a fuarthas uathu nuair a chuaigh siad thart ar na pláinéid mhóra gháis, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún.

Nuair a bhuaigh na Meiriceánaigh an rás chun an spáis bhí siad féin agus na Sóivéadaigh idir dhá chomhairle faoi cad eile ba chóir dóibh a dhéanamh. Chuir NASA stáisiún spáis, Skylab, ag timpeallú an Domhain, b'fhéidir mar fhreagra ar Salyut, stáisiún spáis na Rúiseach. Sa bhliain 1975, áfach, agus ré an éideannais (détente) idir na mórchumhachtaí ag sroicheadh a buaicphointe, tháinig na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha le chéile thuas sa spéir, nuair a nascadh Apollo a hOcht nDéag agus Soyuz a Naoi nDéag le chéile - is é sin, ghreamaigh an dá shoitheach dá chéile agus osclaíodh bealach eatarthu. Níor chuir an teagmháil seo deireadh leis an gCogadh Fuar go fóill, ach spreag sí comhoibriú idirnáisiúnta spáis a chuaigh chun fairsingeachta ó sin i leith. Is é an toradh is úire atá ar an gcomhoibriú seo ná an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis, a tógadh as blocanna Rúiseacha, Meiriceánacha, Eorpacha, agus Seapánacha thart faoin mbliain 2000.

Ré an Spástointeálaí[athraigh | edit source]

Ó dheireadh na seachtóidí ar aghaidh, chuir an t-údarás an bhéim ba mhó ar an spástointeálaí. Ba í an spástointeálaí an chéad spásárthach a dearadh le haghaidh athúsáide. Scaoileadh an chéad spástointeálaí, Columbia, chun bealaigh ar an dóú lá déag de Mhí Aibreáin, 1981.

Níor éirigh leis an spástointeálaí chomh maith agus a shíl lucht an údaráis a dhéanfadh. Tharla go raibh na turais i bhfad níos daoire ná mar a ceapadh. Thairis sin de, phléasc an tointeálaí úd Challenger i ndeireadh Mhí Eanáir den bhliain 1986, go díreach i ndiaidh a lainseála, agus maraíodh iomlán na foirne. Duine acu siúd a fuair bás sa phléasc, Christa McAuliffe, ba mhúinteoir scoile í a bhí earcaithe don turas ar mhaithe le caidreamh poiblí, agus na páistí a bhí ag féachaint ar an teilifís le ceacht eolaíochta spáis a fháil ó Christa agus í ar bord, ní fhaca siad ach an spásárthach ag dul trí thine i bhfaiteadh na súl.

An córas spásiompair, mar a thugtar ar chlár na spástointeálaithe go hoifigiúil, tháinig sé slán as an olltubaiste seo, ach is léir nár fheabhsaigh an drochscéala clú an údaráis. Nuair a d'éirigh an spáseitleoireacht níos coitianta agus na tointeálaithe ag dul suas agus anuas gach dara mí, nó níos minicí fós, chaill an pobal spéis sa scéal. Thairis sin de, bhí baill den údarás féin ag éirí míshásta, agus barúil acu go raibh an spástointeálaí ag goid airgid ó scéimeanna eile, leithéid na spástaiscéalaithe gan foireann, a bhí níos éifeachtaí ó thaobh an taighde de ná turais daoine.

Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS) 2001

Mar sin féin, b'áisiúil an rud é an spástointeálaí chun satailítí tábhachtacha a lainseáil, leithéid Teileascóp Spáis Hubble, HST. Níor chosain an teileascóp spáis seo ach dhá bhilliún dollar - suim airgid atá suarach go leor i ngeall ar an spásloingseoireacht - ach mar sin féin, b'áisiúil an gléas do na réalteolaithe é, gan trácht ar an tsuim a chuir an pobal ann. Tá spásteileascóp Hubble ag obair ón mbliain 1990 ar aghaidh. Tháinig cuid mhór pictiúirí iontacha ón teileascóp seo a tharraing aird an domhain ar an réalteolaíocht agus a mhéadaigh suim na ndaoine inti. Tháinig NASA agus ESA - údarás spáis na hEorpa - le chéile leis an teileascóp seo a chur ag obair, agus chuidigh an scéim cheannródaíochta seo leo tuilleadh comhscéimeanna a chur ar bun ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1995, thosaigh comhoibriú na Meiriceánach agus na Rúiseach arís, agus na spástointeálaithe Meiriceánacha ag teacht ar cuairt chuig Mir, an stáisiún spáis Rúiseach. De thoradh an chomhoibrithe seo, tháinig an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta ar an bhfód, agus na Meiriceánaigh is na Rúisigh mar phríomhpháirtnéirí á thógáil, chomh maith leis na hEorpaigh agus na Seapánaigh. Tar éis gur phléasc an spástointeálaí úd Columbia sa bhliain 2003, stad na Meiriceánaigh den spástointeálaí a úsáid go dtí go mbeadh a cuid lochtanna aimsithe agus ceartaithe, agus iad i dtuilleamaí spásárthaí Rúiseacha feasta le soláthar a choinneáil leis an stáisiún spáis.

Chosain an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta na billiúin dollar, agus ba dheacair don údarás a mhíniú do mhuintir na Stát cén fheidhm a bhí leis an stáisiún. Ní furasta do Thadhg an mhargaidh na torthaí eolaíocha atá ar an stáisiún a thuiscint, gan trácht ar thurais a dhéanamh chuig an nGealach nó chuig áit iargúlta eile. Inniu féin, ní féidir a oiread saineolaithe a chur ag obair ar an stáisiún agus a socraíodh.

Sna nóchaidí b'éigean do NASA streachailt leis ar airgead a bhí ag dul i laghad, ó bhí Comhdháil na Stát Aontaithe ag gearradh bhuiséad an údaráis. Ansin bheartaigh Daniel S. Goldin, an naoú ceannasaí ar an údarás, seift a chuir ar chumas an údaráis na costais a mhaolú gan baint d'éagsúlacht na scéimeanna spáis (Scéim Discovery). Rinneadh athscrúdú géar ar an modh oibre seo nuair a cailleadh an dá spástaiscéalaí úd Mars Climate Orbiter agus Mars Polar Lander sa bhliain 1999.

Roimh thubaiste Cholumbia sa bhliain 2003, chuir na spástointeálaithe 112 turas spáis díobh go rathúil.

Todhchaí an Údaráis[athraigh | edit source]

An spástointeálaí Columbia ag dul ar eiteog

Is é an misiún is mó a bhí i mbéal an phobail le déanaí ná an Mars Pathfinder sa bhliain 1997. Cuireadh gluaisteán cianrialaithe, an Sojourner, ag siúl ar an bpláinéad agus ag déanamh taighde agus trialacha eolaíocha den chineál nach ndearnadh a leithéidí riamh ar aon rinn neimhe lastall den Domhan. Chuir an pobal an-spéis in obair an Sojourner, ach níorbh é sin an t-aon mhisiún amháin go Mars a bhí idir lámhaibh ag an údarás ag an am. Sa bhliain 1997, cuireadh an fithiseoir Mars Global Surveyor ag timpeallú Mharsa. Socraíodh ar an bhfithiseoir seo a choinneáil ag obair go dtí an bhliain 2001, ach tá sí ag feidhmiú i gcónaí. Mar a thugann ainm an ghléis le fios, suirbhéireacht agus mapáil is mó atá ar siúl aici. Sa bhliain 2001, lainseáladh an misiún úd Mars Odyssey chun lorg an uisce agus an bholcánachais a aimsiú ar an bpláinéad úd. Tá an-taighde á dhéanamh ag an údarás ar Mhars faoi láthair, agus tuilleadh spásárthaí ag dul an bealach, go háirithe an Mars Reconnaissance Orbiter, a lainseáladh i dtús Mhí na Lúnasa sa bhliain 2005.

Nuair a maraíodh seisear spásairí ó Mheiriceá agus Iosraelach amháin i dtubaiste an spástointeálaí úd Columbia sa bhliain 2003, bhí a raibh i ndán don údarás ina ábhar comhrá agus conspóide. Ar an 14ú lá de Mhí Eanáir, 2004, deich lá i ndiaidh don ghluaisteán cianrialaithe úd Spirit tuirlingt ar Mhars, d'fhógair an tUachtarán George W. Bush plean nua le haghaidh an údaráis, agus é ag tabhairt Aisling na Spástaiscéalaíochta (Vision for Space Exploration) air. Chuir an plean sin roimhe go bhfillfeadh daoine ar an nGealach roimh an mbliain 2020 agus go gcuirfí urphoist nó longfoirt ar bun ann le haghaidh trialacha eolaíocha agus in oirchill na misiún a bheadh le teacht.

Socraíodh go gcaithfí an spástointeálaí i dtraipisí go deimhin i ndiaidh na bliana 2010, agus go dtiocfadh spásárthach foirne nua ina háit roimh an mbliain 2014, is é sin, an Crew Exploration Vehicle, taiscéalaí foirne. Beidh an t-árthach sin in ann nascadh leis an stáisiún spáis idirnáisiúnta agus fithis an Domhain a thréigean. Níltear róshiúráilte de, áfach, céard atá i ndán don stáisiún spáis sin féin.

Locht á fháil ar an Údarás[athraigh | edit source]

Tá an t-údarás á lochtú as an dóigh a gcuireann sé na misiúin fhoirne i gcríoch, agus na seanspásárthaí á gcaitheamh i dtraipisí go neamhchúiseach, beag beann ar na billiúin dollar a chosain sé iad a fhorbairt. Sin mar a tharla don spásárthaí Apollo, cuir i gcás, agus do na roicéid Saturn a bhí á n-iompar. Sa bhliain 2004, d'fhógair rialtas na Stát Aontaithe gurbh é sin a bhí i ndán don spástointeálaí, agus an Taiscéalaí Foirne nua le teacht ina áit. Idir an dá linn tá an t-údarás ag cothú maorlathas ceannasach atá i bhfad níos líonmhaire ná na daoine atá i mbun na hoibre i ndáiríre.

Faoi láthair tá an spás-stáisiún idirnáisiúnta i muinín spástointeálaithe an údaráis le haghaidh baill thógála. Ón lá ar tháinig cabhlach na dtointeálaithe ar an bhfód, cailleadh dhá cheann acu i dtimpistí, sna blianta 1986 agus 2003. I ndiaidh thubaiste na bliana 1986, bhí an t-údarás in ann tointeálaí nua, Endeavour, a chur i dtoll a chéile as baill spártha, ach níltear ag smaoineamh ar aon cheann eile a thógáil anois in éiric an Columbia. Maidir leis an spás-stáisiún idirnáisiúnta, socraíodh go mbeadh seachtar ar bord sa bhliain 2005. Faoi láthair,áfach, níltear ábalta ach beirt a choinneáil ag obair ann. Mar sin féin, dúirt Anatoli Perminov, stiúrthóir Roskosmos, leis na meáin go mbeadh seisear ag obair go seasta ar an stáisiún ón mbliain 2009 amach. Faoi láthair, tá Rúiseach amháin agus Meiriceánach amháin ar an bhfoireann sheasta, rud a fhágann nach féidir leis na cuairteoirí Eorpacha agus Seapánacha ach seal gairid a chaitheamh thuas. Is mór an bac an scéal seo ar an taighde atá beartaithe.

Ionad Spáis John F. Kennedy in Oileán Merritt, Florida.
An Spástointeálaí Endeavour

Misiúin Spáis an Údaráis[athraigh | edit source]

Misiúin le Foirne Daonna[athraigh | edit source]

Misiúin Róbatacha[athraigh | edit source]

Breathnóireacht an Domhain[athraigh | edit source]

Misiúin go dtí an Ghealach[athraigh | edit source]

Misiúin go dtí Mearcair[athraigh | edit source]

Misiúin go Véineas[athraigh | edit source]

Misiúin go Mars[athraigh | edit source]