Spásárthaigh a scaoileadh go Mars

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pathfinder

Tá na dosaein de spásárthaí scaoilte ag na Stáit Aontaithe, ag an Aontas Sóivéadach, ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus ag an tSeapáin i dtreo Mharsa, agus is iomaí ceann acu nár tháinig a fhad leis an bpláinéad dearg riamh. Chuir trioblóidí de shórt éigin deireadh le dhá mhisean as gach triúr sula raibh siad críochnaithe, nó, i gcuid mhór cásanna, oiread is tosaithe. Fadhbanna teicneolaíochta is cúis le go leor trioblóidí den chineál seo, ach, go minic, ní raibh sé indéanta an chúis a fháil amach. Mar sin, bíonn an lucht saineolais féin ag trácht, idir shúgradh agus dháiríre, ar "thriantán Bhermuda" sa spás, agus é comhdhéanta as an Domhan, Mars agus an Ghrian, nó ag tagairt do "gheasa Mharsa" nó d'arrachtach spáis agus é ag ithe spásárthaí. Mar sin féin, tháinig cuid mhaith spásárthaí thart leis an "arrachtach" le taighde fónta fiúntach a dhéanamh ar an bpláinéad, cosúil leis na taiscéalaithe Sóivéadacha Mars, leis na sraitheanna Meiriceánacha Mariner agus Viking, chomh maith le Mars Global Surveyor, Mars Pathfinder, agus 2001 Mars Odyssey. Tá an Surveyor tar éis pictiúirí a tharraingt a thugann le fios gur féidir foinsí uisce a bheith faoi dhromchla an phláinéid — uisce nach bhfuil sioctha síos ina leac oighir. Shocraigh an Mars Odyssey go bhfuil sil-leaganacha substainteacha uisce sa chuid is uachtaraí de reigilít Mharsa faoi 30° de phol thuaidh agus de phol theas an phláinéid.

Sa bhliain 2003, scaoil Gníomhaireacht Spáis na hEorpa an taiscéalaí Mars Express chun bealaigh, agus é comhdhéanta as dhá aonad, mar atá, an fithiseoir, an Mars Express Orbiter, agus an gléas tuirlingthe, Beagle a Dó. Cailleadh an gléas tuirlingthe, ach d'éirigh leis an bhfithiseoir go leor pictiúiri a thógáil agus sonruithe a dhéanamh.

Sa bhliain chéanna a lainseáil NASA dhá ghluaisteán cianrialaithe a bhí ceaptha le dromchla Mharsa a shiúl agus taighde a dhéanamh air — an Spirit agus an Opportunity. Thuirling an dá shiúlóir seo go sábháilte, agus chruthaigh siad i bhfad ní b'fhearr ná mar a shíltí. Ní raibh siad ach le trí mhí a chaitheamh i mbun oibre, ó Mhí Eanáir den bhliain 2004 anuas, ach bhí siad in ann leanúint i mbun a misin go deireadh na bliana 2005, ar a laghad, siúd is go raibh cuid den ghléasra tar éis dul ar ainghléas idir an dá linn. Thar aon rud eile, tháinig an dá mheaisín seo trasna ar thuilleadh fianaise go raibh uisce ann. Thairis sin, chuir an Spirit sonrú i gcuaifigh deannaigh — "diabhail dusta", mar a thugtar orthu i mbéarlagair Mheiriceá — is é sin, cuaifigh ghaoithe agus iad ag fáil greama ar an deannach. Uaireanta, chuaigh cuaifeach den chineál seo thar cheann de na gluaisteáin seo, agus nuair a chuaigh, ghlan sé an dusta de na painéil ghréine.