Spásárthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feithicil atá deartha chun feidhmiú i bhfolús, dímheáchan, comhshaol ardradaíochta mar atá sa spás, chun foireann a choinneáil slán ag lainseáil, ag eitilt is ag teacht i dtír arís, chun turgnaimh, taighde, is oibríochtaí fónta a dhéanamh. Ba é Sputnik 1 an chéad spásárthach a lainseáladh (1957). Bíonn gá le córais ardiontaofa rialaithe (maidir le comhshaol, téamh, seasamh, teiliméadracht, is próiseáil sonraí) agus tiomána ann. Baineann gnéithe ar leith le dearadh spásárthaigh atá chun filleadh ar ais san atmaisféar (mar shampla, na tílí frith-théite ar thointeálaí spáis NASA) nó feidhmiú in atmaisféir eile ar phláinéid eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spásárthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 616.