Ceartairde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is ceartairdeceartéirí ann ná an stua den mheánchiorcal neamhaí atá idir an réalta agus pointe trasnaithe an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Is é sin an pointe ina dtrasnaíonn an Ghrian an meánchiorcal neamhaí, lá cónochta (lá leathach) an Earraigh. Ceann de chomhordanáidí an mheánchiorcail atá ann, mar cheartairde, a úsáidtear le suíomh na réalta nó na rinne neimhe ar an spéir a chur in iúl. Ar chúiseanna praiticiúla matamaitice, is gnách an stua sin a shainiú in aonaid an ama, seachas sna céimeanna stua. Is ionann, ansin, ceithre huaire fichead an chloig agus stua iomlán an chiorcail.

Is é "ceartairde" an téarma a mholtar i láthair na huaire. Is é an téarma atá ar fáil i bhFoclóir de Bhaldraithe ná ceartéirí. Tá saineolaithe ann a deir gurbh é dronairde an leagan is fearr, áfach.

Is é an diallas an chomhordanáid a théann leis an gceartairde. Úsáidtear córas comhordanáidí an mheánchiorcail le háit na réalta ar an sféar neamhaí a shainiú. Tá córais eile ann le gluaiseachtaí na réaltaí ar an spéir ar feadh an lae agus na hoíche a léiriú.