Lee Harvey Oswald

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oswald faoi ghlas i nDallas.

B'é Lee Harvey Oswald (18 Deireadh Fómhair, 193924 Samhain, 1963) an duine a bhí cúisithe as feallmharú John F. Kennedy, 35ú Uachtarán na Stát Aontaithe ar 22 Samhain 1963, i nDallas, Texas. De réir an Chomisiúin Warren, mharaigh Oswald freisin an póilín J. D. Tippit ar an lá céanna. Mharaigh Jack Ruby Oswald féin ar 24 Samhain.

Bíonn díospóireacht agus argóint ar siúl i gcónaí faoin eachtra seo, faoi na sonraí agus na cúiseanna. Dúirt Oswald féin nach raibh sé ach ina cheap milleáin, agus níor mharaigh sé éinne ar chor ar bith. Rialaigh an House Select Committee on Assassinations (HSCA), a chruinnigh idir 1976 agus 1979, go raibh Oswald ciontach. Ach, mhaígh siad freisin go raibh Oswald páirteach i dteoiric comhcheilge. Sa bhliain 2002, níor cheap ach 32% de na Meiriceánaigh go ndearna Oswald an jab ina aonar.