Satailítí nádúrtha Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Phobos. Stickney an cráitéar mór a fheictear thuas ar chlé.

Tá dhá ghealach ag timpeallú an phláinéid, mar atá, Phobos agus Deimos. B'é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall ba túisce a shonraigh iad, thiar sa bhliain 1877. Bhí bean chéile Hall, Angeline Stickney, ina matamaiticeoir, agus í ag tacú go dílis le hiarrachtaí a fir chéile gealacha Mharsa a fháil amach. D'ainmnigh Hall an cráitéar mór ar thaobh Phobos as a bhean chéile - cráitéar Stickney.

Murab ionann agus ár nGealach féin, níl sa bheirt sin ach astaróidigh bheaga agus iad ceaptha ag imtharraingt Mharsa ar a gcamchuairt. Níl siad sféarúil ná in aon chóngar do bheith sféarúil: is cnapáin mhírialta chloiche agus oighir iad. An breathnóir a bheadh ag amharc ar Deimos ó dhromchla Mharsa, ní aithneodh sé ann ach ponc solais, cosúil leis na réaltaí, ach amháin go mbeadh sé ag gluaiseacht trasna na spéire iontach sciobtha. Tá Phobos níos gaire do dhromchla Mharsa, ach mar sin féin, tá sé ag breathnú níos lú ná an Ghrian. (Coinnímis cuimhne air go bhfuil an Ghealach s'againn féin ag breathnú lán chomh mór leis an nGrian, mar a fheicimid féin í.) Tá an dá ghealach ag fithisiú chomh cóngarach do Mhars agus nach féidir iad a fheiceáil ó gach ball den phláinéad.

Téann Phobos timpeall ar Mhars níos sciobtha ná an tsolasteorainn féin. Mar sin, feictear ag éirí thiar agus ag dul faoi thoir é. Níl Deimos chomh sciobtha céanna, agus mar sin, éiríonn sé ar an spéir thoir agus téann sé faoi ar an spéir thiar.