Breathnóireacht Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uair in aghaidh na seacht gcéad ceithre scór lá (780 lá, nó uair in aghaidh an dá bhliain, na seacht seachtaine agus an t-aon lá amháin), téann Mars thart leis an Domhan faoi chorradh is ceithre scór milliún ciliméadar (80,000,000 km) de. Ó tá an fhithis ar déanamh an éilips, ní hionann an fad seo gach uair. An té a chaithfidh súil ar Mhars gan aon ghléas cianradhairc a úsáid, aithneoidh sé dath buí, deargbhuí nó dearg air.

Thairis sin, tá gile Mharsa an-athraitheach, nó nuair a shroichfidh sé an pointe is faide uainn ar a chamchuairt, beidh sé seacht n-uaire níos faide ná sa phointe is gaire dúinn. Ní féidir Mars a aithint thar bhladhairí na Gréine ar feadh na míonna a chaitheann sé taobh thiar den Ghrian uainn, ar ndóighe. Faoi dhó in aghaidh dhá bhliain déag is fiche, bíonn Mars chomh cóngarach dúinn agus gur féidir cuid mhór miontréithre a aithint le teileascóp. Ansin, bíonn na caidhpeanna polacha oighir le feiceáil fiú trí theileascóp réasúnta lag.

Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa, ag 9:51:13 (de réir an Ama Uilíoch), sa bhliain 2003, tháinig Mars ní ba ghaire don Domhan ná riamh le trí scór míle bliain (60,000 bliain) anuas. Ní raibh ach 55,758,006 chiliméadar dár ndealú ón bpláinéad dearg, ansin. Bhí Mars díreach i ndiaidh a urchomhaireacht agus a chianphointe don Ghrian a fhágáil - dhá rud a d'fhág inár gcóngar é. Leis an teagmháil seo a chur ina comhthéacs, áfach, ní mór cuimhne a choinneáil air nach raibh an pláinéad ach céad milliúnú cuid níos gaire dúinn ná mar a bhí sa bhliain 1924.

Ar an deichiú lá de Mhí na Samhna, 2084, tiocfaidh an Domhan idir an Ghrian agus Mars. Ar an lá sin, beidh trasdul an Domhain - is é sin, an Domhan ag dul trasna na Gréine - le feiceáil ó Mhars, má bhíonn daoine ansin le súil a choinneáil air. Is féidir, freisin, trasdul Mhearcair agus trasdul Véineas a fheiceáil ó Mhars.