Giovanni Schiaparelli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGiovanni Schiaparelli

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(it) Giovanni Virginio Schiaparelli
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1835
Savigliano Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Iúil 1910
75 bliana d'aois
Milano Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthamonumental cemetery of Milan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir Ríocht na hIodáile
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Torino Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaJohann Franz Encke agus Otto Wilhelm von Struve
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéalteolaíocht
Gairmréalteolaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirPulkovo Observatory (en) Aistrigh
Brera Astronomical Observatory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
SiblínCelestino Schiaparelli
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 89653574 Cuir in eagar ar Wikidata

Réalteolaí Iodálach ab ea Giovanni Virgilio Schiaparelli (a rugadh i Savigliano na hIodáile ar 14 Márta 1835 agus a d'éag i Milano ar 4 Iúil 1910). D'fhionn sé an t-astaróideach Hesperia, agus d'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa mar "chanálacha".[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa

Bhain Schiaparelli amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil Torino agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann Bheirlín freisin. Rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann Brera.

Na canálacha

Rinne sé breathnóireacht dhian ar Mhars, agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi chanálacha ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na gcanali ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail Iodáilise é.

Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda.

Spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa". Fiú lena lá féin, ní bhfuair Schiaparelli aitheantas do na canálacha ach ó chuid de na réalteolaithe, nó bhí a lán eile acu den bharúil nach raibh siad in ann na canali a aithint lena súile féin, agus gur dhócha nach raibh iontu ach iomrall súl de chineál éigin. Seo é an tuiscint a deimhníodh nuair a rinne an spásghléasra nua-aimseartha mapáil cheart ar dhromchla Mharsa.

Creidtear inniu go raibh galar súl ag luí ar Schiaparelli, agus nach raibh sna canálacha ach struchtúir inmheánacha a shúl féin a chonaic sé faoi thionchar an ghalair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais".