Spástaiscéaladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thosaigh ré thaiscéaladh an spáis i ndáiríre leis an gcéad saitilít shaorga (Sputnik an Aontais Shóivéadaigh, 1957) agus an chéad eitilt spáis le foireann dhaonna ar bord (Yuri Gagarin ón Aontas Sóivéadach, 1961). Thosaigh eitiltí fithiseacha i 1962 (Mariner 2 na Stát Aontaithe). Faoi seo tá cuid mhaith d'úsáidí fónta an spástaiscéalta i ngnáthúsáid: teileachumarsáid, meitéareolaíocht, réalteolaíocht, cianbhrath an Domhain. I dtaiscéaladh an Ghrianchórais, tá staidéar grinn na bpláinéad leathnaithe chomh fada amach le Neiptiún, agus an-dul chun cinn déanta i staidéar na Gealaí is daoine curtha i dtír uirthi i gclár Apollo (1969-1972). Saothraíodh feithiclí a dtugtar stáisiúin spáis orthu (Skylab, Salyut, Mir, an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta) chun foirne a choimeád orthu ar feadh tréimhsí fada. Ar dtús bhí an tAontas Sóivéadach chun cinn, ansin na Stáit Aontaithe. Tá an Rúis láidir go leor i gcónaí, agus an tAontas Eorpach, an tSeapáin, is an tSín ag cur lena n-iarrachtaí. Tá comhlachtaí príobháideacha ag éirí gnóthach san earnáil seo, agus i 2004 d'eitil an chéad spásárthach príobháideach le foireann ar bord suas go barr an atmaisféir. Braithfidh forbairtí sna blianta amach romhainn ar chostais agus smachtú na bhfadhbanna fiseolaíochta a bhaineann le spástaisteal thar thréimhsí fada.