Maighdean mhara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
A Mermaid - Olaphictiúr le John William Waterhouse (1901)

Maighdean mhara a thugtar ar chréatúr ar leath mná agus leath éisc í. Murúch a thugtar uirthi i nGaeilge na Mumhan.

Ón gcoim aníos, is bean í an mhaighdean mhara, ach ón gcoim síos, is iasc í. De réir traidisiúin eile, tá riocht róin ar mhurúcha de ghnáth, ach tagann riocht duine orthu tar éis dóibh cochall draíochta a bhaint díobh féin. Tá bua an cheoil ag na murúcha, agus is binn iad na hamhráin a chanann siad. Ar an drochuair, tá feall ina gcuid ceoil, mar baineann na maighdeana mara úsáid as na hamhráin chun bádóirí agus daoine eile a mhealladh isteach san fharraige, áit a mbáitear iad.

Cé gur cuireadh básanna bádóirí ina leith, tá cuid mhaith scéalta ann a thaispeánann cion ar agus dáimh leis na murúcha, nó ar a laghad leis na maigheana mara sin a mealladh ar an talamh. De réir an bhéaloidis, déantar bean iomlán de mhurúch má ghoidtear a cochall draíochta. Is iomaí maighdean mhara a pósadh ar fhear cladaigh tar éis don fhear an cochall a ghoid ar an maighdean mhara. Cé go bhfuil cosa daonna ag an murúch in easpa an chochaill, baineann pianta fíochmhara leis an siúl i gcónaí, agus bíonn cumha uirthi i ndiaidh an tsaoil faoi thoinn. Cuireann cúpla hamhrán sean-nóis síos ar an gcumha seo, agus pléann sraith dánta sa leabhar Cead Aighnis le Nuala Ní Dhomhnaill an téama. Ba gheis do mhuintireacha áirithe rónta a mharú toisc gur creideadh gur ó mhurúch a shíolraigh an mhuintir.