Beatha ar Mhars

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá fianaise ann a thugann le fios go raibh Mars ní b'fhabhraí don bheatha anallód ná inniu, ach níltear cinnte go fóill, an raibh orgánaigh nó neacha beo ann dháiríre. Creideann cuid de na saineolaithe go bhfuair siad lorg i ndiaidh beatha i gclocha áirithe, mar a chonaic muid thuas, ach is ábhar conspóide é i gcónaí. Maidir leis an gcloch is spéisiúla acu, mar atá, an dreigít úd ALH84001, is é an chiall a baineadh as an taighde geolaíoch atá déanta ar an gcloch sin ná nár tháinig sí riamh in áit ina raibh uisce reatha le fáil, nó ní cheadódh an teocht ina timpeall é.

Nuair a thuirling na taiscéalaithe Viking ar dhromchla Mharsa, bhí gléasra ar iompar acu a chuir ar chumas na saineolaithe trialacha agus turgnaimh a dhéanamh le miocrorgánaigh a chuardach agus a aithint. Bhí rath ar chuid de na turgnaimh, ach ní rabhthas sásta toiliú leis gur leor iad mar fhianaise, ina dhiaidh sin. Is féidir an meatán in atmaisféar an phláinéid a mhíniú mar thoradh ar ghníomhaíocht bhitheolaíoch ar an bpláinéad, ach tá mínithe eile ann freisin.

Má théann na daoine choíche ag míntíriú is ag coilíniú pláinéid eile sa ghrianchóras seo, is é Mars an áit is fearr le sin a dhéanamh. Ní bheadh sé leath chomh furasta stáisiún seasta a bhunú ar Véineas ná ar Mhearcair, mar shampla.