An Tábla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Tábla
an Tábla
an Tábla
Ainm Laidine (IAU)Mensa
NodMen
Ginideach LaidineMensae
Siombalaíochtan Bord
Dronairde6 h
Diallas−78°
Achar153 céim cearnach
Céim 75ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Men
(méid 5.09)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr

an Tábla ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Ba é an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh sna blianta 1751-52 é. Mons Mensae (a chiallaíonn "sliabh an tábla") an t-ainm Laidine a thug sé ar dtús air, i gcuimhne Shliabh an Tábla san Afraic Theas, áit a ndearna sé a chuid oibre breathnaithí.

Is réaltbhuíon an-doiléir é an Tábla – an ceann is doiléire, déanta na fírinne – gan aon réaltaí geala i measc a chuid réaltaí, ach tá píosa de Scamall Mór Magellan le feiceáil air (agus an chuid eile ar réaltbhuíon an Cholgáin). Deirtear go bhfuil an Scamall neamhaí cosúil leis an "Éadach boird" mar a deirtear leis, sin le rá scamall bán a bhíonn le feiceáil anois is arís os cionn Shliabh an Tábla.

Tugtar Mensa mar ainm Laidine ar an Tábla sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn "tábla".

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Tábla. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Tábla ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

Montagne de la Table ("Sliabh an Tábla") an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. Mons Mensae ("Sliabh an Tábla") an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, ach giorraíodh an t-ainm sin go Mensa idir sin is tráthas, agus is é seo an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Tábla go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmnithe Bayer orthu:
α Men 5.08; β Men 5.30; γ Men 5.18; δ Men 5.67; ε Men 5.54; ζ Men 5.61; η Men 5.47; θ Men 5.45; ι Men 6.04; κ Men 5.46; λ Men 6.54; μ Men 5.53; ν Men 5.78; ξ Men 5.84; π Men 5.65
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Flamsteed orthu:
31 Men 6.18

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir