Cogadh na Reann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clúdach ó chéad eagrán an úrscéil, 1898

Is é The War of the Worlds, nó Cogadh na Reann mar a thugtar ar an aistriúchán Gaeilge a rinne Leon Ó Broin, an t-úrscéal is clúití, b'fhéidir, dár tháinig ó pheann bisiúil an scríbhneora Shasanaigh H. G. Wells. Is éard is ábhar don úrscéal ná ionradh na Marsach ar an Domhan agus iarrachtaí an tráchtaire (nach luaitear a ainm) dul i dteagmháil lena bhean chéile sa phraiseach a rinne na Marsaigh de Shasana. Chuaigh an leabhar go mór mór i bhfeidhm ar ghlúin i ndiaidh glúine de léitheoirí, agus tá meas an chlasaicigh ag lucht an fhicsin eolaíochta air inniu.[1]

Imeachtaí an Scéil[athraigh | edit source]

I dtús an scéil, fuair lucht na réadlainne in Ottershaw (Surrey) radharc ar phléascarnach áisteach amuigh ar Mhars, agus ba ábhar mór suime agus seanchais do lucht na réalteolaíochta í. Tamall ina dhiaidh sin, thit "dreigít" ón spás ar Choimín Horsell i gcóngar do Woking (Surrey) áit a raibh cónaí ar fhear inste an úrscéil. Bhí an tráchtaire orthu siúd ba luaithe a d'aithin nach dreigít a bhí ann ar aon nós ach spásbhád de chuid na Marsach. Tháinig slua mór daoine ag baint súl as na Marsaigh, agus chuaigh toscaireacht bheag i dtreo an spásbháid ag iarraidh cumarsáid éigin a chur ar bun leis na cuairteoirí, ach ansin, mharaigh na Marsaigh iad le ga marfach teasa. An réalteolaí Ogilvy, a raibh aithne ag fear inste an scéil air agus a fuair an chéad radharc ar an bpléascarnach ar Mhars, maraíodh sa teagmháil seo é.

Bhí an tráchtaire ina fhinné súl ag an ócáid, ach d'éirigh leis a éalú a dhéanamh, agus ansin, chinn sé ar a bhean chéile a thabhairt go dtí Leatherhead (baile beag eile i Surrey), áit a raibh lucht gaoil acu. Bhí na fórsaí armtha díreach ag déanamh téisclime le cath a chur ar na Marsaigh. San am chéanna, mar a fuair an tráchtaire amach, bhí na Marsaigh ag ullmhú a gcuid arm féin: an ga marfach teasa, an gás nimhe (an "deatach dubh", mar a thugadh na daoine scanraithe air) agus na meaisíní tríchosacha cogaidh a chuir ar chumas na Marsach - trom téagartha mar a bhí siad, agus iad cleachta le himtharraingt lag a bpláinéid féin - taisteal a dhéanamh go sciobtha i dtír-raon an Domhain. Rinne na tríchosaigh léirscrios ar na fórsaí armtha i bhfaiteadh na súl, agus iad ag cromadh ar na pobail sa timpeallacht a chur de dhroim an domhain ansin.

Nuair a bhí an tráchtaire ag éalú leis i ndiaidh na n-imeachtaí seo, casadh fear de na saighdiúirí air, oifigeach airtléire, a d'inis dó go raibh spásbhád eile tuirlingthe idir Woking agus Leatherhead, idir an tráchtaire agus a bhean chéile. Rinne an bheirt fhear iarracht éalú in éineacht, ach scaradh ó chéile iad ar an mbád farantóireachta idir Shepperton agus Weybridge, nuair a rinne ceann de na tríchosaigh ionsaí ar Shepperton. D'éirigh leis an airtléire Shasanach ceann de na tríchosaigh a scrios, ach nuair a thit sé síos in uisce na Tamaise, chuir sé an abhainn ar fiuchadh, ionas nach raibh an tráchtaire ábalta trasnáil a dhéanamh agus Middlesex a bhaint amach.

Bhí tuilleadh spáslong ag titim anuas ar Shasana, agus na daoine ag teitheadh as Londain lena n-anam. Ina measc bhí deartháir an tráchtaire, agus é ag éalú feadh chóiste Essex i ndiaidh do na Marsaigh ionsaí gás nimhe a dhéanamh ar Londain. Bhí an HMS Thunder Child, bád toirpéad de chuid an Chabhlaigh Ríoga, in ann cúpla tríchosach a dhíothú sula ndeachaigh sí féin i dtóin phoill. Mar sin, tháinig báid na dteifeach slán, ina measc an bád a bhí ag iompar dheartháir an tráchtaire agus an bheirt bhan a bhí ag taisteal ina chuideachta, agus iad ábalta a n-éalú a dhéanamh go Mór-roinn na hEorpa.

Má bhí muintir Shasana ag iarraidh cur in aghaidh na Marsach go fóill, níor mhair na hiarrachtaí sin i bhfad a thuilleadh. Bhí cead a gcos ag na Marsaigh ar fud dheisceart na Breataine Móire anois. San am chéanna, bhí cineál féar dearg ó Mhars ag dul i bhfairsinge, agus é ag marú phlandaí an Domhain roimhe, díreach cosúil leis an dóigh a raibh na Marsaigh féin ag marú na ndaoine rompu.

Tríchosach (maisiú leabhair le Alvim Corréa)

Chuaigh fear inste an scéil i bhfolach i bhfothrach foirgnimh in aice le Sheen, ach ansin, thuirling spásbhád eile ó Mhars in aice leis an áit. Casadh ministir air anseo, eaglaiseach Protastúnach a bhí i ndiaidh a chiall a chailleadh faoi bhrú na n-imeachtaí. Bhí sé ag spalpadh leis faoi chath Harmagadóin, faoi na críocha déanacha agus faoi dheireadh an tsaoil, agus fuair an tráchtaire riachtanach codladh púicín a chur air le buaille, ar eagla go gcloisfeadh na Marsaigh é. Chuala, agus chart siad an ministir leo, ach d'éirigh leis an bhfear inste an chinniúint chéanna a sheachaint, ó chuaigh sé i bhfolach sa soiléar.

Sa deireadh, thréig na Marsaigh an áit, agus chinn an tráchtaire éalú leis. Ar a chamchuairt, casadh an t-oifigeach airtléire air a bhí díreach ag glacadh pleananna faoin dóigh a bhféadfadh an cine daonna a bpláinéad féin a athshealbhú ó na Marsaigh. Fuair an tráchtaire a chuid scéalta suimiúil ar dtús, ach ansin tuigeadh dó nach raibh ann ach rámhailleach, nuair a chonaic sé an trinse bocht a bhí an fear eile a thochailt, mar thúsphointe do na pasáistí faoi thalamh a bhí sé a phleanáil. Ina dhiaidh sin, chuaigh an tráchtaire trí Londain, ag déanamh iontais den chathair mharbh fholamh, agus sa deireadh, casadh Marsach air. Faoin am seo bhí sé i ndiaidh deireadh súile a bhaint den saol ar fad, agus rinne sé ruathar faoin Marsach le súil is go marófaí go sciobtha é, ach ansin, tuigeadh dó go raibh an Marsach ag saothrú an bháis cheana féin. Ó nach raibh imdhíonacht ag na Marsaigh ar fhrídíní an Domhain, bhí siad á lobhadh ina mbeo.

I ndeireadh an scéil, casadh a bhean chéile ar an tráchtaire arís, cé go raibh an bheirt acu beagnach cinnte go raibh an duine eile marbh. Mar chlabhsúr, chaith an tráchtaire spléachadh ar an taighde a rinne na saineolaithe ar iarsmaí na sibhialtachta Marsaí ar an Domhan agus ar an eolas nua a bhí le baint astu.

Stíl an Scéil[athraigh | edit source]

Tá an t-úrscéal scríofa i stíl líofa shoiléir agus na himeachtaí ag teacht go nádúrtha sna sálaí ag a chéile. Shílfeá gur iriseoireacht atá ann.[2] Maidir le fear inste an scéil, is iriseoir meánaosta ó Woking é agus é ina speisialtóir ar an eolaíocht. Mar sin, tá sé an-chosúil le Wells féin. Tugann sé cur síos ar na himeachtaí mar a bheadh finné súl ann, agus é in ann míniú eolaíoch a thabhairt ar a lán rudaí a fheiceann sé ag titim amach ina thimpeall. Thairis sin, áfach, aithrisíonn sé scéal a dhearthára le peirspictíocht níos fairsinge a thabhairt ar na himeachtaí. Díol suime é nach dtugtar ainmneacha na bpríomhlaochra ar aon nós: i dtús an scéil, luaigh an tráchtaire ainm an réalteolaí Ogilvy, ach ansin, mharaigh na Marsaigh Ogilvy go luath i ndiaidh dóibh tuirlingt.

Suíomh agus Cúlra an Scéil[athraigh | edit source]

Scéal ficseanúil é Cogadh na Reann, ar ndóigh, ach is léir go bhfuil cuid mhór den úrscéal bunaithe ar idéanna eolaíocha na linne, ar an saol a bhí ag Wells féin, agus ar dhaoine a raibh aithne aige orthu.

Bhain Wells amach dintiúirí an mhúinteora eolaíochta sa dara leath den naoú haois déag. Duine de lucht a theagasctha ab ea Thomas Henry Huxley (athair mór Aldous agus Julian Huxley), a bhí ina cheannródaí ag cur chun cinn oideachas eolaíochta sa Bhreatain Mhór. Bhí Thomas Henry Huxley go tréan ag cosaint an Darwineachais freisin, agus b'eisean an duine a chum coincheap an agnóiseachais, le cur síos a thabhairt ar a shaoldearcadh féin.

Chaith Wells seal ag múineadh eolaíochta, agus d'fhoilsigh sé téacsleabhar bitheolaíochta sular chrom sé ar scríbhneoireacht na n-úrscéalta. Sa bhliain 1894 thosaigh sé ag scríobh léirmheasanna don iris úd Nature, agus rinne sé an-iarracht le ceisteanna casta na heolaíochta a chur ar fáil don ghnáthléitheoir i bhfoirm shothuigthe.

Is léir ó thús an úrscéil go raibh an scríbhneoir faoi dhraíocht ag an eolaíocht. Caitheann fear inste an scéil spléachadh ar Mhars tríd an teileascóp, agus é ag déanamh a mharana ar an dóigh a mbíodh na Marsaigh ag ullmhú an ionartha: cinnte bhí siad ag breathnú anuas ar an Domhan agus ar an gcine daonna cosúil leis an dóigh a mbreathnaíonn an duine anuas ar an miocrób a fheiceann sé tríd an micreascóp. Sa deireadh, áfach, is iad na miocróib a chaillfidh na Marsaigh ar an Domhan.

Sa bhliain 1894, chonaic réalteolaí éigin san Fhrainc "soilse aisteacha" ar Mhars, agus d'fhoilsigh sé torthaí a chuid breathnuithe ar an Nature. Thug na breathnuithe seo inspioráid do Wells, nó i dtús an úrscéil aithníonn réalteolaithe an Domhain tinte de chineál chosúil ar an bpláinéad dearg, agus mar a gheofar amach go luath ina dhiaidh sin, is é imeacht an spáschabhlaigh go dtí an Domhan is cúis leo.

Faoin am seo, bhí "canálacha" Mharsa go mór mór i mbéal an phobail. Inniu, tá a fhios againn nach bhfuil sna canálacha ach iomrall súl ó thús deiridh. Is é is cúis leis an iomrall seo ná an claonadh nádúrtha atá i súil agus in inchinn an duine struchtúir chasta a shamhlú is a fheiceáil san áit nach bhfuil a leithéidí ar aon nós. Ba é an tIodálach Giovanni Schiaparelli ba túisce a chuir na luaidreáin faoi chanálacha Mharsa ag imeacht timpeall, cé nárbh é sin a bhí i gceist aige ar aon nós: shíl sé go raibh cineál aibhneacha caola feicthe aige, canali, mar a bhaist sé orthu as Iodáilis, ach is é an chiall a bhain na hiriseoirí ar fud an domhain as an bhfocal gurbh é an rud a bhí i gceist aige ná canálacha a bhí gearrtha ag neacha intleachtúla de chineál éigin.

Rinne Schiaparelli a chuid breathnuithe chomh luath leis an mbliain 1877, ach ó d'fhoilsigh Percival Lovell, an réalteolaí Meiriceánach, leabhar cuimsitheach faoi Mhars sa bhliain 1895, bhí na canálacha á bplé is á gcardáil go forleathan san am a raibh Wells ag dréachtáil a úrscéil. Chreid Lovell go dian daingean sna canálacha, agus shíl sé go raibh an bheatha ag cúlú ar Mhars, toisc gur pláinéad a bhí ann a bhí ag aosú agus ag dul in éag. Ba é Lovell ba túisce a shamhlaigh gur canálacha uiscithe a bhí ann agus go raibh feirmeoireacht fásaigh idir lámhaibh ag na Marsaigh.

An smaoineamh sin gur pláinéad tráite triomaithe a bhí i Mars nach raibh ag riar ar a mhuintir a thuilleadh, tá sé le haithint ar "Chogadh na Reann", agus is léir gurbh ó Lovell a fuair Wells é. A lán seanscríbhneoirí ficsin eolaíochta eile a chum scéalta faoi Mhars bhunaigh siad a n-aisling ar leabhar Lovell. Sampla maith iad scéalta Edgar Rice Burroughs faoi Barsoom.

Scríobh Wells aiste faoin teideal Intelligence on Mars, a chuaigh i gcló ar an iris Saturday Review. San aiste seo a leag sé síos na hidéanna faoi shaol intleachtach ar Mhars ar ar bhunaigh sé imeachtaí an úrscéil. Rinne sé a mharana ar na difríochtaí idir éabhlóid an duine agus éabhlóid an tsaoil intleachtaigh ar Mhars, dá mbeadh a leithéid ann. Thairis sin, luaigh sé an fhéidearthacht go rachadh na Marsaigh ag tabhairt pláinéid eile chun míntíreachais, agus an saol ar a bpláinéad féin ag dul chun donais de dheasca an triomaigh agus an fhuachta.

Timpeallacht na nImeachtaí[athraigh | edit source]

Maidir leis an tír-raon ina bhfuil imeachtaí an scéil suite, is léir go bhfuair Wells inspioráid ón áit ina raibh cónaí air féin san am agus ó na daoine a chaidríodh sé san am. Sa bhliain 1895, bhí clú agus cáil air mar scríbhneoir, agus é tar éis an dara bean chéile, Catherine Robbins, a phósadh. Bhí an lánúin socraithe síos i Woking, agus théadh Wells ag spaisteoireacht nó ag rothaíocht go tráthrialta, ag caitheamh súile ar an gceantar tuaithe agus ag súil le hinspioráid. Ba é a dheartháir a thug an chéad leid dó, nó uair amháin, agus an bheirt deartháracha ag siúl faoin tuath mar ba ghnách, bhí an deartháir ag déanamh a mharana os ard ar an dóigh a rachadh ionradh na n-arrachtach eachtardhomhanda i bhfeidhm ar an timpeallacht seo agus ar a muintir.

A lán de na himeachtaí san úrscéal tá siad suite i Woking agus sna bruachbhailte in aice leis. Bhí Wells ina chónaí in aice le Coimín Horsell, arbh é áit chéadthuirlingthe na Marsach é mar a samhlaíodh dó. Nuair a bhí sé ag scríobh an úrscéil, bhain sé sult saobh as a bheith ag aithris na n-imeachtaí dá mhuintir, ag tabhairt cur síos ar an dóigh ar scrios an ga teasa agus an lustan dearg na feirmeacha a raibh aithne aige orthu, gan trácht a dhéanamh ar Londain. Bhí carachtair an oifigigh airtléire, an mhinistir agus an mhic léinn leighis bunaithe ar dhaoine beo a casadh ar Wells i Woking nó i Surrey, fosta.

Inniu, tá samhail den "tríchosach" ina seasamh in aice le stáisiún na dtraenach i Woking - dealbh atá bunaithe ar an gcur síos sa leabhar. Tá an dealbh seacht méadar, nó trí troithe fichead, ar airde, agus í suite ar an tsráid úd Crown Passage. The Martian an t-ainm atá uirthi.

Foilsiúchán[athraigh | edit source]

Go deireanach sna 1890idí ba choitianta úrscéal a fhoilsiú i bhfoirm shraithe ar irisí nó ar nuachtáin sula dtiocfadh sé i gcló faoi chlúdach leabhair. Mar sin a céadfhoilsíodh saothair Charles Dickens, cuir i gcás. Ba í an iris úd Pearson's Magazine a ghlac le Cogadh na Reann le haghaidh foilsiú ar dtús, sa bhliain 1897. Sa chéad bhliain eile chuir William Heinemann an leabhar faoi bhráid na léitheoirí, agus ón lá sin i leith, ní dheachaigh an leabhar as cló riamh sa Bhéarla.

Foilsíodh dhá leagan bradacha den tsraith sna Stáit Aontacha. An chéad acu tháinig sé i gcló sa bhliain 1897; an chéad eile ba é an Boston Post a d'fhoilsigh é sa bhliain 1898, agus imeachtaí an scéil athraithe agus suite i Sasana Nua. Chuir Wells in aghaidh an dara foilsiúchán.

Go ginearálta thaitin an leabhar leis na gnáthléitheoirí agus na léirmheastóirí araon. Fuair daoine áirithe locht ar imeachtaí brúidiúla an scéil, áfach.

Leaganacha Eile[athraigh | edit source]

Orson Welles[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1938, chuaigh Cogadh na Reann ar an aer mar chuid den tsraith Mercury Theater of the Air ó staisiún craoltóireachta an chomhlachta raidió úd CBS. Ba é Orson Welles a chuir an scéal in oiriúint don raidió, agus rinne sé bullaitín nuachta de, ionas go raibh craiceann rómhaith fírinne ar an iomlán. Ní raibh sosanna ann le haghaidh fógraí tráchtála, agus mar sin, shíl a lán daoine gur fíorscéal a bhí i gceist agus go raibh na himeachtaí ag titim amach i ndáiríre. Chuaigh an scanradh mór ar fud na Stát, ach i ndiaidh an chraolacháin seo, bhí clú Orson Welles déanta.

Jeff Wayne[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1978, rinne Jeff Wayne albam ceoil, Jeff Wayne's Musical Version of the War of the Worlds, agus é bunaithe ar an inspioráid a fuair sé ó Chogadh na Reann. Is éard a bhí i gceist ná athinsint na n-imeachtaí mar cheol - rac-cheol forásach a bhí ann. Ba é an t-aisteoir clúiteach Richard Burton a d'inis an scéal ar an gceirnín.

Mars Attacks![athraigh | edit source]

Sa bhliain 1996, chuaigh Mars Attacks! ar scáileán. Go bunúsach, bhí an scannán bunaithe ar shraith cártaí inbhailithe ó na seascaidí a thug cur síos ar an dóigh ar ghabh arrachtaigh mhíofara ó Mhars an Domhan agus iad dírithe ar mhuintir an Domhain a chéasadh is a mharú. Mar sin féin, is léir go bhfuair dearthóir na gcártaí inspioráid ó Chogadh na Reann, nó ó na B-scannáin faoi ionradh na n-arrachtaí ón spás a bhí coitianta sna caogaidí - scannáin a raibh aithne Chogadh na Reann orthu chomh maith. Sa deireadh, chinn Tim Burton ar scannán a bhunú ar ghabháltas na Marsach ar an Domhan de réir an scéil a bhí inste ag na cártaí. Scigaithris ar na seanscannáin ficsin eolaíochta a bhí ann go bunúsach, ach san am chéanna bhí an scannán ag cur thar maoil le haisteoirí clúiteacha, ar nós Jack Nicholson, Glenn Close, agus Sarah Jessica Parker. Bhí ról tábhachtach ag Natalie Portman freisin, cé nach raibh sí ach cúig bliana déag d'aois san am.

Steven Spielberg[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2005, scannánaigh Steven Spielberg an t-úrscéal. Bhí na himeachtaí aistrithe go dtí na Stáit Aontaithe agus curtha in oiriúint do shaol an lae inniu, agus ba é Tom Cruise a rinne an phríomhpháirt.


Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Baxter, Stephen (2005). "H.G. Wells’ Enduring Mythos of Mars". War of the Worlds: fresh perspectives on the H.G. Wells classic/ edited by Glenn Yeffeth: 186–7. BenBalla. 
  2. http://www.time.com/time/archive/collections/0,21428,c_war_of_the_worlds,00.shtml