Andraiméide (réaltbhuíon)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Andraiméide (réaltbhuíon)
Andraiméide
Andraiméide
Ainm Laidine (IAU)Andromeda
NodAnd
Ginideach LaidineAndromedae
SiombalaíochtAndraiméide, an Mhaighdean Chuibhrithe
Dronairde1 h
Diallas+40°
Achar722 céim cearnach
Céim 19ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gileAlpheratz (α And)
(méid 2.1)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr

Is é Andraiméide (nó Andromeda i mBéarla) an réaltra bíseach is giorra dár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, agus meastar go bhfuil thart ar thrilliún réalta ann.[1] Agus tá breis agus 100 billiún réaltra ar nós Andromeda sa chruinne ar fad, is cosúil.[2]

Réaltbhuíon í Andraiméide atá ainmnithe as an mbanphrionsa Andraiméide (a chiallaíonn sa teanga Ghréagach Rialtóir thar fir), carachtar i miotaseolaíocht na Gréige. I dtuaisceart na spéire atá an réaltbhuíon seo, in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus tá scothchosúlacht litreach "A" fada streachlánaí doiléire uirthi. Is é an clú is mó atá uirthi ná go bhfuil Réaltra Andraiméide istigh inti.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mirach: Mirach, nó "an crios", an t-ainm a thugtar ar β And. 88 solasbhliain i bhfad uainn atá sí, agus ar amharcmhéid 2.1.
  • Almach: tá γ Andromedae, nó Almach, suite ar rinn an chosa theas den "A" mór. Is ilréalta álainn í le dathanna in imeartas le chéile.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • M31: is é an réad domhainspéire is cáiliúla in Andraiméide ná M31, Réaltra Andraiméide, ceann de na réada is faide amach uainn atá infheicthe ag an tsúil fhornocht. Réaltra bíseach ollmhór atá ann, cosúil leis an réaltra s’againne. Chun an réaltra seo a aimsiú, tarraing líne idir β agus μ Andromedae, agus ansin cuir a fhad eile nó mar sin leis ó μ.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má chuirtear san áireamh réaltóga níos doiléire, ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, déanann scothchosúlacht banchipínigh den réaltbhuíon, le crios feiceálach (cosúil leis an gceann atá ag réaltbhuíon an Bhodaigh), agus rud éigin fada greamaithe de leathlámh aici, faoi mar banlaoch atá inti agus í ag beartú claímh. Is dócha go mbaineann an deilbh seo, i dteannta réaltaí eile i gcomhartha stoidiacach an Reithe (a chuimsíonn an Phléadach) agus páirt de réaltbhuíon na nIasc, le bunús mhiotas chrios Hipilité, a bhfuil baint aige le Dhá Shaothar Déag Earcail.

Os a choinne sin, trí réaltóga níos doiléire fós a chur san áireamh, réaltóga atá infheicthe ag an tsúil fhornocht, síneann an greamú i dtreo eile agus cuirtear ar an réaltbhuíon cosúlacht maighdine, agus í cuibhrithe agus ag coraíocht faoi mar atá sí ag iarraidh éalú [1] Curtha i gcartlann 2006-08-24 ar an Wayback Machine. I dteannta réaltbhuíonta eile in aice láithreach (Ceiféas, Peirséas, Caiseoipé, agus b’fhéidir Peigeasas), agus réaltbhuíon an Mhíl Mhóire faoi Andraiméide), is dócha gurb é seo bunús mhiotas Mhaíomh Chaiseoipé, a mbaineann go coitianta leis.


Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • 21/α And 2.06: AlpheratzAlpheratAl'faretAl'feratsSirrahSirahSirrakh
    < سرة الفرس surrat[u] al-faras = Imleacán an Eich (.i. Imleacan na Lárach)
  • 43/β And – 2.07: MirachMerachMiracMirakMirakhMerakMirarMirathMiraxEl MizarAl Mizar
    < ? al-maraqq = na hÁranna
  • 57/γ And 2.26: AlmachAlmaakAlamakAlmakAlmaachAlamacAl'mak
    < ? ؟ الارض al-canāq al-arđ̧ = Meannán an Domhain
    réalta dhúbailte; γ1 (2.26) agus γ2 (4.84)
  • 42/φ And 4.26: Keun Nan Mun
    < 軍南門 Mandarin: jūnnánmén = Geata Theas an Champa
  • 46/ξ And 4.88: Adhil
    < الذيل að-ðayl = an Triopall (go litriúil an Eireaball)
  • 52/χ And 5.01: Keun Nan Mun
    < 軍南門 Mandarin: jūnnánmén = Geata Theas an Champa
    Nod leatsa go bhfuil an t-ainm céanna ar φ Andromedae


Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
21/α And 2.06; 43/β And 2.07; 57/γ1 And 2.26; 57/γ2 And 4.84; 31/δ And 3.27; 30/ε And 4.37; 34/ζ And 4.06; 38/η And 4.42; 24/θ And 4.61; 17/ι And 4.29; 19/κ And 4.14; 16/λ And 3.82; 37/μ And 3.87; 35/ν And 4.53; 46/ξ And 4.88; 1/ο And 3.62; 29/π And 4.36; 27/ρ And 5.18; 25/σ And 4.52; 53/τ And 4.94; 50/υ And 4.09; 42/φ And 4.25; 52/χ And 4.98; 20/ψ and 4.95; 48/ω And 4.83;
Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
1/ο And 3.62; 2 And 5.10; 3 And 4.65; 4 And 5.33; 5 And 5.70; 6 And 5.94; 7 And 4.52; 8 And 4.85; 9 And 6.00; 10 And 5.79; 11 And 5.44; 12 And 5.77; 13 And 5.75; 14  And 5.22; 15 And 5.59; 16/λ And 3.82; 17/ι And 4.29; 18 And 5.30; 19/κ And 4.14; 20/ψ And 4.95; 21/α And 2.06; 22 And 5.03; 23 And 5.72; 24/θ And 4.61; 25/σ And 4.52; 26 And 6.11; 27/ρ And 5.18; 28 And 5.18; 29/π And 4.36; 30/ε And 4.37; 31/δ And 3.27; 32 And 5.33; 34/ζ And 4.06; 35/ν And 4.53; 36 And 5.47; 37/μ And 3.87; 38/η And 4.42; 39 And 5.98; 41 And 5.03; 42/φ And 4.25; 43/β And 2.07; 44 And 5.65; 45 And 5.81; 46/ξ And 4.88; 47 And 5.58; 48/ω And 4.83; 49 And 5.27; 50/υ And 4.09; 51 And 3.57; 52/χ And 4.98; 53/τ And 4.94; 55 And 5.40; 56 And 5.67; 57/γ1 And 2.26; 57/γ2 And 4.84; 58 And 4.82; 59 And 6.10; 60  And 4.83; 62 And 5.30; 63 And 5.59; 64 And 5.19; 65 And 4.71; 66 And 6.12;
Réaltaí suntasacha eile:

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NÓS. "Tá sé seo ar na grianghraif is mó riamh Cuirfidh sé do sheacht iontais ort" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  2. Daveachuk ar Youtube. "Gigapixels of Andromeda [4K]". Dáta rochtana: 2020.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir