An Gabhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Gabhar

an Gabhar

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Capricornus
Ginideach Laidine Capricorni
Nod Cap
Siombalaíocht an Gabhar adharcach
Dronairde 21 h
Diallas −20°
Achar 414 céim cearnach
Rangú: 40ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gile Deneb Algedi (δ Cap)
(méid 3.0)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +60° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair

an Gabhar ar cheann de réaltbhuíonta an stoidiaca. Capricornus an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaionn gabhar adharcach. Tugtar Gabhar na Mara air go coitianta, óir tá sé suite i gceantar na spéire dá ngairtear an Mhuir. Tá an Gabhar ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus tá sé ar cheann freisin de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. De réir a theorainneacha nua-aimseartha, tá sé teorainn ar theorainn le réaltbhuíonta an Iolair, an tSaighdeora, an Mhicreascóip, Iasc an Deiscirt agus an Uisceadóra.

Seachas an Portán, tá an réaltbhuíon seo ar an gceann is doiléire dá bhfuil ar an stoidiaca. Tá a réaltaí is gile lonnaithe ar thriantán arb iad Giedi (α), Deneb Algedi (δ), agus ω Capricorni a thrí rinn.


Príomhghnéithe[athraigh | edit source]


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]


Stair[athraigh | edit source]

D'ainneoin a dhoiléire, tá an réaltbhuíon seo ar na cinn is sine a d'aithníodh, murab eisean an ceann is sine. Ós rud é go bhfuil sé suite i gceantar na spéire dá ngairtear an mhuir, mheastaí mar ghabhar mara é (i gciall chéanna an fhocail maighdean mhara). Thángthas ar phictiúir de ghabhar nó de ghabhar-iasc ar tháibléid na Baibealóine a théann siar trí mhíle bliain. San am sin, is amhlaidh go mbíodh an ghrian i réaltbhuíon an Ghabhair le linn ghrianstad an gheimhridh sa leathsféar tuaisceartach, agus é seo is cúis le hársaíocht na réaltbhuíne. Is dócha gurbh an-tábhachtach é breathnú réalteolaíoch is astralaíoch cheantar seo na spéire mar gheall ar imní faoi athbhreith na gréine.

Ar an ábhar céanna, tugtar Trópaic an Ghabhair ar shuíomh is faide ó dheas na gréine ag am ghrianstad an gheimhridh sa leathsféar tuaisceartach. Cuireann an focal seo in iúl freisin an líne sin ar dhromchla an domhain mar a mbíonn an ghrian díreach lastuas sa spéir ar mheán an lae sin.

Toisc gur chreid na Sean-Ghréagaigh gur charn peaca i rith na bliana, ag tabhairt ar an dorchadas méadú, i dteannta le hísliú na gréine agus a stad ag am an ghrianstad, ghair siad de cheantar seo na spéire Stábla Áigéis, áit, dar leo, a gcuirtí an ghrian ar stábla i rith na bliana. Ní fios faoi láthair cad is cúis leis an gceangal seo idir an réaltbhuíon agus an t-ainm Augeas, cibé acu áit nó duine a bhí i gceist. I rith ré chlasaiceach stair na Gréige, áfach, ghabh an t-ainm seo as úsáid de réir a chéile.

De bharr luainíocht na gcónacht, ní tharlaíonn grianstad an gheimridh a thuilleadh le linn don ghrian a bheith sa Ghabhar, ach tosaíonn an tréimhse astralaíoch dá ngairtear an Gabhar thart ar an am céanna a tharlaíonn an grianstad.

D'fhionn an réalteolaí Gearmánach Johann Galle an pláinéad Neiptiún sa réaltbhuíon seo, agus é in aice le Deneb Algedi (δ Capricorni) ar Meán Fómhair 23, sa bhliain 1846.

Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, ionannaítear an réaltbhuíon seo uaireanta le hAmailtia, an gabhar a thug an cíoch don leanbh Séas tar éis dá mháthair Ria é a shabháil ar a ithe ag a athair Cronas. Rinneadh corn na bhfuíoll nó na flúirse d'adharc bhriste an ghabhair. De réir cúpla foinse ón seansaol, tagann an scéal seo ó "dheoladh éigin a chaitheamh" don ghrian le linn di a bheith sa réaltbhuíon faoi choinne a haisardaithe ó thuaidh.

Léirítear an réaltbhuíon go coitianta, áfach, mar ghabhar na mara, sin le rá mar ghabhar a bhfuil ruball éisc air. De réir miotais amháin, nuair a bhí an phiast Tíofón ag ionsaí an ghabhar-dhia Pan, thum an dia isteach sa Níl; a ranna a bhí os cionn an uisce, d'fhan siad ina ngabhar; ach a ranna a bhí faoin uisce, rinneadh iasc díobh.

Sa tSuiméir, bhaineadh an réaltbhuíon leis an dia EaEnki, a thug cultúr is saoithiúlacht amach as an bhfarraige chun an chine daonna.

Comhcheanglaíodh an réaltbhuíon, i dteannta leis a seanainm Gréigise, agus smaointe eagsúla faoi pheaca; agus seans go léiríonn réaltbhuíon an Uisceadóra, dá ndúradh gur dhoirt sé amach abhainn, bunús mhiotas Stáblaí Aigéis, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Tá an réaltbhuíon lonnaithe i gceantar na spéire dá ngairtear an Mhuir nó an tUisce, a chuimsíonn go leor réaltbhuíonta uisciúla mar an Uisceadóir, na hÉisc, agus an Abhainn.

Astralaíocht[athraigh | edit source]

Baineann comhartha astralaíoch an Ghabhair (Nollaig 22-Eanáir 19) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.

De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an nGabhar le dúil chlasaiceach na Cré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (i dteannta an Tairbh agus na Maighdine). Tá sé freisin ar cheann de na ceithre chomhartha Chairdineálta (i dteannta na Meá, an Reithe, agus an Phortáin). Is é Satarn is pláinéad ceannasach leis, agus is é an Portán is frithchomhartha polach leis.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Gabhar na glúine, na cnámha, agus an craiceann. Is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná leath thosaigh gabhair ceangailte le leath dheiridh éisc. I measc tréithe an Ghabhair áirítear: cumas ar airgead a thuilleamh agus a riar, mothú láidir freagrachta, dílseacht, mothúcháin shocra fhuarchúiseacha, agus mothú aireach.

Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir