Aiméibe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Prótasón aoncheallach nocht, a ghluaiseann le sreabhadh an phrótaplasma agus a athraíonn a chruth trí mhaotháin neamhrialta (bréagphóidiaim) a chruthú. Itheann sí trí pháirteagail a shlogadh le bréagphóidiaim nó infhilleadh a dhromchla sheachtraigh (ionchasadh). Timpeall 0.6 mm ar leithead. Atáirgeann sí den chuid is mó trí dheighilt ina dhá cuid (eamhnú dénártha). Maireann an chuid is mó díobh saor i ngnáthóga uisciúla. Cuid acu seadánach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht i ndaoine.