Matt Damon
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Matt Damon | |
|---|---|
| Matt Damon sa bhliain 2007 | |
| Ainm breithe | Matthew Paige Damon |
| Breith | 8 Deireadh Fómhair, 1970 |
| Cambridge, Massachusetts | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gníomhach | 1988 - anois |
| Gradaim | 1 Gradam an Acadaimh 1 Golden Globe |
| Céile | Luciana Bozán Barroso (2005–inniu) |
Is aisteoir agus scríbhneoir Meiriceánach é Matthew Paige Damon, a rugadh ar an 8 Deireadh Fómhair 1970 i gCambridge, Massachusetts. Tá Gradaim an Acadaimh buaite aige i gcomhair a scríbhneoireacht sa scannán Good Will Hunting. B'é Mystic Pizza (1988) an chéad scannán mór ina raibh sé, ach ní raibh ach líne amháin aige. Tháinig clú mór ar Matt leis na scannáin Geronimo: An American Legend agus Good Will Hunting chomh maith leis na sraith Bourne agus Ocean's. Tá Damon pósta le Luciana Bozan Barroso agus tá beirt chailín acu.
Clár ábhair |
Tús a shaoil[athraigh]
Rugadh Matt Damon i gCambridge, Massachusetts. Tá deartháir aige, Kyle, atá ina ealaíontóir.[1] Bhí seisean agus a theaghlach ina gcónaí i Newton ach, tar éis colscaradh a thuismitheoirí, bhog sé agus a dheartháir go dtí Cambridge lena máthair. D'éirigh sé aníos le Ben Affleck in aice láimhe, cara dílis dó agus comhoibrí ar chúpla scannáin.[2]
D'fhreastail Damon ar Ollscoil Harvard sna blianta 1988 go 1992 ag déanamh staidéir ar an mBéarla. Ghlac sé páirt sa drámaíocht mic léinn, ag taispeáint i ndrámaí cosúil le Burn This in Winthrop House agus A... My Name is Alice. Níor chríochnaigh sé an clár, áfach, mar shocraigh sé chun a shlí bheatha a bhaint amach mar aisteoir.
Slí bheatha[athraigh]
An tús[athraigh]
A chéad páirt sa scannán ná páirt le líne amháin sa Mystic Pizza sa bhliain 1988. I rith a oideachais i Harvard, fuair sé páirteanna bheaga sa scannáin cosúil le School Ties. Sa bhliain 1992, áfach, fuair sé páirt mhór sa scannáin Geronimo: An American Legend le Gene Hackman agus Jason Patric. Níos déanaí, bhí air 40 punt a chailleadh chun páirt mar saighdiúir atá gafa le óipiam sa scannán Courage Under Fire.
I rith na 90í, scríobh Damon agus Affleck script agus, tar éis cúpla athruithe, d'éirigh an script ina scannáin, Good Will Hunting (1997). Bhain siad cáil amach mar gheall air, fuair an scannán naoi ainmniúchán Gradaim an Acadaimh agus bhuaigh an beirt Oscair don Bunscript Scannáinn is Fearr. Bhuail Steven Spielberg le Damon, agus é ag scannánú Good Will Hunting, agus thug sé an príomhpháirt dó sa scannán an Dara Cogaidh Domhanda, Saving Private Ryan (1998).
Hollywood[athraigh]
Bhain Matt Damon cáil amach as a bhua aisteoireacht. D'éirigh leis páirteanna difriúla a imirt go han-mhaith, mar an frithlaoch Tom Ripley sa The Talented Mr. Ripley (1999) agus mar Loki, iar-aingeal báis atá dibeartha ó na bhFlaithis leis a chara Bartelby, léirithe le Affleck, sa Dogma (1999).
Scannáin[athraigh]
| Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
|---|---|---|---|
| 1988 | Mystic Pizza | Steamer | |
| 1992 | School Ties | Charlie Dillon | |
| 1993 | Geronimo: An American Legend | Lt. Britton Davis | |
| 1996 | Glory Daze | Edgar Pudwhacker | Caimeo |
| Courage Under Fire | Saineolaí Ilario | ||
| 1997 | Good Will Hunting | Will Hunting | |
| The Rainmaker | Rudy Baylor | ||
| Chasing Amy | Shawn Oran | Caimeo | |
| 1998 | Rounders | Mike McDermott | |
| Saving Private Ryan | Pvt James Francis Ryan | ||
| 1999 | The Talented Mr. Ripley | Tom Ripley | |
| Dogma | Loki | ||
| 2000 | Finding Forrester | Steven Sanderson | Caimeo |
| All the Pretty Horses | John Grady Cole | ||
| The Legend of Bagger Vance | Rannulph Junuh | ||
| Titan A.E. | Cale Tucker | Guth | |
| 2001 | The Majestic | Luke Trimble | Guth |
| Ocean's Eleven | Linus Caldwell | ||
| Jay and Silent Bob Strike Back | Féin | Caimeo | |
| 2002 | Confessions of a Dangerous Mind | Matt, fear singil #2 | Caimeo |
| The Bourne Identity | Jason Bourne | ||
| Spirit: Stallion of the Cimarron | Spirit | Guth | |
| Gerry | Gerry | ||
| 2003 | Stuck on You | Bob Tenor | |
| 2004 | Howard Zinn: You Can't Be Neutral on a Moving Train | Tráchtaire | Guth |
| Ocean's Twelve | Linus Caldwell | ||
| The Bourne Supremacy | Jason Bourne | ||
| Jersey Girl | PR Exec #2 | Caimeo | |
| Eurotrip | Donny | Caimeo | |
| 2005 | Syriana | Bryan Woodman | |
| The Brothers Grimm | Will (Wilhelm) Grimm | ||
| 2006 | The Good Shepherd | Edward Wilson | |
| The Departed | Colin Sullivan | ||
| 2007 | Ocean's Thirteen | Linus Caldwell | |
| The Bourne Ultimatum | Jason Bourne | ||
| Youth Without Youth | Ted Jones | Caimeo | |
| Arthur | Féin | Guth | |
| 2008 | Che: Part Two | Fr. Schwarz | Caimeo |
| 2009 | Ponyo | Koichi | Guth (leagan Béarla) |
| The Informant! | Mark Whitacre | ||
| Invictus | Francois Pienaar | ||
| 2010 | Green Zone | Chief Warrant Officer Roy Miller | |
| 30 Rock | Carol | Sraith teilifíse (epeasóid: "I Do Do") | |
| The Adjustment Bureau | David Norris | iar-léiriúchán | |
| Hereafter | George | iar-léiriúchán | |
| True Grit | LeBoeuf | iar-léiriúchán |
Tagairtí[athraigh]
- ↑ http://www.time.com/time/magazine/article/0,9171,36294-1,00.html
- ↑ http://www.nydailynews.com/archives/entertainment/1998/03/22/1998-03-22_two_hollywood_prizefighters_.html
Naisc sheachtracha[athraigh]
- Matt Damon ar an IMDb
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |