Aigéan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aigéin an Domhain.

Is achar mór uisce é aigéan, nó an fhairsinge uisce sin a chlúdaíonn timpeall 70% de dhromchla an domhain agus a thimpeallaíonn na hilchríocha[1]. Tugtar Muir ar chuid d'aigéan.

Má fhéachann muid ar aigéan i bhfad uaim, níl le feiceáil ann ach uisce agus a thuilleadh uisce.[2] Ach tá na haigéin lán de bheatha. Maireann níos mó ná 1 mhilliún speiceas de phlandaí agus d’ainmhithe sna haigéin. Deir eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil suas le naoi milliún sórt eile nach bhfuil aimsithe acu fós.

Tagann 71% d’ocsaigin an domhain ó na haigéin. is sna haigéin atá na sléibhte is airde ar domhan agus na gleannta is doimhne ar domhan. Is sna haigéin atá cónaí ar an ainmhí is mó riamh – an míol mór gorm.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh na haigéin go luath i stair an domhain de réir dealraimh, chomh luath is a d'fhuaraigh an pláinéad a dhóthain chun go dtiocfadh an t-uisce leachtach, timpeall 4,000 milliún bliain ó shin.

Tháinig an salann as ceimiceáin sa screamh agus ó chisil níos doimhne trí bholcánacht.

Is é an toradh ar chruthú na n-ilchríoch ná an 5 phríomhaigéan: an tAigéan Atlantach, an tAigéan Indiach, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, agus an tAigéan Antartach nó tAigéan Theas.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn uisce na n-aigéan ag síor-ghluaiseacht de bharr na feachtaí is an taoidí a iompraíonn uisce na n-aigéan ó áit go háit.

sléibhte is gleannta ar ghrinneall na farraige go díreach mar atá ar talamh. Is oileáin iad cuid de na sléibhte mar éiríonn siad chomh hard sin go bhfuil siad le feiceáil os cionn na farraige.

Tugtar dromanna aigéin ar na sliabhraonta is trinsí ar na gleannta.

Aigéin an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá breis is dhá thrian de dhromchla an domhain faoi fharraigí is faoi aigéin.

Clúdaíonn an t-aigéan is mó, an tAigéan Ciúin, réimse níos mó den domhan ná na tíortha uile le chéile.

Cúig aigéan atá ann. Seo iad de réir a méid i milliúin ciliméadar cearnach:

Téamh domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint timpeall an domhain. Tá fianaise ann anois, gan ardú teochta domhanda níos mó, go n-ardóidh leibhéal na mara 0.27m, mar tá an oiread "leac oighir zombaí" i Muir na Graonlainne agus ar chósta thiar na Graonlainne i láthair na huaire.[3]

Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta ollmhór ann (níos mó ná 2°C), leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.[4] Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall cúpla méadar dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. cogg.ie (9 Meitheamh 2010). "Eureka-6-28". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Melting 'Zombie ice' from Greenland will raise sea level by 10 inches, study says" (en-us). PBS NewsHour (2022-08-29). Dáta rochtana: 2023-06-08.
  4. "An tOileán Úrnua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  5. Foras na Mara / marine.ie (2018). "Beidh séadchomharthaí tíre ar fud na hÉireann ag glacadh páirt sa tionscnamh ‘Go Atlantic Blue’ chun ár nAigéan Atlantach a cheiliúradh | Marine Institute". www.marine.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-06-08.