Toirpéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lón cogaidh i gcogaíocht mhuirí. Diúracán treoraithe faoin bhfarraige, le mótar chun é a thiomáint tríd an uisce agus lucht pléascach is maidhmitheoir a lasctar nuair a imbhuaileann sé leis an targaid. Táirgeadh an chéad cheann praiticiúil i lár an 19ú céad. I gcogaíocht an lae inniu is arm frithfho-mhuireán den chuid is mó an toirpéad, feistithe le ceann le braiteoir sonóra ann chun na fuaimeanna faoin bhfarraige a bhrath, a aithint agus a rian a leanúint, le córais ríomhaire chun é a threorú i dtreo foinse na fuaime sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Toirpéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.