Logainmneacha Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ard-rún a léarscáil topagrafacha de Mars bunaithe ar an Mars Global Surveyor altimeter léasair taighde faoi stiúir an Maria Zuber agus David Smith. Is Thuaidh ag an mbarr. I measc na gnéithe suntasacha ar an Tharsis bolcáin san iarthar (lena n-áirítear Olympus Mons), Valles Marineris ar an taobh thoir de Tharsis, agus Hellas abhantrach sa leathsféar theas.

Tháinig ainm Mharsa féin ó dhia cogaidh na Rómhánach, ó tá an pláinéad chomh dearg le braon fola thuas ar an spéir.

B'iad Johann Heinrich Mädler agus Wilhelm Beer an chéad bheirt a chuaigh ag mapáil saintréithre geografacha (nó "areografacha") Mharsa. Tá níos mó clú orthu inniu, áfach, de bharr na hoibre a rinne siad ag léarscáiliú na Gealaí ón mbliain 1830 anuas. Roimh aon rud eile, shocraigh siad nach raibh an chuid ba mhó de na saintréithre sin ag athrú, agus b'iadsan fosta a shocraigh an t-am a thógann sé ar Mhars rothlú amháin a chríochnú thart ar a ais. Sa bhliain 1840, tharraing Mädler an chéad mhapa de Mhars riamh, agus breathnuithe deich mblian mar bhunús aige leis. Níor bhaist siad ainmneacha ar na háiteanna, áfach, nó ní raibh acu ach litreacha len iad a shainiú. Sheas an litir "a", mar shampla, do Sinus Meridiani.

Thar an chéad fiche bliain eile, nuair a bhí na hionstraimí breathnóireachta ag dul i bhfeabhas agus na breathnóirí féin ag éirí ní ba líonmhaire, bhí gach aon mhac máthara acu ag tabhairt ainmneacha dá dhéantús féin ar na miontréithre a d'aithin sé ar Mhars, rud a d'fhág logainmníocht Mharsa ina praiseach ar fad. Mar shampla, bhí "Oculus" - an tSúil Bheag - á thabhairt ar Solis Lacus, agus Muir an Orláiste nó An Scairp ar Syrtis Major. Sa bhliain 1858, bhaist an tÍosánach Angelo Secchi "Canáil an Atlantaigh" air. B'é tuairim Secchi go raibh an pháirt chéanna á déanamh ag an "gcanáil" áirithe seo i dtíreolaíocht Mharsa agus a bhí ag an Atlantach ar an Domhan - is é sin, an tsean-ilchríoch a dhealú ón oileán úr. B'é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an téarma mí-ádhúil sin "canáil" a rinne an oiread sin dochair d'obair mhapála Mharsa ina dhiaidh.

Sa bhliain 1867, tharraing an réalteolaí Sasanach Richard Anthony Proctor mapa de Mhars agus é bunaithe ar na líníochtaí a rinne William Rutter Davis dhá bhliain roimhe sin. Is é an prionsabal a bhí aige, dar leis féin, agus é ag ainmniú na n-áiteanna ná "ainmneacha na mbreathnóirí a rinne a staidéar ar shaintréithre fisiciúla Mharsa a thabhairt ar na saintréithre sin". Seo samplaí de na hainmneacha ar bhain Proctor úsáid astu:

Ina dhiaidh sin, is iomaí locht a fuarthas ar na hainmneacha a d'úsáid Proctor. Níorbh é an locht ba mhó ná gur thug sé ómós do na réalteolaithe Sasanacha thar aon dream eile: ba mheasa ná sin an ró-úsáid a bhain sé as ainm gach duine ar leith. Mar sin, tá idir Aigéan Dawes, Caolas Dawes, Farraige Dawes, Ilchríoch Dawes, Oileán Dawes, agus Bá Dhúbailte Dawes ar a mhapa-san. Mar sin féin, tús maith a bhí ann, siúd is nár mhair na hainmneacha.

Maireann cuid mhaith de na hainmneacha a tháinig ó Schiaparelli, áfach. B'eisean a bhaist Syrtis Major, mar shampla, ina mhapa, a foilsíodh sa bhliain 1877. Ar ndóigh, ó fuarthas amach nach raibh ina chuid canálacha ach iomrall súl, caitheadh ainmneacha na gcanálacha i dtraipisí leis na canálacha féin. Ón taobh eile de, rinneadh mionathruithe anseo agus ansiúd, má bhí sé tar éis ainm neamhoiriúnach a thabhairt ar áit éigin. Mar shampla, hathbhaisteadh Olympus Mons, nó Sliabh Olympos, ar an mball ar thug sé Nix Olympica, nó an Sneachta Oilimpeach, air.


Is gnách cráitéir mhóra a ainmniú as eolaithe tábhachtacha agus as scríbhneoirí ficsin eolaíochta. Mar shampla, fuair idir Phroctor féin, Schiaparelli agus Percival Lowell a gcráitéir féin ar Mhars. Baistear áitainmneacha de chuid an Domhain ar na cráitéir bheaga, ar nós Porvoo san Fhionlainn nó Kem' sa Rúis.