Seismeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eolaíocht ina ndéantar staidéar ar na tonnta seismeacha faoi thalamh a ghineann creathanna talún, brúchtaí bolcán nó pléascthaí eile ar an talamh nó faoina bun. Baineann siad sin go bunúsach le gluaiseacht na n-ilchríoch, ina snámhann plátaí ollmhóra teicteonacha go mall ar an maintlín ar bharr croíleacán te leachtach an Domhain. Imbhuaileann siad le chéile agus fodhuchtann ceann amháin faoi bhun an chinn eile. De réir mar a chuimlíonn siad i gcoinne a chéile, cuirtear tús le creathanna talún, agus go minic tarlaíonn bolcáin ag áiteanna mar sin freisin. Is féidir tonnta mar seo a bhrath le seismeagraif íogaire i bhfad i gcéin óna bhfoinse, agus baintear feidhm astu chun pléascthaí trialacha núicléacha faoin talamh a fháil amach, is i sirtheoireacht mhianach ag geolaithe. Trí staidéar ar thonnta seismeacha is mó a fhaighimid eolas ar an taobh istigh den Domhan.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seismeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.