Tharsis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réigiún garbhchríoch is ea é Tharsis atá suite i dtimpeallacht an mheánchiorcail ar Mhars. Is iad na bolcáin mhóra mhillteanacha a thabhaigh a chlú don réigiún seo, nó tá siad ar na bolcáin is mó ar fud an Ghrianchórais: Olympus Mons agus an trí bholcán eile ar a dtugtar Tharsis Montes, mar atá, Pavonis Mons, Ascraeus Mons, agus Arsia Mons.