Fótaisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dromchla feiceálach na Gréine (nó réalta eile). Timpeall 500 km ar thiús, an crios ina n-athraíonn cisil na Gréine ó bheith iomlán teimhneach do radaíocht chun a bheith trédhearcach, agus mar sin, an crios a dtagann an solas a fheicimíd uaidh. A theocht timpeall 6,000 K. Nuair a iniúchtar an fótaisféar go mion, bíonn cruth breac air.