Aigéad núicléasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aigéid núicléasacha)
Léiriú tríphlánach de ADN.

Is éard is aigéid núicléasacha ann ná bithpholaiméirí, nó na bithmhóilíní beaga, atá riachtanach do gach rud beo. Is é an téarma aigéad núicléasach an t-ainm foriomlán ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN), agus aigéad ribeanúicléasach (ARN). Bíonn an dá shaghas ADN agus ARN i núicléas na cille, agus ARN atá sa núicléas is i gcíteaplasma na cille. As ADN a thógtar na géinte, agus stiúrann ADN déanamh an ARN. Ar a seal, stiúrann RNA déanamh na bpróitéiní.Tá siad comhdhéanta de núicléitídí, arb iad na monaiméirí atá déanta as trí chomhpháirt: peantós, grúpa fosfáite agus bonn nítrigineach. Más riobós comhdhúileach é an siúcra, is ARN (aigéad ribeanúicléasach) an pholaiméir; má tá an siúcra díorthaithe as riobós mar dí-ocsairiobós, is é ADN (aigéad de-ocsaibeanóicineach) an polaiméir.

Is iad na haigéid núicléasacha na cinn is tábhachtaí de na bithmhóilíní go léir. Tá siad seo le fáil go flúirseach i ngach rud beo, mar a chruthaíonn, ionchódálann agus stórálann siad faisnéis ar gach cill bheo de gach orgánach beo ar an Domhan. Ina dhiaidh sin, feidhmíonn siad chun an fhaisnéis sin a tharchur agus a léiriú taobh istigh agus taobh amuigh den núicléas cille — d'oibríochtaí inmheánacha na cille agus ar deireadh thiar don chéad ghlúin eile de gach orgánach beo. Tá an t-eolas ionchódaithe cuimsithe agus tíolactha tríd an seicheamh aigéid núicléasaigh, a sholáthraíonn ord na núicléitídí 'an dréimire taca' laistigh de mhóilíní ARN agus ADN.