Topagrafaíocht Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá go leor againn ar Thopagrafaíocht Mharsa. Ábhar iontais é chomh difriúil agus atá an dá leath de Mhars le chéile ó thaobh na topagrafaíochta de. Tá na tailte sa tuaisceart mín réidh agus an dóigh ar chlúdaigh na tonnta laibhe iad. An leath dheisceartach den phláinéad, áfach, tá sí criathraithe ag na cráitéir a d'fhág na dreigítí uirthi fadó. Mar a fheictear Mars ar spéir an Domhain, mar sin, tá sé deighilte ina dhá limistéar dhifriúla ó thaobh na hailbéideachta de. Nuair nach raibh tuiscint cheart ag na daoine go fóill ar fhíor-nádúr an tír-raoin ar Mhars, shíltí gur ilchríocha ab ea na machairí geala agus iad clúdaithe ag dusta agus ag gaineamh atá saibhir in iarann. Mar sin, baisteadh ainmneacha ar na machairí seo cosúil le hArabia Terra nó le hAmazonis Planitia. San am céanna, ba nós leis na daoine a cheapadh gur farraigí iad na limistéir dhorcha, agus mar sin, fuair na tailte seo ainmneacha cosúil le Mare Erythraeum, le Mare Sirenum nó le Aurorae Sinus. Is é an ball dorcha is mó is féidir a fheiceáil ná Syrtis Major.

Olympus Mons

Tá caidhpeanna polacha oighir ag Mars agus iad ag athrú de réir theacht agus imeacht an earraigh is an fhómhair. Tá idir oighear uisce agus oighear tirim - is é sin, oighear dé-ocsaíde carbóin - iontu, agus an t-oighear tirim taobh amuigh, ar dhóigh is go n-éalaíonn sé leis nuair a thagann an t-earrach agus an teas, agus an t-uisce is an dusta faoi bhun an oighir thirim ag teacht chun solais.

Is é an sciathbholcán úd Olympus Mons, agus é 26 ciliméadar ar airde, an sliabh is airde ar fud an ghrianchórais ar fad. Tá Olympus Mons suite i ngarbhchríoch Tharsis, agus tuilleadh seanbholcáin le fáil ansin, go háirithe an triúr ar a dtugtar Sliabhta Tharsis, nó Tharsis Montes - is é sin, Pavonis Mons, Arsia Mons agus Ascraeus Mons. Thairis sin, tá na cainneoin is mó sa ghrianchóras le feiceáil i Tharsis, mar atá, Valles Marineris, nó Gleannta an Mhariner. Tá na Gleannta seo ceithre míle ciliméadar ar fad agus seacht gciliméadar ar doimhneacht.

Na dreigítí a d'imbhuail Mars fadó, d'fhág siad roinnt mhaith cráitéir thuinsimh ar an bpláinéad. Is é an ceann is mó acu ná an imchuach thuinsimh úd Hellas, agus í clúdaithe le gaineamh dhearg éadrom.

Tá tír-raon Mharsa i bhfad níos athraithí ó thaobh na hairde de ná an Domhan féin. Tá an difríocht airde idir barr Olympus Mons agus bun Imchuach Hellas beagnachas aon chiliméadar déag is fiche (31 km) ar fad, nó tá bun Imchuach Hellas ceithre éigin ciliméadar faoin bplána tagra. Maidir leis an Domhan, tá Sliabh Everest beagnach naoi gciliméadar os cionn na farraige agus Trinse Marianas beagnach aon chiliméadar déag faoina bun, ach má chuirtear le chéile an dá fhad sin, ní bhfaighfear ach fiche éigin ciliméadar. Nuair a chuimhnítear go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan, is léir go bhfuil na tailte i bhfad níos gairbhe ansin ná anseo.

Ós rud é nach bhfuil farraigí ar Mhars, táthar i muinín modhanna atá bunaithe ar imtharraingt an phláinéid leis an bplána tagra, nó an nialasairde, a shocrú. Is é an sainmhíniú a úsáidtear ná go bhfuil an nialasairde ann san áit inarb ionann brú an atmaisféir agus 610.5 Pa (6.105 mbar, nó 0.6 % de mheánbhrú atmaisféir an Domhain) agus an teocht 273.15 K ann (is é sin, nialas na gcéimeanna Celsius).

Tá meánchiorcal Mharsa socraithe cheana ag an nádúr féin, nó sainmhínítear é de réir rothlú an phláinéid timpeall ar a ais. Scéal eile ar fad é cá bhfuil "Greenwich" an phláinéid. Na réalteolaithe Gearmánacha Wilhelm Beer agus Johann Heinrich Mädler, d'eisigh siad an chéad mhapa córasach faoi thopagrafaíocht Mharsa thiar sna blianta 1830-32, agus iad tar éis ciorcal beag a aithint ar dhroim an phláinéid a shocraigh siad mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Sa bhliain 1877, ghlac Giovanni Schiaparelli leis an bhfadlíne seo agus é ag cromadh ar an obair thábhachtach a rinne sé ag léarscáiliú Mharsa. Nuair a fuarthas an chéad radharc ceart ar dhromchla Mharsa sa bhliain 1972, agus an spástaiscéalaí úd Mariner 9 ag tógáil grianghrafanna den phláinéad, shocraigh Merton Davies an cráitéar beag Airy-2 mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Tá an cráitéar seo suite i Sinus Meridiani, ar phríomh-fhadlíne Beer agus Mädler.