Iúpatar (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iúpatar
Roghnaigh an íomhá chun a thuilleadh eolais a fháil.
Roghnaigh an íomhá chun a thuilleadh eolais a fháil
Tréithe na fithise (Aga J2000)
Ais leathmhór 778,412,027 km
5.203 363 01 AR
Imlíne fithise 4.888 Tm
(32.675 AR)
Éalárnacht 0.048 392 66
Peirihéilean 740,742,598 km
4.951 558 43 AR
Apaihéilean 816,081,455 km
5.455 167 59 AR
Tréimhse fhithiseach 4335.3545 lá
(11.87 a)
Tréimhse shionadach 398.86 lá
Meánluas fithiseach 13.050 km/s
Uasmhéid an luais fhithisigh 13.705 km/s
Íosmhéid an luais fhithisigh 12.440 km/s
Claonadh na fithise 1.305 30°
(6.09° ó mheánchiorcal
na Gréine)
Fad an nóid
éirithigh
100.556 15°
Argóint an
pheirihéilin
274.197 70°
satailítí nádúrtha 63
Tréithe fisiceacha
Trastomhas
meánchiorclach
142,984 km [1]
(11.209 sin den Domhan)
Trastomhas polach 133,709 km
(10.517 Earths)
Oblátacht 0.064 87
Achar an dromchla [[1 E16 m²|6.14×1010]] km2
(120.5 sin den Domhan)
Toirt 1.338×1015 km3
(1235.6 sin den Domhan)
Mais 1.899×1027 kg
(317.8 sin den Domhan)
Meándlús 1.326 g/cm3
Imtharraingt
ag an meánchiorcal
23.12 m/s2
(2.358 g)
Treoluas éalaithe 59.54 km/s
Tréimhse rothlaithe 0.413 51 lá (9 uair 55.5 nóim)
Luas rothlaithe 12.6 km/s = 45,262.6 km/h
(ag an mheánchiorcal)
Claonadh na haise 3.13°
Dronairde ón
bPol Thuaidh
268.05° (17 u 52 nóim 12 s)
Diallas 64.49°
Ailbéideacht 0.52
Meánteocht
ar an dromchla
íos. meán uas.
110 K 152 K N/A K
Tréithe atmaisféaracha
Brú atmaisféarach 70 kPa
Hidrigin ~86%
Héiliam ~14%
Meatán 0.1%
Galuisce 0.1%
Amóinia 0.02%
Eatán 0.0002%
Foisfín 0.0001%
Suilfíd hidrigine <0.0001%

Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na plainéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phlainéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.

Is plainéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phlainéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.

Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.

Bhí 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.

Struchtúr Iúpatair[athraigh | edit source]

Ceann de na gásfhathaigh sa Ghrianchóras é Iúpatar, is é sin, níl ach croí beag solaid ann agus gás nó leacht ina thimpeall. Is é an ceann is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras, nó tá sé 142,984 chiliméadar ar trastomhas ag an meánchiorcal. Tá Iúpatar 1.326 g/cm³ ar dlús, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar an dara pláinéad is dlúithe de na gásfhathaigh, ach ar ndóigh, tá na pláinéid domhanchosúla (an Domhan, Mearcair, Véineas, agus Mars) níos dlúithe ná Iúpatar.

Tá uachtar an atmaisféir ar Iúpatar comhdhéanta as hidrigin agus héiliam - is í an hidrigin an comhábhar is mó, agus ní sheasann an héiliam ach do 8-12 % den chomhdhéanamh. Nó sin é an céatadán de réir líon na móilíní. Scéal eile é go bhfuil adamh an héiliam níos troime ná móilín na hidrigine. De réir mhais na n-adamh, tá 75 % hidrigin agus 25 % héiliam ann, a bheag nó a mhór. Ag tuirlingt anuas san atmaisféar dúinn, áfach, gheobhaidh muid romhainn comhdhéanamh is casta ná sin, nó tá dúile níos troime thíos ansin, timpeall ar 5 % den iomlán. Is féidir, mar sin, iarsmaí de chomhdhúile a aithint in íochtar an atmaisféir a bhfuil sileacan, fosfar, carbón, ocsaigin, nítrigin nó dúile eile iontu: meatán CH3CH3, uisce H2O, amóinia NH3, foisfín PH3, agus a lán eile. Amuigh ar fhorimeall an atmaisféir, arís, aithnítear criostail shioctha amóinia. Thaispeáin na gathanna ultraivialaite agus infridhearga go bhfuil hidreacarbóin sách casta, ar nóis na beinséine, ann chomh maith.

Creidtear go bhfuil comhdhéanamh an atmaisféir ar Iúpatar an-chosúil le réaltnéal na gréine fadó - an réaltnéal as ar fáisceadh na pláinéid in imeacht na milliún bliain. Scéal eile, áfach, go bhfuil an neon i bhfad níos teirce ansin ná sa Ghrian, agus an héiliam féin beagáinín níos gainne.

Tagairtí[athraigh | edit source]


athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris