An Madra Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Madra Mór

an Madra Mór

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Canis Major
Ginideach Laidine Canis Majoris
Nod CMa
Siombalaíocht an Madra Mór
Dronairde 7 h
Diallas −20°
Achar 380 céim cearnach
Rangú: 43ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
5
Réalta is gile Sirius (α CMa)
(méid −1.46)
Dreigecheathanna

Dada

Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +60° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra

an Madra Mór ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Canis Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an madra is mó. Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Bhig, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist. Tá Sirius, an réalt is gile ar spéir na hoíche, sa réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus tá an réalta sin ar cheann de thrí rinn Thriantán an Gheimhridh chomh maith.

Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

  • α CMa: cés moite den Ghrian, tá alfa-réalt an Mhadra Mhóir, Sirius, ar an réalt is gile faoi mar a fheictear ón Domhan í. Tá sí ar cheann chomh maith de na réaltaí is gaire dúinn (8.7 solasbhliain). Tugtar Réalt an Mhadra uirthi uaireanta; "loiscneach" a chiallaíonn an t-ainm Sirius


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]


Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

D'aithnítí an réaltbhuíon seo ag muintir an tseansaoil leis na cianta. San Eoraip i rith na ré clasaicí, léiríodh sé Laelaps, cú Acteon; nó uaireanta cú Procris, nimfeach Dhiána; nó an ceann a thug An Aróir do Chafalas, a bhí chomh cáiliúil sin ar son a luais gur ardaigh Séas aníos ar neamh é. Go coitianta, is é madra fiaigh Oiríon é Canis Major (nó b'fhéidir an réalt Sirius amháin), ar lorg an Ghiorria nó ag cabhrú le hOiríon agus é ag troid leis an Tarbh; agus is mar seo a luaití é i saothair Arátais, Hóiméir agus Héisiad. Dhéanadh na Sean-Ghréagaigh tagairt d'aon mhadra amháin, ach faoi ré na Rómhánach, tháinig an Madra Beag ar an láthair mar mhadra eile Oiríon.

De réir mhiotaseolaíocht na Róimhe, déantar tagairt don Mhadra Mór mar Custos Europae, sin le rá an madra a bhí ag faire Eorópa (ach theip air, mar d'fhuadaigh Iúpatar faoi ghné tairbh í); agus faoi dheireadh mar Ianitor Lethaeus nó Ceirbearas, is é sin le rá gadhar faire Ifrinn.

Ag brath ar an méid doiléire a chuirtear san áireamh, tá dealramh ag an Madra Mór le gadhar agus é ag tabhairt a aghaidh ar an taobh thuaidh nó ar an taobh theas den éiclipteach. De réir mhiotaseolaíocht na Sean-Gréige, agus an madra seo ag tabhairt a aghaidh ó dheas, cheaptaí uaireanta gur mhadra décheannach a bhíodh ann, ós rud é go bhféachtaí ar Sirius mar mhadra ina cheart féin. Maidir leis sin, b'fhéidir go bhfuil baint éigin ag an réaltbhuíon seo, i dteannta cheantar sin na spéire nach bhfuil aon réaltaí gile ann (a áirítear anois mar réaltbhuíonta nua an-dhoiléire an tSioráif agus na Lincse) agus i dteannta rann eile de chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. Bealach na Bó Finne, an Cúpla, an Bodach, an tAra agus an Madra Beag), le bunús mhiotas bhólacht Ghéaróin, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir