Posatrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínPosatrón
Rangúfrithleaptón agus cáithníní bunúsacha Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíimtharraingt, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus idirghníomhú lag Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínleictreon Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain1932 Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach1 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo-11 Cuir in eagar ar Wikidata

Cáithnín bunúsach a bhfuil an mhais is an ghuairne chéanna aige is atá ag an leictreon, ach a bhfuil a lucht, atá ar aon mhéid le lucht an leictreoin, ina lucht dearfach. Mar sin, is frithleictreon é le siombail e+. An fisicí Meiriceánach Carl Anderson is an fisicí Briotanach Patrick Blackett (1897-1974) a d'fhionn é i 1932 ina dtaighde le néalsoitheach ar ghathanna cosmacha. Díothaíonn leictreon is posatrón a chéile chun gáma-ghathanna a chruthú. Astaíonn foinsí radaighníomhacha ar leith é (mar shampla, sóidiam-22). Úsáidtear posatróin sa chóras íomháithe, tomagrafaíocht astú posatrón, an mhíochaine, agus staidéir ar airíonna leictreonacha solad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Posatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 535.