Éiclipteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éiclipteach

Is é an t-éiclipteach bealach na gréine timpeall na spéire (is é sin, i gcomparáid leis na réaltaí) i rith na bliana mar a fheictear dúinn é. Tá sé suite ar aon leibhéal, go bunúsach, le fithis an Domhain timpeall ar an nGrian. Is minic a thagraíonn an focal don leibhéal sin féin.

Ní hionann é an t-éiclipteach agus an meánchiorcal neamhaí, atá bunaithe ar chasadh an Domhain timpeall ar a ais féin - is é an meánchiorcal neamhaí fortheilgean an mheánchiorcail dhomhanda ar an sféar neamhaí (is é sin, ar an "liathróid" shamhailteach a gceaptar na réaltaí a bheith suite taobh istigh di). Trasnaíonn an t-éiclipteach an meánchiorcal neamhaí faoi dhó in aghaidh na bliana - ar lá chónocht an fhómhair agus ar lá chónocht an earraigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]