An Mheá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Mheá
an Mheá
an Mheá
Ainm Laidine (IAU)Libra
NodLib
Ginideach LaidineLibrae
Siombalaíochtan mheá
Dronairde15 h
Diallas−15°
Achar538 céim cearnach
Céim 29ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
2
Réalta is gileZubeneschemali (β Lib)
(méid 2.6)
DreigecheathannaLibridí na Bealtaine
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +65° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon an stoidiaca í an Mheá. Tá an réaltbhuíon seo neamhfheiceálach go maith, agus gan réalt ar bith aici ar an gcéad mhéid. Tá sí suite idir an Mhaighdean ar an taobh thiar di agus an Scairp ar an taobh thoir di. De réir mar a léiríonn ainmneacha na réaltaí is gile léi, d'fheictí an réaltbhuíon seo mar roinn de theanchair na Scairpe tráth. Is é Libra, a chiallaíonn meá, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhdhéanann na réaltaí is gile de chuid na Meá dronuilleog. Is cuing na meá iad α is β Lib, agus is scálaí na meá iad γ is σ Lib:


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar atá luaite cheana féin, ní raibh sa réaltbhuíon seo fadó ach cuid de theanchair na Scairpe, nó Chelae mar a thugadh na Sean-Ghréigigh air; mar sin de tá an Mheá ar an réaltbhuíon is óige de chuid an stoidiaca, agus is í an t-aon cheann amháin nach léiríonn dúil bheo. De réir cosúlachta, ba iad na Rómhánaigh sa chéad aois Roimh Chríost a d'ionannaigh an réaltbhuíon seo le meá. Os a choinne sin, áfach, deirtear go dtugadh na Suiméirigh Zi-ba-ni-tum ("meá neimhe") mar ainm ar an réaltbhuíon seo dhá mhíle bliain roimh na Rómhánaigh. ZIB.BA.AN.NA an leagan Acáidise a fhaightear ar théacsanna Asaíreacha ón gcéad míle bliain RC.

De réir mhiotaseolaíocht dhéanach na Gréige, d'ionannaítí an réaltbhuíon sa tseanré le meá an cheartais a bhíodh ar iompar ag Astraea, bandia an cheartais (is é sin le rá an Mhaighdean). Is amhlaidh go mbíonn scothchosúlacht meá ar an réaltbhuíon seo mura gcuirtear san áireamh réaltaí eile nach bhfuil páirteach inti.

Ós rud é nach raibh i réaltbhuíon na Meá sa tseanré ach roinn na Maighdine (mar scálaí) agus, roimhe sin, roinn na Scairpe (mar theanchair), ní raibh aon bhaint ag an réaltbhuíon seo le comharthaí eile an stoidiaca. Seans go gcuirtí an tAoire ina áit, óir is é sin an réaltbhuíon is giorra don éiclipteach i gceantar seo na spéire.

Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann comhartha astralaíoch na Meá (Meán Fómhair 23 - Deireadh Fómhair 22) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin leis an Meá le dúil chlasaiceach an Aeir, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir í (i dteannta an Uisceadóra agus an Chúpla). Is ceann í freisin de na ceithre chomhartha chairdinéalta (i dteannta an Reithe, an Phortáin, agus an Ghabhair). Is é an Reithe is frithchomhartha polach léi. Is í an Mheá áitreabh Véineas agus ardú Shatairn.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn seo mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Mheá leaba an duáin agus na baill ghiniúna inmheánacha. Ar ndóigh, is í an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an mheá í féin. I measc tréithe na Meá áirítear: áilleacht sa chorp, collaíocht thréan, mothú ealaíonta, stuaim is scil thaidhleoireachta, agus mothú dúchais cothroime is cóimheá. Os a choinne sin, bíonn lucht na Meá an-bhreithiúnach go minic.

Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad: Julie Andrews, Hannah Arendt, Brigitte Bardot, Monica Bellucci, Chuck Berry, Toni Braxton, Jimmy Carter, Miguel de Cervantes, John Coltrane, Aleister Crowley, Matt Damon, Catherine Deneuve, Denis Diderot, Michael Douglas, T S Eliot, John Entwistle, William Faulkner, Larry Fine, F Scott Fitzgerald, Michel Foucault, Mahatma Gandhi, George Gershwin, Martin Heidegger, an Pápa Eoin Pól I, Buster Keaton, John Lennon, Franz Liszt, Louis XIII na Fraince, Louis-Philippe na Fraince, Auguste agus Louis Lumière, Groucho Marx, Lord Nelson, Friedrich Nietzsche, Lee Harvey Oswald, Gwyneth Paltrow, Luciano Pavarotti, an Pápa Pól VI, Arthur Rimbaud, Eleanor Roosevelt, Susan Sarandon, Paul Simon, Edmund Stoiber, Margaret Thatcher, Jean-Claude Van Damme, Gore Vidal, Virgil, Naomi Watts, Oscar Wilde, Kate Winslet, Sigourney Weaver, Catherine Zeta-Jones agus Vladímír Pútín

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir