An Tarbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Tarbh

an Tarbh

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Taurus
Ginideach Laidine Tauri
Nod Tau
Siombalaíocht an Tarbh
Dronairde 4 h
Diallas 15°
Achar 797 céim cearnach
Rangú: 17ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gile Aldebaran (α Tau)
(méid 0.9)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir

Is ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca é an Tarbh (♉). Taurus, a chiallaíonn tarbh, an t-ainm Laidine a thugtar air. Is réaltbhuíon mhór é an Tarbh, a shuíonn go feiceálach ar spéir an gheimridh idir an Reithe, atá ar an taobh thiar de, agus an Cúpla, atá ar an taobh thoir de; tá Peirséas agus an tAra suite ar an taobh thuaidh de; tá an Bodach ar an taobh thiar theas de; agus tá an Abhainn is an Míol Mór ar an taobh thoir theas de.

Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Tá adharca an Tairbh ag síneadh siar, léirithe ag Elnath (β Tau, atá páirteach de réir seanchais idir an Tarbh agus an Ara) agus ζ Tau.

Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]

  • M1: is réada eile é Réaltnéal an Phórtáin (M1), atá infheicthe trí theileascóp; iarsma ollnóva ar an taobh thoir thuaidh de ζ Tau atá ann. Bhí an pléascadh seo chomh geal sin gurbh fhéidir é a fheiceáil i lár an lae ghil. Aimsíodh ar 4 Iúil sa bhliain 1054 é ag lucht réalteolaíochta na Síne agus an Domhain Ioslamaigh, agus ag na hIndiach-Mheiriceánaigh (a bhreac síos ar a bpotaireacht é).

Réaltaí[athraigh | edit source]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • AldebaranCor TauriParilicium (87/α Tau) - 0.87
    < الدبران ad-dabarān an té atá sna sála [ag an bPléadach]
    < cor tauri croí an tairbh
  • El Nath [Alnath, Nath] (112/β Tau) 1.65
    < النطح an-naţħ (an adharc) ag tabhairt sonc
  • Tien KwanAlheka (123/ζ Tau) 2.97
    < 天關 tiānguān an mám neamhaí
    < :*: < ? al-haq'ah ?an spota bán
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
35/λ Tau 3.41; 49/μ Tau 4.27; 38/ν Tau 3.91; 2/ξ Tau 3.73; 1/ο Tau 3.61; 73/π Tau 4.69; 94/τ Tau 4.27; 59/χ Tau 5.38; 52/φ Tau 4.97; 42/ψ Tau 5.21; 50/ω Tau 4.93; 88/d Tau 4.25; 30/e Tau 5.08; 5/f Tau 4.14; 97/i Tau 5.08; 98/k Tau 5.79; 106/l Tau 5.28; 104/m Tau 4.91; 109/n Tau 4.96; 114/o Tau 4.88; 44/p Tau 5.39; 66/r Tau 5.10; 4/s Tau 5.14; 6/t Tau 5.76; 29/u Tau 5.34; 37/A1 Tau 4.36; 39/A2 Tau 5.90
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
7 Tau 5.95; 9 Tau 6.72; 10 Tau 4.29; 11 Tau 6.11; 12 Tau 5.55; 13 Tau 5.68; 14 Tau 6.13; 18 Tau 5.66; 24 Tau 6.3 ; 26 Tau 6.47; 31 Tau 5.66; 32 Tau 5.62; 33 Tau 6.05; 36 Tau 5.46; 40 Tau 5.32; 41 Tau 5.18; 43 Tau 5.51; 45 Tau 5.71; 46 Tau 5.29; 47 Tau 4.84; 48 Tau 6.31; 51 Tau 5.64; 53 Tau 5.50; 55 Tau 6.85; 56 Tau 5.34; 58 Tau 5.26; 60 Tau 5.72; 62 Tau 6.34; 63 Tau 5.64; 64 Tau 4.80; 67 Tau 5.27; 68 Tau 4.30; 70 Tau 6.44; 71 Tau 4.48; 72 Tau 5.53; 75 Tau 4.96; 76 Tau 5.90; 80 Tau 5.58; 81 Tau 5.47; 83 Tau 5.40; 84 Tau 6.28; 85 Tau 6.01; 89 Tau 5.78; 93 Tau 5.45; 95 Tau 6.18; 96 Tau 6.09; 99 Tau 5.79; 101 Tau 6.75; 103 Tau 5.50; 105 Tau 5.84; 108 Tau 6.26; 110 Tau 6.09; 111 Tau 5.00; 113 Tau 6.23; 115 Tau 5.40; 116 Tau 5.52; 117 Tau 5.77; 118 Tau 5.47; 119 Tau 4.32; 120 Tau 5.67; 121 Tau 5.37; 122 Tau 5.53; 125 Tau 5.18; 126 Tau 4.84; 129 Tau 6.00; 130 Tau 5.47; 131 Tau 5.72; 132 Tau 4.88; 133 Tau 5.28; 134 Tau 4.89; 135 Tau 5.54; 136 Tau 4.56; 137 Tau 5.60; 139 Tau 4.81; 141 Tau 6.36
Réaltaí suntasacha eile:
Réaltaí ar réaltbhraisle na Hyades:
Hyades < ‘Υάδες
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • Hyadum I [Prima Hyadum, Primus Hyadum] (54/γ Tau) 3.63
  • Hyadum II [Secunda Hyadum, Secundus Hyadum] (61/δ Tau) 3.77
  • AinOculus Borealus (74/ε Tau) 3.53
    < عين cain súil
    < oculus boreālus an tsúil thuaidh
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
77/θ1 Tau 3.84; 78/θ2 Tau 3.40; 102/ι Tau 4.62; 65/κ Tau 4.21; 86/ρ Tau 4.65; 91/σ1 Tau 5.08; 92/σ1 Tau 4.67; 69/υ Tau 4.28; 79/b Tau 5.02; 90/c1 Tau 4.27; 57/h Tau 5.58
Réaltaí ar réaltbhraisle na Pléadaí:
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • Alcyone (25/η Tau) – dúbailte 2.85, 8.3 < Αλκυώνη
  • Celaeno [Celeno] (16 Tau) 5.45 < Κελαινό
  • Electra (17 Tau) 3.72 < Ηλέκτρα
  • Taygeta [Taÿgete] (19/q Tau) 4.30 < Ταΰγετη
  • Maia (20 Tau) 3.87 < Μαία
  • Asterope < Αστεροπή
  • Sterope I (21 Tau) 5.64
  • Sterope II (22 Tau) 6.43
  • Merope (23 Tau) 4.14 < Μερόπη
  • Atlas (27 Tau) 3.62 < Άτλας
  • Pleione (28 Tau) 5.05 < Πληϊόνη

Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, is ionann an réaltbhuíon seo agus an riocht-tairbh a ndeaca Séas ann chun Europa banphrionsa Fhéiníceach a fhuadach; agus mar sin de ba é Taurus athair an Mhíonótáir. Mar sin, ós rud é gur gá ceantar na spéire dá ngairtear an Mhuir a thrasnú chun an Tarbh a shroicheadh ar dhul tríd an stoidiaca, bíonn baint éigin ag an réaltbhuíon seo le bunús mhiotas an Tairbh Chréataigh, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

De réir mhiotaseolaíocht na Measpatáime, áfach, tugadh MUL.GUD.AN.NA [gu4.an.na] ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn Tarbh na bhFlaitheasTarbh Anu. Ionannaíodh an réaltbhuíon leis an tarbh a raibh Gilgamesh ag troid leis.

Astralaíocht[athraigh | edit source]

Ní hionann comhartha astralaíoch an Tairbh a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Aibreán 20 - Bealtaine 20) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Bealtaine 14 - Meitheamh 19).

De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an Tarbh le dúil chlasaiceach an Cré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (mar aon leis an Maighdean agus an nGabhar). Is ceann é freisin de na ceithre chomhartha dhaingeana (i dteannta na Scairpe, an Leoin, agus an Uisceadóra). Is é an Scairp is frithchomhartha polach leis. Is é an Tarbh áitreabh Véineas agus ardú na Gealaí.

Dár ndóigh, is é an tarbh a mbaintear úsáid as mar shiombail an Tairbh.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Tarbh an muineál agus na guaillí.

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir