Príomhsheicheamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa réalteolaíocht, banda leathan ar léaráid Hertzsprung-Russell a luíonn an chuid is mó de na réaltaí ann. Caitheann réalta an chuid is mó dá ré sa phríomhsheicheamh le linn di a cuid hidrigine a ídiú trí chomhleá núicléach chuig héiliam. Nuair a bhíonn an hidrigin sa chroíleacán ídithe go hiomlán, déanann sí éabhlóid ina fathach dearg, amach ón bpríomhsheicheamh. Is réalta sa phríomhsheicheamh ár nGrian.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Príomhsheicheamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 537.