Bealach na Bó Finne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochBealach na Bó Finne
Cineálréaltra bíseach barrach agus rinn neimhe
Cineál moirfeolaíochSBbc[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmbainne, Geimhreadh, sráid, bóthar, Camino de Santiago agus caora
Réad tuismitheoraSagittarius A*
Réad linbh
RéaltbhuíonNa hÉisc, An Saighdeoir, An tAra, Caiseoipé, An Chros, Coróin an Tuaiscirt, Earcail, An Scairp, An Lir, An Dragan, An Phéist, An tIolar, An tSaighead, An Béar Beag, An Béar Mór, An Mheá, An Tarbh, An Cúpla, An Portán, An Leon, An Mhaighdean agus An Gabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga50,000 ly Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas100,000 ly Cuir in eagar ar Wikidata
Dearbhmhéid−20.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Mais1,200,000,000,000 M☉ Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse rothlaithe87,000,000,000 d Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMilky Way subgroup (en) Aistrigh agus An Grúpa Áitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Is é Bealach na Bó Finne (nó Claí Mór na Réaltaí, mar a thugtar air i leabhair le scríbhneoirí áirithe Ultacha, nó An Láir Bhán) an réaltra ina bhfuil ár ngrianchóras féin. Tá ár ngrian tuairim is 30,000 solasbhliain ó lár an réaltra. Tá timpeall 200- 400 billiún réalta i mBealach na Bó Finne.

Réaltra bíseach atá ann, agus is dócha go bhfuil sé sách cosúil le réaltra Andraiméide i súil an bhreathnóra taobh amuigh. Creidtear gur dúpholl millteanach - An Díothóir Mór - atá i lárphointe Bhealach na Bó Finne, agus é timpeallaithe ag scamaill mhóra gáis agus dusta, chomh maith le hiarsmaí i ndiaidh ollnóvaí agus, ar ndóighe, na mílte réaltaí. Is iad na réaltaí agus na scamaill seo is comhábhair do bholg Bhealach na Bó Finne. Is é an bolg an chuid lárnach den réaltra, agus é cosúil leis an mbuíocán san ubh. Thart ar an mbuíocán sin a leatar diosca an réaltra, agus é roinnte ina ghéaga. An Grianchóras seo againn, áfach, níl sé suite in aon ghaobhair don bholg, ach i ndiosca an réaltra, fíche ocht míle solasbhliain ón lárphointe. Tugtar Géag an Bhodaigh ar an ngéag ina bhfuil cónaí orainn féin, nó tá réaltaí an Bhodaigh, cosúil le Mintaka agus Alnilam, suite sa ghéag chéanna. Thairis sin, aithnítear Géag Pheirséis, Géag an tSaighdeora is na Cíle, an Ghéag Eachtrach, Géag na Scéithe, Géag na Croise agus Géag an Trí Mhíle Parsoic.

Bealach na Bó Finne (samhail ealaíonta)

Tá Bealach na Bó Finne ar an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó tá Réaltra Andraiméide níos mó ná é. Ós rud é go bhfuil an dá réaltra seo "i gceannas" ar an nGrúpa Áitiúil, tá roinnt mhaith réaltraí beaga mar shatailítí timpeall ár réaltra féin: Abhac Éilipseach an tSaighdeora, Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abhac an Bhéir Mhóir, Abhac an Dragain, Abhac an Dealbhóra, Abhac an tSeiseamháin, Abhac na Cíle, Abhac na Foirnéise, Leon a hAon agus Leon a Dó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]