Ózón
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ózón | |
|---|---|
| Ainm IUPAC | Trioxygen |
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 10028-15-6 |
| Airíonna | |
| Foirmle mhóilíneach | O3 |
| Mais mhóilíneach | 47.998 g·mol−1 |
| Dlús | 2.144 g·L−1 (0 °C), gáis |
| Intuaslagthacht | 0.105 g·100mL−1 (0 °C) |
| Leáphointe | 80.7 K, −192.5 °C |
| Fiuchphointe | 161.3 K, −111.9 °C |
| Guaiseacha | |
| Aicmiú AE | Ocsaídeán (O) |
| NFPA 704 | |
Is móilín tríadamhach é Ózón, atá comhdhéanta de trí adamh ocsaigine. Is foirm nó allatróp den mhóilín ocsaigine é, nach bhfuil comh chobhsaí le gnáthmhóilín na hocsaigine, ina bhfuil dhá adamh ocsaigine ann O2. Ag leibhéal na talún, is truailleán aeir é ózón le éifeachtaí dochracha do chóras riospráide an ainmhí agus an duine. San atmaisféar uachtarach, ionsúnn ózón an chuid radaíocht ultraivialait a thagann ón ghrianradaíocht, agus a d'fhéadfadh a bheith díobhálach, roimh theacht chun na talún di.
Tá ózón ar fáil i dtiúchan íseal fud fad atmaisféar an domhain. Tá a lán feidhmiúcháin thionsclaíocha agus tomhaltacha aige. B'é ózón an chéad allatróp de dhúil cheimiceach aitheanta san eolaíocht, b'é Christian Friedrich Schönbein , a chéadléirigh gur gás ar leith é sa bhliain 1840 agus a thug an t-ainm ózón air.
Focal Gréigise é 'ózón', leis an bhrí " boladh", os rud é go mbíonn boladh suntasach ag aer nó ocsaigin trína ngabhann díluchtú leictreachais. D'aimsigh Jacques-Louis Soret an fhoirmle O3 d'ózón sa bhliain 1865 agus dheimhnigh Schönbein í sa bhliain 1867.