Pápa Pól VI

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pápa Pól VI
Giovanni Battista Enrico Antonio Maria Montini
Pope Paul VI. 1967.jpg
Tús a Réimis 1963
Deireadh a Réimis 1978
Réamhtheachtaí Eoin XXIII
Comharba Eoin Pól I
Sonraí pearsanta
Dáta Breithe 26 Meán Fómhair, 1897
Áit Breithe Concesio, An Iodáil
Dáta Báis 6 Lúnasa, 1978
Áit Bháis Castel Gandolfo, An Iodáil

Bhí Pól VI mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach idie 1963 agus 1978. Rugadh é i mBrescia i dtuaisceart na hIodáile i 1897. Ba é Giovanni Battista Montini an ainm breithe aige. Chuaigh sé don chliarscoil i 1916 agus oirníodh é ina shagart i 1920. Bhí céimeanna aige ón Ollscoil Greagóireach, Ollscoil na Róimh agus an Acadamh Uasail. Chaith sé chuid mhaith dá shagartóireach mar maorlathaí sa Churia Rómhánach agus bhí sé ag obair díreach faoin bPápa Pius XII ar feadh roinnt bliana sula cheapadh é mar Ardeaspag Milano agus Cairdinéal. Thogadh é mar phápa tar éis bháis Eoin XXIII i 1963 le linn an Dára Comhairle Vatacáine.

Breathnaíodh ar Phól mar liobráileach ar dtús nuair a sheol sé isteach athraithe liotúirgeacha tar éis an Chomhairle. Chuireadh deireadh leis an tAifreann Laidineach ar feadh seal agus tógadh isteach Aifreann Phóil VI i dteangacha na ndaoine. Ach i 1968 sheol sé an tréad litir Humanae Vitae ar bhfrithginiúint a chur mór-chuid de Chaitlicigh liobráileach ina choinneadh ó shin amach. Ba é an chéad pápa a chuaigh ar cuairteanna thaobh amuigh den Iodáil agus chuir sé suim i gcúrsaí éiciúiméanach, ag castáil ar an Ardathair Athenagoras I (Ardathair Éiciúméanach agus ceannaire na hEaglaise Cheartchreidmheach Ghréagach).

Armas