Satarn (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Satarn

Is é Satarn (arb ionann é mar fhocal agus SatharnSaturnus, dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus é ar an dara ceann is mó. Tá sé 119,300 ciliméadar ar trastomhas, agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bplainéad. Tá 31 cheann acu ainmnithe agus is é Tíotán an ceann is mó acu. Tá Tíotán chomh mór céanna le Gealacha Galileo, an ceathrar gealach mhóra atá ag timpeallú Iúpatair. Is é Tíotán an dara gealach is mó sa Ghrianchóras, agus é beagáinín níos lú ná Ganymede atá ar an gceann is mó de Ghealacha Galileo.

Thug na spástaiscéalaithe úd Pioneer 11 (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Shatarn agus anois, tá an taiscéalaí úd Cassini ag timpeallú an phlainéid (ón 1 Iúil 2004).

Cosúil le hIúpatar, Úránas, agus Neiptiún, is gásfhathach é Satarn. Is é sin, tá an chuid is mó den phláinéad féin comhdhéanta as na gáis chéanna atá ina atmaisféar - hidrigin thar aon dúil eile. Mar sin, níl sé furasta a shainmhíniú go sásúil, cá dtagann deireadh leis an atmaisféar agus tús leis an bpláinéad féin. Is léir go bhfuil croíleacán cloiche taobh istigh, ach tá sé i bhfad níos lú ná an pláinéad ina iomlán.

Gealacha[athraigh | edit source]

Tá 62 gealach ag Satarn (as a bhfuil ainmneacha ar 53 ceann acu).

Gealacha Móra

Eolas ar líne[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris