Mearcair (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mearcair
Mearcair

Roghnaigh an íomhá chun a thuilleadh eolais a fháil

Tréithe na fithise (Aga J2000)
Ais leathmhór 57,909,176 km
0.387 098 93 AR
Imlíne na fithise 0.360 Tm
(2.406 AR)
Éalárnacht na fithise 0.205 630 69
Peirihéilean nó garphointe don Ghrian 46,001,272 km
0.307 499 51 AR
Apaihéilean nó cianphointe ón nGrian 69,817,079 km
0.466 698 35 AR
Tréimhse fhithiseach 87.969 35
(0.240 847 0 a)
Tréimhse shionadach 115.8776 lá
Meántreoluas fithiseach 47.36 km/s
Uasmhéid an treoluais fhithisigh 58.98 km/s
Íosmhéid an treoluais fhithisigh 38.86 km/s
Claonadh 7.004 87°
(3.38° ó mheánchiorcal
na Gréine)
Fad an nóid
éirithigh
48.331 67°
Argóint an
pheirihéilin
29.124 78°
Líon na satailítí 0
Tréithe fisiceacha
Trastomhas
meánchiorclach
4879.4 km
(0.383 oiread Domhan)
Achar an dromchla 7.5 × 107 km²
(0.147 sin den Domhan)
Toirt 6.1 × 1010 km³
(0.056 sin den Domhan)
Mais 3.302×1023 kg
(0.055 sin den Domhan)
Meándlús 5.427 g/cm³
Imtharraingt
ag an meánchiorcal
3.701 m/s²
(0.377 g)
Treoluas éalaithe 4.435 km/s
Tréimhse rothlaithe 58.6462 (58 lá 15.5088 uair)
Treoluas rothlaithe 10.892 km/h
(ag an meánchiorcal)
Claonadh na haise ~0.01°
Dronairde an
phoil thuaidh
281.01° (18 u 44 nóim 2 s) 1
Diallas 61.45°
Ailbéideacht 0.10-0.12
Meánteocht
ar an dromchla: Lá
623 K
Meánteocht
ar an dromchla: Oíche
103 K
Teocht ar an dromchla
íos. meán uas.
90 K 440 K 700 K
Tréithe an atmaisféir
Brú atmaisféarach beagáinín
Potaisiam 31.7%
Sóidiam 24.9%
Ocsaigin adamhach 9.5%
Argón 7.0%
Héiliam 5.9%
Ocsaigin mhóilíneach 5.6%
Nítrigin 5.2%
Dé-ocsaíd charbóin 3.6%
Uisce 3.4%
Hidrigin 3.2%

Is é Mearcair an pláinéad is gaire don Ghrian sa ghrianchóras, agus is é is mírialta fithis i ndiaidh Phlútóin.

Pláinéad carraigeach é Mearcair a bhfuil croí iarainn ina lár agus maintlín de charraig shileacáite air. Tá Mearcair ar an dara pláinéad is lú sa ghrianchóras, má áirítear Plútón mar phláinéad ar aon nós. Tá méid dhealraitheach Mhearcair ag luainiú idir −0.4 agus 5.5, agus is é an fadú is mó a dhealaíonn ón nGrian ar an spéir é ná 28.3°. Is é is ciall dó seo go gcloíonn Mearcair leis an nGrian chomh cóngarach is nach féidir linn é a aithint ach le clapsholas. Níl muid ró-eolach ar Mhearcair, nó níor tháinig aon spásárthach nó spástaiscéalaí ina ghaire i ndiaidh Mariner 10. Mhapáil an ceann sin 40-45% de dhromchla Mhearcair sna blianta 1974-1975, ach ní dhearnadh léarscáiliú ar bith ar an gcuid eile den phláinéad.

Tá Mearcair cosúil go leor lenár nGealach féin, chomh criathraithe agus atá sé le cráitéir, agus ní féidir a mhaíomh go mbeadh atmaisféar aige. Níl aon satailít nádúrtha aige ach an oiread. Bíonn an teocht ar dhromchla an phláinéid ag luainiú idir 90 agus 700 K, is é sin, -180 agus 430 °C. Ós rud é go bhfuil croí iarainn ag an bpláinéad, agus é, fiú, réasúnta mór i gcoibhneas an phláinéid féin, tá réimse maighnéadach ag Mearcair agus é thart ar 1 % de réimse maighnéadach an Domhain. Is é an pointe foghréine an áit is teo, agus is iad na cráitéir timpeall na bpol na cinn is fuaire.

B'iad na Rómhánaigh a bhaist an t-ainm Mearcair ar an bpláinéad seo, chomh sciobtha agus atá sé ag dul ar aghaidh ar an spéir, cosúil le Mearcair nó Mercurius, teachtaire na ndéithe, i miotaseolaíocht na sean-Róimhe. Roimh an gcúigiú haois roimh bhreith Chríost, shíleadh réalteolaithe na Gréige nach aon rinn neimhe amháin a bhí ann, ach dhá cheann.

Mearcair

Is é an t-ainm atá ag na Sínigh agus ag a gcuid comharsan ar Mhearcair ná Réalt an Uisce, siúd is gur deacair aon áit a shamhlú a bheadh chomh gann in uisce le Mearcair. Rasoom a bhí ag Edgar Rice Burroughs ar Mhearcair ina chuid leabhar faoi John Carter, ach ní raibh aon ról ar leith ag an bpláinéad seo ina chuid leabhar. Is dócha nár chuir Mearcair riamh fantaisíocht na scríbhneoirí ag obair, ós rud é go bhfuil a fhios ag an saol le fada gur pláinéad tirim seasc atá ann.

Tuiscint stairiúil[athraigh | edit source]

Tá aithne ag an gcine daonna ar Mhearcair ó laethanta na réalteolaithe Suiméaracha ar aghaidh, ar a laghad. Bhí siadsan ag obair chomh fada siar leis an tríú mílaois roimh bhreith Chríost, agus is é an t-ainm a bhaist siad ar an bpláinéad seo ná Ubu-im-gud-ud. B'iad na Bablónaigh ba túisce a rinne mionstaidéar ar ghluaiseacht Mhearcair ar an spéir, agus iad ag tabhairt Gu-adGu-utu air. Na sean-Eabhraigh, ansin, d'aithin siad go raibh an pláinéad seo ag cloí go dlúth leis an nGrian, agus is é an t-ainm a bhí acu air ná Kochav-hama, כוכב חמה mar a litrítear as Eabhrais é, a chiallaíonn Réalta na Gréine. Shíl na sean-Ghréagaigh, arís, gur dhá réalta éagsúla a bhí ann, mar atá, Apollo agus Hermes. De réir a chéile, áfach, tháinig an tuiscint acu nach raibh i gceist ach aon rinn neimhe amháin. B'é Piotagóras, fear na triantánachta féin, ba túisce a thuig é. D'aithin Heiriclít, fiú, go raibh Mearcair agus Véineas ag timpeallú na Gréine, seachas a bheith ag fithisiú an Domhain.

Sa bhliain 1631, chuir Pierre Gassendi, roimh aon duine eile, sonrú i Mearcair le linn é a bheith ag dul trasna na Gréine ar an spéir. Bhí an trasdul seo tuartha ag Johannes Kepler roimh ré, ach b'é Gassendi an chéad réalteolaí a rinne breathnuithe ar a leithéid. Sa bhliain 1639, arís, d'éirigh le Giovanni Zupi, agus é i muinín teileascóip, a aithint go raibh céimeanna fithise ag Mearcair, cosúil le céimeanna Véineas agus céimeanna na Gealaí. Ba chruthúnas é sin go raibh Mearcair ag timpeallú na Gréine.

Saintréithre fisiceacha[athraigh | edit source]

Teocht agus solas na Gréine[athraigh | edit source]

Tá an dromchla ar Mhearcair 456 K, nó 178.8 céim Celsius, ar meánteocht. Bíonn an teocht i bhfad níos athraithí ar Mhearcair ná ar an Domhan, áfach, agus í ag luainiú idir 90 K agus 700 K. Níl ach 150 K idir an íosmhéid agus an uasmhéid ar ár bpláinéad féin. Ar ndóigh, ós rud é nach bhfuil atmaisféar ag Mearcair a choinneodh an teas, is féidir don taobh nach bhfuil ag drannadh leis an nGrian éirí fuar feannta ar fad thar oíche fhada an phláinéid. Tá solas na Gréine sé oiread go leith níos láidire ar Mhearcair ná ar an Domhan.

Tréithe an dromchla[athraigh | edit source]

Nuair a bhí sé á mhúnlú, agus ina dhiaidh sin féin, b'iomaí scuabréalta nó astaróideach a bhuail faoi Mhearcair. Níor tháinig deireadh leis an síorbhombardú seo ach 3.8 billiún bliain ó sin. Ós rud é nach raibh atmaisféar ag Mearcair a bhainfeadh de luas na ndreigítí seo, chriathraigh siad an pláinéad go hiomlán. San am sin, bhí an-bholcánachas ag croitheadh dhromchla an phláinéid, agus áiteanna cosúil le Caloris Planitia ag cur thar maoil le magma - cloch leáite - a bhí ag brúchtadh amach as an taobh istigh. Nuair a d'fhuaraigh an laibhe seo síos, d'iompaigh sí ina basalt. Mar sin, cruthaíodh machairí réidhe fairsinge atá cosúil le "farraigí" na Gealaí s'againn.

Tá na cráitéir ar fud an phláinéid, idir bheag agus mhór. Na cinn bheaga, níl siad ach na céadta méadar ar trastomhas; na cinn mhóra, is féidir do cheann acu bheith na céadta ciliméadar ar trastomhas. Is é an struchtúr is mó ar dhroim an phláinéid an imchuach ar a dtugtar Caloris, nó Caloris Planitia. Cosúil leis na gnáthchráitéir, is lorg i ndiaidh imbhuailteora - scuabréalta nó astaróidigh - í an imchuach seo, ach is léir go raibh an t-imbhuailteoir áirithe seo mór millteanach as an ngnáth, nó tá Caloris míle trí chéad ciliméadar ar fairsingeacht. Dealraíonn sé go ndeachaigh an t-imbhuailteoir glan trí screamh an phláinéid, ar dhóigh is gur chroith sé an laibhe amach chun solais. Thairis sin, áfach, chuaigh fuinneamh an imbhuailte seo tríd an bpláinéad mar thonnchrith seismeach, agus d'fhág sé scoilteanna i screamh an phláinéid ar an taobh eile de!

Tá dhá phríomhchineál tír-raoin le haithint ar dhromchla Mhearcair. Is iad na machairí basaltacha an cineál is óige, agus creidtear gur cruthaíodh iad nuair a bhí laibhe leáite ag brúchtadh amach as na cráitéir fadó. Tá siad cosúil, mar sin, le "farraigí" ár nGealaí féin, nó is machairí basailt iad chomh maith. Thairis sin, áfach, tá aithne an chraptha ar dhromchla Mhearcair. Is é sin, nuair a d'fhuaraigh croí iarainn an phláinéid síos, chrap sé isteach chuige féin, agus ansin, d'fhill dromchla an phláinéid ar a chéile in áiteanna. Na cráitéir a bhí ann cheana féin nuair a thosaigh an pláinéad ag crapadh, tháinig na fillte craptha anuas orthu, i gcruth is go ndeachaigh siad as a riocht.

Thairis sin, tá imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar an bpláinéad. Is iad na fórsaí taoidmheara atá i gceist. Go bunúsach, is iad na fórsaí céanna is brí le trá agus tuile na taoide ar an Domhan, is é sin, na teannais a chruthaítear taobh istigh den rinn neimhe, agus an imtharraingt ag oibriú níos láidre ar thaobh na Gréine den phláinéad ná ar an taobh atá iompaithe ar shiúl ón nGrian. D'fhág na fórsaí seo a n-aithne féin ar dhéanamh an phláinéid.

Comhdhéanamh inmheánach[athraigh | edit source]

Tá croí iarainn ag Mearcair, agus i gcomparáid leis an bpláinéad féin, tá sé níos mó ná croí iarainn an Domhain. Miotal is ea é 70% de Mhearcair, agus cloch shileacáite is mó atá sa chuid eile. Tá meándlús Mhearcair beagáinín níos lú ná meándlús an Domhain, áfach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil an fiche oiread maise sa Domhan, agus mar sin, fáisctear croíleacan an Domhain níos dlúithe faoi mheáchan na gcodanna taobh amuigh de. Tá 42% de thoirt Mhearcair sa chroí iarainn, - ar son na comparáide, ní miste cuimhne a choinneáil air nach bhfuil ach 17% de thoirt an Domhain ansin.

An maintlín atá thart timpeall ar chroíleacan Mhearcair, níl sé ach 600 ciliméadar ar dhoimhneacht. Creidtear gur bhain imbhualadh millteanach don phláinéad nuair nach raibh sé ach á mhúnlú, agus gur baineadh cuid mhór d'ábhar an mhaintlín de ag an am.

Rothlú[athraigh | edit source]

Ar dtús, shíl na heolaithe go raibh glas taoidmhear ar rothlú Mhearcair - is é sin, go raibh sé ag rothlú go sioncrónach, de réir mar a bhí sé ag dul timpeall na Gréine, agus é ag drannadh na haghaidhe céanna leis an nGrian an t-am ar fad. Sin é an cineál rothlú, dála an scéil, a dhéanann ár nGealach féin i gcoibhneas an Domhain, nó ní fheicimid ach aon taobh de riamh. Ansin, áfach, fuarthas amach, nach ionann sin agus scéal Mhearcair. Sa bhliain 1965, thug na breathnuithe radair le tuiscint go bhfuil athshondas 3:2 idir rothlú agus imrothlú an phláinéid, is é sin, go gcríochnaíonn sé trí rothlú timpeall a aise in aghaidh gach dhá imrothlú timpeall na Gréine. Fanann an coibhneas seo sách do-athraithe, chomh héalárnach agus atá fithis an phláinéid. Nuair a shíl na saineolaithe go raibh glas ar rothlú Mhearcair, ní raibh ann ach míthuiscint a bhí bunaithe ar an nganntanas eolais. Is é sin, nuair a bhaineadh Mearcair amach an pointe ab fhearr a d'fhreastlódh do na breathnuithe réalteolaíocha, bhíodh sé sa phointe chéanna de thréimhse an athshondais, is é sin, den trí rothlú nó den dá imrothlú, agus, mar sin, an taobh céanna de iompaithe leis an nGrian.

De thoradh an choibhneasa atá idir an rothlú agus an t-imrothlú, tá grianlá Mhearcair - is é sin, fad an lae mar a fheictear don bhreathnóir ar dhromchla an phláinéid féin é - thart ar 176 lá Domhanda ar fad. Níl an réaltlá - is é sin, rothlú amháin an phláinéid i gcoibhneas réaltaí na spéire - ach 58.7 lá Domhanda ar fad.

In áiteanna áirithe de dhromchla Mhearcair, bheadh an Ghrian ag éirí go dúbailte. Is é sin, d'fheicfí í ag éirí, ag stopadh, ag dul faoi ar ais agus ansin ag éirí go deifnideach. Is é is cúis leis seo, ná, ceithre lá Domhanda roimh an bpeirihéilean (garphointe na fithise don Ghrian), is ionann luas a imrothlaithe agus luas a rothlaithe, agus ansin, dearscnóidh luas a imrothlaithe thar an luas eile, i gcruth is go bhfeicfear an Ghrian ag dul ar ais ar an spéir. I ndiaidh an pheirihéilin, tiocfaidh moilliú ar an imrothlú arís, agus ceithre lá Domhanda ina dhiaidh, tosóidh an Ghrian ag éirí arís, mar is gnách.

Tá claonadh na haise rothlaithe an-bheag, gan ach 0.01 céim stua, i bhfad níos lú ná ar aon phláinéad eile ar fud an ghrianchórais. Is é Iúpatar an dara pláinéad is lú is aischlaonta, mar atá, trí chéim stua agus aon deichiú cuid (3.1 céim stua).

Fithis[athraigh | edit source]

Tá fithis Mhearcair iontach éalárnach, níos éalárnaí ná fithis aon phláinéad inmheánach eile. Níl ach fithis Phlútóin níos éalárnaí. Tá peirihéilean na fithise ag luainiú ar bhealach nach bhfuil inmhínithe gan dul i dtuilleamaí theoiric coibhneasachta Einstein, agus a fhad is nach raibh ach meicnic Isaac Newton ar fáil le gluaiseachtaí na reann neimhe a oibriú amach, shíl na saineolaithe go gcaithfeadh sé go raibh pláinéad beag taobh istigh d'fhithis Mhearcair, agus a imtharraingt ag déanamh trasnaíochta ar ghluaiseacht Mhearcair. Bhí siad i bhfad ag iarraidh radharc a fháil ar an bpláinéad seo, agus é ainmnithe acu cheana: Bolcán. Nuair a d'fhoilsigh Einstein teoiric ghinearálta na coibhneasachta, mhínigh sí an luainiú seo go hiomlán. B'é sin ba phríomhchúis le chomh tapaidh is a ghlac na saineolaithe leis an teoiric.

Tá an taighde ag tabhairt le fios, freisin, go bhfuil éalárnacht fithise Mhearcair ag ascalú idir 0 (is é sin, fithis chiorclach) agus 0.47 thar na milliúin de bhlianta, agus is ascalú anordúil é, nó ní féidir a thuar roimh ré, cén bealach a rachaidh an t-athrú seo. Creidtear gurb é seo is cúis leis an athshondas aisteach idir an rothlú agus an t-imrothlú, nó is dóchúla dá leithéid teacht ar an bhfód le linn thréimhse na héalárnachta airde.

Maighnéadsféar[athraigh | edit source]

Cé go bhfuil Mearcair ag rothlú go mall, tá maighnéadsféar réasúnta láidir aige, cé nach bhfuil ann ach a haon faoin gcéad (1%) de réimse maighnéadach an Domhain. Tá sé incheaptha gur cruthaíodh an maighnéadsféar seo ar an dóigh chéanna agus maighnéadsféar an Domhain, is é sin, go raibh ábhar leáite ag dul timpeall sa chroílár, agus é ag oibriú mar dhineamó. Níl na saineolaithe cinnte, áfach, an bhfuil iarann leáite i gcroíleacan Mhearcair, cé go bhféadfadh sé fanacht leáite agus an dóigh a mbíonn na fórsaí taoidmheara ag streachailt an phláinéid ar a chamchuairt ar a fhithis éalárnach. Níl sé docheaptha ach oiread go bhfuil iarann an "dineamó" sin sioctha síos cheana, agus an t-iarann soladach fágtha maighnéadaithe..

Iarann[athraigh | edit source]

Mearcair ó Mariner 10

Tá níos mó iarainn sa phláinéad seo ná in aon phláinéad eile, i gcoibhneas a mhéide ar a laghad. Cuireadh níos mó ná aon teoiric amháin chun cinn leis an bhfarasbarr seo a mhíniú. Deir teoiric amháin go raibh Mearcair comhdhéanta as miotal agus as cloch sileacáite cosúil leis an gcineál dreigítí a dtugtar coindrítí orthu. Táthar ag déanamh gurb ionann mais Mhearcair ag an am agus mais Mhearcair inniu méadaithe faoi 2.25, agus gur buaileadh Mearcair faoi imbhuailteoir a raibh aon séú cuid den mhais sin ann. Ansin, bhain an t-imbhualadh seo an screamh agus an chuid ba mhó den mhaintlín den phláinéad, i gcruth is nár fágadh mórán thart ar an gcroíleacan. Tá teoiric den chineál chéanna ann a deir gur mar seo a cruthaíodh an Ghealach s'againn féin, is é sin, gur bhuail an próta-Dhomhan faoi imbhuailteoir éigin agus gur scoilteadh an Ghealach de.

Tá teoiric eile ann a deir go raibh Mearcair ann sular chrap an chuid lárnach de réaltnéal na Gréine isteach chuici féin le hiompú ina Grian. Nuair a thosaigh an phróta-Ghrian ag crapadh, d'éirigh an teocht i ndlúth-thimpeallacht Mhearcair sách ard leis an gcloch shileacáiteach a leá agus a ghalú. Ansin, shéid an ghrianghaoth an gal ar shiúl den phláinéad, agus níor fágadh ach an chuid inmheánach de.

Tá an tríú teoiric bunaithe ar an smaoineamh gurbh í cúltarraingt an réaltnéil a bhí i gceist. Is é sin, nuair a bhí an néal ag fuilleamh le hiompú ina phláinéad, stop comhthoradh na bhfórsaí a bhí ag oibriú ar na cáithníní sa réaltnéal an chuid ab éadroime de na cáithníní ó bheith páirteach i bhfoirmiú an phláinéid.

Má theastaíonn uainn ceann de na teoiricí seo a fhíorú, caithfidh muid comhshuíomh ceimiceach an dromchla a fháil amach, nó tá a tairngreacht féin ag dul le gach teoiric maidir leis sin. Mar sin, tá an misiún úd MESSENGER meáite ar bhreathnuithe a dhéanamh ar Mhearcair le triail a bhaint as na teoiricí.

Tá sé ráite freisin gur pláinéad "ctónach" é Mearcair, is é sin, gur gásfhathach cosúil le hIúpatar nó le Satarn a bhí i Mearcair ar dtús, agus gur baineadh an chuid gásach de i rith fhorbairt an Ghrianchórais. Mar sin, ní bheadh sa phláinéad atá againn anois ach an croíleacan cloiche atá fágtha den ghásfhathach.

Breathnóireacht Mhearcair[athraigh | edit source]

Trasdul Mhearcair. Is é Mearcair an ponc beag atá beagnach i lár na Gréine

Tá sé deacair breathnóireacht a dhéanamh ar Mhearcair ón Domhan, nó tá an pláinéad chomh cóngarach don Ghrian agus go bhfágann tinte dallraitheacha na Gréine dofheicthe ar fad é. Uaireanta, bíonn sé le feiceáil le camhaoir nó le clapsholas.

Mar a fheicimid féin é, tá céimeanna aige cosúil leis an nGealach. Is ionann a chónasc íochtair agus a "nua-ré", agus is ionann a chónasc uachtair agus a "lán-ré". Ní bhíonn an pláinéad le feiceáil ag na hócáidí seo, áfach, agus é ag cloí chomh tiubh sin leis an nGrian, mar a fheictear dúinn féin é. Is féidir, áfach, Mearcair a fheiceáil ina "leath gealaí" nó ina leathphláinéad, nó is ansin atá Mearcair san áit is mó fadú. San áit is mó fadú thoir, is é is faide i ndiaidh Mhearcair a éiríonn an Ghrian, agus san áit is mó fadú thiar, is é is faide a fhanann Mearcair ar an spéir i ndiaidh don Ghrian dul faoi. Nuair a tharlaíonn Mearcair ina pheirihéilean san áit is mó fadú, feictear faoi 18.5° (ocht gcéim stua déag go leith) den Ghrian ar an spéir é, ach má shroicheann sé a apaihéilean san áit sin, tá an stua idir an dá rinn neimhe sin chomh mór le 28.3° (ocht gcéim stua fichead agus trí dheichiú cuid).

Nuair atá Mearcair idir an chéad "leathphláinéad" agus an "lán-ré", is é sin, nuair atá sé scothlán, is ansin is éasca é a thabhairt faoi deara. Is fíor go bhfuil sé ag dul i bhfad uainn ag an am sin, ach tá a fhithis chomh beag is nach bhfuil an difríocht rómhór. Tá sé níos tábhachtaí go bhfuil sé ag éirí níos gile, agus níos mó dá thaobh soilsithe ag iompú linn féin.

Ar meán, sroicheann Mearcair a chónasc íochtair uair in aghaidh gach 116 lá, ach bíonn sé éagsúil, chomh héalárnach agus atá a fhithis. Mar sin, bíonn an idirthréimhse seo ag luainiú idir 111 agus 121 lá. Ar gach taobh den chónasc íochtair, is féidir go bhfeictear dúinn Mearcair a bheith ag iompú ar ais ar a fhithis ar feadh 8-15 lá. Is í an fhithis éalárnach is cúis leis an ngluaisne chasiompaithe seo.

Tá sé níos fusa Mearcair a bhreathnú ón leathsféar theas ná ón leathsféar thuaidh. Sroicheann sé an fadú is mó thoir nuair a bhíonn sé ina luathfhómhar ar an leathsféar theas, agus nuair a bhíonn sé san áit is mó fadú thiar, bíonn an geimhreadh ag druidim chun deireanais sa deisceart. Is é is toradh dó seo go bhfuil an stua idir Mearcair agus an t-éiclipteach ar an uasmhéid, rud a fhágann go bhfanann Mearcair uaireanta an chloig ar an spéir nuair a bhíonn sé dorcha. Ar an leathsféar thuaidh, ní bhíonn Mearcair os cionn na léaslíne riamh, nuair a bhíonn an geimhreadh ann agus an spéir dorcha.

Le linn urú iomlán na Gréine, bíonn Mearcair le feiceáil, chomh maith leis na réaltaí is gile.

Taiscéalaíocht[athraigh | edit source]

NASA[athraigh | edit source]

An tSeapáin agus ESA[athraigh | edit source]

athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris