An Chros

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Chros

an Chros

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Crux
Ginideach Laidine Crucis
Nod Cru
Siombalaíocht Cros an Deiscirt
Dronairde 12 h
Diallas −60°
Achar 68 céim cearnach
Rangú: 88ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gile Becrux (β Cru)
(méid 1.25)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine
Acrux (α Cru) ar méid comhtháite 0.87, ach is déréalta í a bhfuil a dhá chomhbhall ar méid 1.3 agus 1.8 faoi seach

an Chros, dá ngairtear go coitianta Cros an Deiscirtan Chros Theas, ar an gceann is lú de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha (i gcontrárthacht le Cros an Tuaiscirt), ach tá sí ar cheann de na réaltbhuíonta is cáiliúla freisin. Is é Crux, nó Crux Australis, a thugtar mar ainm Laidine uirthi, rud a chiallaíonn cros, nó cros an deiscirt. Tá réaltbhuíon an Cheinteáir ar thrí thaobh di agus réaltbhuíon na Cuileoige ar an taobh theas di.

In aghaidh bharúil choitianta na ndaoine, ní os comhair an Bhéir Mhóir atá an Chros. Sa teochrios, áfach, bíonn an dá chuid le chéile le feiceáil sa spéir ag an am céanna i rith mhí Aibreáin is mhí an Mheithimh - an Chros thíos ó dheas agus an Béar Mór thíos ó thuaidh. Is amhlaidh go bhfuil an Chros díreach os comhair Chaiseoipé, agus mar sin de ní féidir an dá chuid le chéile a fheiceáil sa spéir ag an am céanna. Tá an Chros timpholach i leithead 34&deg ó dheas agus in áiteanna atá níos faide ó dheas ná sin - is é sin le rá, ní théann sí faoi choíche.

Ós rud é go bhfuil réalta theas shoiléir in easnamh ar an leathsféar neamhai theas (is í Sigma Octantis an réalt is gaire don phol, ach tá sí siúd chomh doiléir sin nach mbíonn aon mhaith inti mar réalta theas), baintear úsáid go coitianta as dhá réalta de chuid na Croise (Alfa agus Gamma, dá ngairtear Acrux agus Gacrux faoi seach) chun an pol neamhaí theas a aimsiú. Ag leanúint den líne idir an dá réalta sin, má chuirfear a fad faoi 4.5 léi bainfear amach an Pol Neamhaí Theas, nó pointe i ngar dó. De rogha air sin, má tharraingeofar líne go hingearach idir α Centauri (Toliman nó Rigel Kent) agus β Centauri (Agena), taispeánfaidh an pointe mar a dtrasnóidh an líne seo agus an líne luaite san alt roimhe seo an Pol Neamhaí Theas.

Má bhaintear úsáid as an gCros chun an Pol Neamhaí Theas a aimsiú, bítear cúramach gan an astaireacht dá ngairtear an Chros Bhréige a thógáil in abhraíocht na Croise.


Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]


Stair[athraigh | edit source]

De bharr luainíocht na gcónocht, bhíodh réaltaí na Croise infheicthe ón gceantar Meánmhuirí i rith an tSeansaoil; agus mar sin de bhí eolas ag na réalteolaithe Sean-Ghréagacha ar na réaltaí siúd. Ní aithnítí, áfach, mar réaltbhuíon ina ceart féin í, ach mar roinn an Cheinteáir.

Cuirtear ceapadh na Croise mar réaltbhuíon aonair i leith an réalteolaí Fhrancaigh Augustin Royer, sa bhliain 1679; ach d'aithnítí mar chros í i bhfad roimhe sin.

Tá na cúig réalta is gile de chuid na Croise (α, β, γ, δ agus ε Crucis) le feiceáil ar bhratacha na hAstráile, na Brasaíle, Nua-Ghuine Phapua agus Shamó, chomh maith le Ceantar Magallanes na Sile. Tá siad le feiceáil chomh maith ar roinnt de bhratacha na státaí is dúichí Astrálacha: is iad sin Victoria, Críoch Phríomhchathair na hAstráile agus Críoch an Tuaiscirt. Tá na ceithre réalta is gile (gan epsilon a chur san áireamh) le feiceáil ar bhratach na Nua-Shéalainne agus ar bhratach Mercosur (crios trádála i Meiriceá Theas). Tá an Chros le feiceáil chomh maith ar armas na Brasaíle. Tá leagan stílithe na Croise ar Bhratach Eureka a ceapadh mar gheall ar éirí amach san Astráil sa bhliain 1854.

Naisc le hábhar eile a bhaineann leis an gCros[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir