Cill (bitheolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cork Micrographia Hooke.png

Is í an Chill aonad struchtúrach agus feidhmeach na n-orgánach beo ar fad. Is é an t-aonad is lú in orgánach a rangaítear mar ní beo, agus tugtar "bloc tógála na beatha" uirthi uaireanta. Tá roinnt orgánach, leithéidí fhormhór na mbaictéar, aoncheallach. (Is é atá ann ná cill shingil). Tá orgánaigh eile, an duine daonna mar shampla, ilcheallach. (Meastar go bhfuil 100 trilliún cill i nduine). An chill is mó i neach ar bith dár aimsíodh go dtí seo ná ubh na hostraise.

D'fhorbair Matthias Jakob Schleiden agus Theodor Schwann teoiric na cille sa bhliain 1839, teoiric a deir gur as cill amháin nó níos mó a dhéantar gach orgánach. Is ó chealla a bhí ann roimhe a thagann gach cill. Tarlaíonn feidhmeanna ríthábhachtacha don orgánach taobh istigh den chill, agus tá an t-eolas oidhreachtúil riachtanach do rialú fheidhmeanna na cille agus chun eolas a tharchur go dtí an chéad ghlúin eile ceall ar fáil i ngach aon chill. Is ón bhfocal Laidine cellula, a chiallaíonn seomra beag, a thagann an focal cill.

Roghnaigh Robert Hooke an t-ainm cill don aonad bitheolaíoch beo is lú i leabhar a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1665 nuair a chuir sé na cealla coirc a chonaic sé trína mhicreascóp i gcomparáid leis na seomraí beaga ina gcónaíonn manaigh.